Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Comhairle na hEorpa

Tá sé d’aidhm ag ComhairlenahEorpa(CNE) comhoibriú breise a chothú idir a cuid ball sna réimsí lena n-áirítear daonlathas, cearta an duine agus riail an dlí. Is iad a trí phríomhchomhlacht ná Coiste na nAirí, an Tionól Parlaiminteach agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Eolas faoin gComhairle

Bunaíodh an Chomhairle tar éis an Dara Cogadh  Domhanda trí Chonradh Londan agus tá sé méadaithe ón 9 stát bunaidh (le n-áirítear Éire) go 47 inniu.

Tá a gníomhartha sa réimse cearta an duine, chomh maith leis an tionchar a imríonn sí i gcothú daonlathais agus riail an dlí san Eoraip, i gcomhréir le cur chuige na hÉireann chuig gnóthaí idirnáisiúnta.

Tá meas againn freisin ar obair na Comhairle chun cuidiú le mionlaigh náisiúnta a chosaint, troid in aghaidh ciníochais agus seineafóibe, agus caimiléireacht a chomhrac.

Déanaimid comhordú ar ár rannpháirtíocht le Comhairle na hEorpa agus le Ranna eile Rialtais, go sonrach an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Buntáistí na Comhairle

  1. Déanann an Chomhairle áit níos daonlathaí agus níos fearr den Eoraip chun cónaí, staidéar, obair agus taisteal ann trí dhaonlathas, cearta an duine agus riail an dlí a chur chun cinn agus a chosaint.
  2. Imríonn Pharmacopoeia na hEorpa, bunchuid de Chomhairle na hEorpa, ról tábhachtach le sláinte gach duine a chosaint trí chaighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta a shocrú agus monatóireacht a dhéanamh orthu do leigheasanna agus cóireálacha leighis sábháilte.
  3. Tugann an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine cúnamh ár saoirsí bunúsacha ar fad a chosaint trí chead a thabhairt d’éinne cás a thógáil chun na cúirte má chreideann siad go bhfuil ceann dá gcearta bunúsacha, mar atá cumhdaithe sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, sáraithe.
  4. Tá Comhairle na hEorpa freagrach as áit níos sábháilte a dhéanamh don domhan trí réimse tionól ríthábhachtach idirnáisiúnta a fhoirmliú a chuireann, i measc nithe go leor eile, leis an troid dhomhanda in aghaidh cibearchoireachta, sciúradh airgid, gáinneáil ar dhaoine agus sceimhlitheoireacht.
  5. Oibríonn Comhairle na hEorpa go han-chrua chun ciníochas agus seineafóibe a dhíothú, agus dá réir ag cothú sochaithe ar fud na hEorpa atá níos fulangaí agus níos neamhchlaonta.

Cearta an Duine

Tá an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD), a cheanglaíonn a shínitheoirí chun cearta agus saoirsí sonracha a chosaint, lárnach d’obair na Comhairle. Glactar leis go forleathan mar chlochchoirnéil ar chearta an duine san Eoraip a chosaint.

Tá tábhacht ar leith d’Éirinn sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, ina n-éistear le hiarratais ó dhaoine aonaracha agus ó bhallstáit araon ina líomhnaítear go bhfuil an Coinbhinsiún á shárú, mar gheall ar an ról tábhachtach a imríonn sí i gcearta bunúsacha a chumhdach.

Tá roinnt córas tábhachtach monatóireachta ar chearta an duine ag feidhmiú laistigh den Chomhairle, lena n-áirítear:

  • an Choiste Eorpaigh um Chéastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc (CCC)
  • An Creatchoinbhinsiún um Chosaint Mionlach Náisiúnta
  • An Coimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (CECÉ)
  • Oifig an Choimisinéara ar Chearta an Duine

Éire agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine

An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine lonnaithe i Strasbourg. Ansin, eisítear le hiarratais ó dhaoine aonair mar aon le ballstáit maidir le sáruithe líomhnaithe ar an gCoinbhinsiún.  Baineann tábhacht ar leith leis d’Éirinn, mar gheall ar an ról ríthábhachtach atá aige maidir le cearta bunúsacha a chosaint. Thacaigh Éire go mór le hiarrachtaí le blianta beaga anuas modhanna oibre na Cúirte a athchóiriú agus a fheabhsú.

Tionól Parlaiminteach

Tá ballraíocht ag parlaiminteoirí as na 47 ballstáit i dTionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa (CPCE). Casann siad ar a chéile ceithre huaire sa bhliain in Strasbourg, áit a ndéanann siad scrúdú agus díospóireacht ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta an duine, daonlathas agus riail an dlí.

Is í atá freagrach freisin as breithiúna a thoghadh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine agus Ardrúnaí na Comhairle a thoghadh. Tá baill den Dáil agus den Seanad ina measc siúd atá ar thoscaireacht na hÉireann ar an CPCE.

Déanann an Chomhairle foirmliú ar thionóil idirnáisiúnta a bhfuil sé d’aidhm acu a mbunphrionsabal ar fud na hEorpa a chosaint.

Tá baint ag Éire le go leor de na Tionóil sin, lena n-áirítear:

Tá baint againn freisin le go leor de na prótacail bhreise, mar shampla Prótacal 13, a bhaineann le deireadh a chur le pionós an bháis i ngach cúinse.

Coiste na nAirí

Is é Coiste na nAirí comhlacht cinnteoireachta Chomhairle na hEorpa. Tá ballraíocht ar an gcoiste ag na hAirí Gnóthaí Eachtracha ó na ballstáit ar fad, nó ag a mbuanionadaithe taidhleoireachta in Strasbourg.

Is comhlacht rialtais é Coiste na nAirí, áit gur féidir cur chuigí náisiúnta ar fhadhbanna atá ag sochaí na hEorpa a phlé ar bhonn cothrom, agus is comhfhóram é freisin, áit go ndéantar freagraí ó ar fud na hEorpa a cheapadh do dhúshláin dá leithéid.

I gcomhoibriú leis an Tionól Parlaiminteach, tá sé ina chaomhnóir ar luachanna bunúsacha na Comhairle, agus déanann sé monatóireacht ar chomhlíonadh na mballstát ar na gealltanais a thug siad