Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Taispeántas 40/40/40 – Éire a cheiliúradh san AE

Minister Hayes and Minister Creighton viewing some of the art work before the exhibition began its tour.

An tAire Hayes agus an tAire Creighton ag féachaint ar chuid den saothar ealaíona sula ndeachaigh an taispeántas ar chamchuairt.

Cuideoidh 40 ealaíontóir faoi 40 chun comóradh 40 bliain ó fuair Éire ballraíocht san Aontas Eorpach a cheiliúradh, tráth a dtabharfar cultúr comhaimseartha na hÉireann i láthair lucht féachana na hEorpa.

An 1 Eanáir 2013 bhí sé 40 bliain ó fuair Éire ballraíocht san AE. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar 40 bliain di ina ballstát den AE, d’eagraigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí (OPW) taispeántas d’ealaín chomhaimseartha na hÉireann agus chuathas ar camchuairt ar roinnt ionad mór le rá san Eoraip. ‌

Tá an taispeántas 40/40/40 comhdhéanta d’oibreacha ó Bhailiúchán Ealaíon an Stáit de chuid 40 ealaíontóir faoi 40 bliain d’aois, ar Éireannaigh iad nó atá bunaithe in Éirinn.

Léiríonn an taispeántas seo Éire atá óg, éagsúil, cruthaitheach agus muiníneach.

Áirítear ar an taispeántas, grianghraif, líníochtaí, dealbhóireacht agus péintéireacht chun ionadaíocht a dhéanamh ar éagsúlacht na gcleachtas amharcealaíona reatha agus tógadh na píosaí ó bhreis agus 15,000 saothar a bhíonn lonnaithe de ghnáth i bhfoirgnimh phoiblí na hÉireann. Thug an taispeántas cuairt ar na háiteanna seo a leanas:

  • Ionad Cultúir an Conde Duque i Maidrid
  • Leabharlann Ollscoile Vársá
  • Aireacht Eachtrach na hIodáile – Pálás Farnesina – sa Róimh.

Tugann an taispeántas saothar ealaíontóirí óga ildánacha in Éirinn ar aird lucht féachana i roinnt de na hionaid cultúir san Eoraip.  Léiríonn sé chomh láidir is atá ár bpobal ealaíona chomh maith lenár dtiomantas láidir don Eoraip.

Is sampla maith é an taispeántas den obair a dhéanaimid chun cultúr na hÉireann a chur chun cinn thar lear agus, ar an tslí sin, íomhá dearfach a chothú d’Éirinn agus cur lenár naisc idirnáisiúnta. Taithí a fháil ar chultúr na hÉireann an bealach is éifeachtaí do dhaoine ar fud an domhain foghlaim faoi chruthaitheacht agus faoi bhuanna mhuintir na hÉireann agus meas a bheith acu orthu.

Féach an Gailearaí Íomhánna den taispeántas ar chamchuairt agus é ar taispeántas i mBaile Átha Cliath

Oibríonn líonra Ambasáidí na hÉireann go crua lena chinntiú go gcoimeádtar agus go dtógtar ár naisc idirnáisiúnta, ag idirbheartú rochtain ar an margadh do tháirgí na hÉireann agus ag cuidiú le Gníomhaireachtaí Stáit cur lenár naisc trádála agus infheistíocht a mhealladh. Is gné thábhachtach den obair sin cultúr na hÉireann a chur chun cinn. Taithí a fháil ar chultúr na hÉireann an bealach is éifeachtaí do dhaoine ar fud an domhain foghlaim faoi chruthaitheacht agus faoi bhuanna mhuintir na hÉireann agus meas a bheith acu orthu.

Ghnéithe Eile

Léigh faoi ghnéithe eile ar an obair a dhéanaimid anseo ag baile agus thar lear.