Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta

Is éard atá i gceist leis an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta (IHL) – dá dtagraítear freisin mar Dhlí na Coinbhleachta Armtha nó Dlí an Chogaidh  - ná corpas de rialacha idirnáisiúnta a thugann cosaint le linn coinbhleachta armtha dóibh siúd nach nglacann páirt nó nach féidir leo páirt a ghlacadh níos mó i gcogaíocht, mar shibhialtaigh, an lucht créachtaithe agus príosúnaigh chogaidh.

emblems-c-icrc-jorge-perez

Rialaíonn an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta iompar na coinbhleachta armtha agus déanann iarracht teorainn a chur lena mhídhaonnacht. Cuireann sé teorainn freisin leis na modhanna agus na bealaí comhraic ar féidir le páirtithe i gcoinbhleacht armtha a úsáid, chun cosc a chur ar ionsaithe ar phobail shibhialtacha agus ar airm atá neamh-idirdhealaitheach nó mídhaonnúil. Ní rialaíonn sé na toscaí inar féidir le stát úsáid a bhaint as an lámh láidir, ná ní chinneann sé cibé an bhfuil coinbhleacht armtha dlíthiúil nó nach bhfuil, agus baineann a rialacha le gach taobh, cuma cé a chuir tús leis an gcoinbhleacht. Baineann IHL freisin leis na páirtithe stáit agus neamhstáit araon atá páirteach i gcoinbhleacht armtha idirnáisiúnta, cé go bhfeidhmítear sraith rialacha níos teoranta maidir le coinbhleacht armtha a tharlaíonn ar chríocha aon stáit amháin (dá dtagraítear coinbhleacht armtha de chineál neamh-idirnáisiúnta). 

Coinbhinsiúin na Ginéive agus a bPrótacail Bhreise

Tá croí an Dlí Dhaonnúil Idirnáisiúnta nua-aimseartha leagtha amach i gceithre Choinbhinsiún na Ginéive de 1949 agus a bPrótacail Bhreise. Tá gach stát ar domhan tar éis cloí le Coinbhinsiúin na Ginéive agus cé nach páirtithe iad gach stát sa dá Phrótacal Breise de 1977 go fóill, tá stádas dlí idirnáisiúnta ghnách ag cuid mhór de na rialacha atá leagtha amach sna hionstraim seo is infheidhme i ngach stát. 

Bunrialacha an Dlí Dhaonnúil Idirnáisiúnta

  • Ní mór do pháirtithe i gcoinbhleacht idirdhealú a dhéanamh i gcónaí idir an daonra sibhialtach agus comhraiceoirí chun cúram a ghlacadh go dtiocfaidh an pobal sibhialtach agus maoin shibhialtach slán. Ní féidir an pobal sibhialtach ina iomlán, ná sibhialtaigh aonair a ionsaí. Ní cheadmhach ionsaithe ach in aghaidh spriocanna míleata.
  • Tá daoine nach nglacann páirt i gcogaíocht nó nach féidir leo páirt a ghlacadh inti níos mó i dteideal urraime dá mbeatha agus dá bhfolláine fhisiciúil agus shiceolaíochta. Ní mór iad a chosaint i gcónaí agus caitheamh go daonnúil leo, gan idirdhealú. Tá sé toirmiscthe namhaid a ghéilleann nó nach féidir leis páirt a ghlacadh sa troid níos mó a mharú nó a ghortú.
  • Níl ceart gan teorainn ag na páirtithe sa choinbhleacht nó ag comhaltaí dá bhfórsaí armtha modhanna agus bealaí cogaíochta a roghnú. Tá sé toirmiscthe airm nó modhanna cogaíochta a úsáid ar dóigh go mbeidh caillteanais neamhriachtanacha nó ró-fhulaingt de thoradh orthu.
  • Ní mór an lucht gortaithe agus breoite a bhailiú agus cúram a dhéanamh díobh ag an bpáirtí sa choinbhleacht a bhfuil siad faoina urláimh. Ní cheadmhach ionsaí a dhéanamh ar phearsanra liachta agus áiseanna agus feithiclí liachta. Tabharfar urraim do phearsanra a chaitheann suaitheantas ar leith na Croise Deirge, an Chorráin Dheirg nó an Chriostail Dheirg ar chúlra bán agus d’áiseanna agus d’fheithiclí a bhfuil na suaitheantais seo orthu.

Éire agus IHL

Tá Éire tiomanta go diongbháilte d’fheidhmiú éifeachtach agus d’fhorbairt bhreise an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta. Bhí ról gníomhach ag Éirinn sa chaibidlíocht ar Reacht na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, arna aithint mar mhodh riachtanach chun iad siúd a bhí freagrach as na coireanna idirnáisiúnta is tromchúisí a thabhairt faoi réim an cheartais, lena n-áirítear sáruithe tromchúiseacha Choinbhinsiúin na Ginéive agus sáruithe tromaí eile ar dhlíthe agus ar ghnáis an dlí (‘coireanna cogaidh’).

Rialaíonn an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta iompar cogaidh chun teorainn a chur lena mhídhaonnacht

Bhí Éire ar cheann de chroíghrúpa beag stát freisin a chuir forbairt ionstraime nua IHL chun cinn ar chnuasmhuinisin, mórthionscnamh idirnáisiúnta a raibh de thoradh air caibidlíocht agus glacadh trí chomhthuiscint leis an gCoinbhinsiún ar Chnuas-Mhuinisin ag Comhdháil Taidhleoireachta a d’óstaigh Rialtas na hÉireann i mBaile Átha Cliath i mBealtaine 2008.  Ghlac 107 stát leis an gCoinbhinsiún ag Comhdháil Bhaile Átha Cliath agus osclaíodh é lena shíniú an 3 Nollaig an bhliain chéanna ag Comhdháil in Oslo. Shínigh agus dhaingnigh Éire an Coinbhinsiún an 3 Nollaig 2008. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2010. 

In 2008 bhunaigh an Rialtas an coiste náisiúnta ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta le comhairle a chur air faoi chúrsaí IHL, le bealach a chur ar fáil chun eolas níos leithne ar IHL a chur chun cinn laistigh den Stát agus le hullmhú do Chomhdhálacha Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg. Tagann sé le chéile go rialta faoi chathaoirleacht na Roinne Gnóthaí Eachtracha.

Léigh a thuilleadh

Ráiteas on Aire Gnóthaí Eachtracha ar chomóradh 60 bliain Choinbhinsiún na Ginéive

Ráiteas ó Leas-Ionadaí Buan ar Éirinn chuig na Náisiún Aontaithe sa Ghinéiv ag an 31ú Comhdháil den Chrois Dhearg agus den Chorrán Dearg, an 28 Samhain 2011.