Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Bhuanchúirt Eadrána

Bunaíodh an Bhuanchúirt Eadrána (PCA) ag an gCoinbhinsiún maidir le Réiteach Síochánta Díospóidí Idirnáisiúnta, a tháinig chun deiridh ag an Háig in 1899 le linn chéad Chomhdháil Síochána na Háige.

Ar an ngnóthachtáil is nithiúla ag an gComhdháil bhí bunú an PCA, an chéad mheicníocht domhanda do réiteach díospóidí idir stáit. Athbhreithníodh Coinbhinsiún 1899, a thug an bunús dlí don PCA, ag dara Comhdháil Síochána na Háige in 1907. D’aontaigh Éire le Coinbhinsiún na Háige 1907 in 2002.

Ní buan-chúirt é an PCA agus ní Cúirt chuí atá ann ach oiread, in ainneoin an ainm. Seachas binse buan, a bhíonn comhdhéanta de bhreithiúna nach mbíonn roghnaithe ag na páirtithe, agus a fheidhmíonn rialacha nósanna imeachta réamhchinntithe, soláthraíonn an PCA do stáit uainchlár d’eadránaithe a chruthóidh binse fiosrúcháin eadrána ad hoc. Is é an rúnaíocht an t-aon chuid den PCA atá buan, rúnaíocht ar a dtugtar an Biúró Idirnáisiúnta agus a sholáthraíonn an tacaíocht lóistíochta don PCA.

In 1937 chomhaontaigh na comhpháirtithe stáit le Coinbhinsiún 1907 gur chóir don Bhiúró Idirnáisiúnta den PCA, a ghníomhaíonn mar Chlárlann na Cúirte, a gcuid seirbhísí a thairiscint do chomhlachtaí idir-réitigh eile.  Ina dhiaidh sin, tugadh an t-údarás don Bhiúró Idirnáisiúnta chun a gcuid seirbhísí a chur ar fáil i ndíospóidí idir chomhpháirtithe, nach stát ach ceann amháin díobh, agus bronnadh ról réiteach díospóidí ar an Ard-Rúnaí den PCA chun eadránaí a cheapadh in aon imeachtaí eadrána arna ndéanamh faoi na Rialacha ar Eadráin Tráchtála Idirnáisiúnta arna cheapadh ag Coimisiún na Náisiún Aontaithe ar an Dlí Trádála Idirnáisiúnta (UNCITRAL).

Mar chomhpháirtí den Choinbhinsiún, féadfaidh Éire suas le ceathrar a ainmniú “d’inniúlacht aitheanta i gceisteanna maidir leis an dlí idirnáisiúnta”, chun gníomhú mar “Chomhaltaí den Chúirt”. Féadfaidh Comhpháirtithe do réitigh díospóide, cé nach bhfuil sin mar cheanglas, eadránaithe nó breithneoirí eile a roghnú óna measc. Sa bhreis ar a ról mar eadránaithe, tá Comhaltaí den Chúirt, ag gníomhú mar “ghrúpaí náisiúnta” i dteideal iarrthóirí a cheapadh lena dtoghadh chuig an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Tá an Breitheamh Onórach Nicholas Kearns, Uachtarán na hArd-Chúirte, An tUasal James Kingston, Comhairleoir Dlí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, An tOllamh Siobhán Mullally, Dámh an Dlí UCC agus Máire Whelan Uasal SC, an tArd-Aighne, ainmnithe ag Éirinn ina gcomhaltaí de Phainéal Eadránaithe den Bhuanchúirt Eadrána.

Bhain Éire leas as an PCA mar Rúnaíocht ina ndíospóidí eadrána leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le hoibriú an ionaid athphróiseála Ocsaíd Mheasctha (‘MOX') ag Sellafield faoin gCoinbhinsiún um Chosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (‘OSPAR') agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Dhlí na Farraige (‘UNCLOS').