Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Binse Coiriúil Idirnáisiúnta do Ruanda

Bhunaigh Rún 955 (1994) de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an Binse Coiriúil Idirnáisiúnta do Ruanda (ICTR) mar fhreagra ar shárú tromchúiseach ar dhlí daonnachta a rinneadh i Ruanda agus sna stáit in aice láimhe, agus an bhagairt ar shíocháin agus ar shlándáil a bhain leo.

Tá an t-údarás ag an ICTR cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta, agus sárú ar Airteagal 3 ó Choinbhinsiúin na Ginéive agus ó Phrótacal Breise II, a ionchúiseamh, a rinne Ruandaigh idir an 1 Eanáir agus 31 Nollaig 1994 i gcríoch Ruanda agus i gcríoch na Stáit in aice láimhe, mar aon le saoránaigh neamh-Ruandaigh maidir le coireanna a rinneadh i Ruanda.

Sheachaid an ICTR an chéad chinneadh riamh ó bhinse idirnáisiúnta ar choir an chinedhíothaithe agus ciontaíodh, den chéad uair riamh, iar-cheannasaí stáit mar gheall ar choir an chinedhíothaithe. Ina theannta sin, chuir cás dlí an Bhinse go háirithe leis an tslí a gcaitear le cionta gnéis ó thaobh an dlí coiriúil idirnáisiúnta.

Bunaíodh an ICTY chun freagairt d'imthosca áirithe i Ruanda mar bheart ad hoc chun cur le hathchóiriú agus cothú na síochána. Mar go bhfuil go leor dá chuid oibre tugtha chun críche, agus de réir mar a bhí an t-am lena dhúnadh ag teacht, aithníodh go raibh gá meicníocht ad hoc a bhunú chun roinnt feidhmeanna riachtanacha den ICTR a chomhlíonadh, agus a laghdóidh thar am.  Dá bhrí sin, chinn Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, le rún 1966 (2010) a glacadh an 22 Nollaig 2010, ICTR a athsholáthair le Meicníocht Iarmharach a ghlac ceannas ar roinnt feidhmeanna den ICTR le héifeacht ón 1 Iúil 2012. Meicníocht na Náisiún Aontaithe do na Binsí Coiriúla Idirnáisiúnta (MICT) ainm na meicníochta, agus tógfaidh sí ar lámh roinnt d’fheidhmeanna Bhinse Coiriúil Idirnáisiúnta um an Iar-Iúgslaiv,  le héifeacht ón 1 Iúil 2013. Is é cuspóir MICT ceannas a fháil ar aon inniúlachtaí agus feidhmeanna riachtanacha den ICTR i ndáil le gach cás atá críochnaithe agus aon chásanna a fhéadfaidh a thabhairt os a chomhair (tá chumhacht ag MICT maidir le hionchúiseamh, pianbhreitheanna a mhaoirsiú, déileáil le cosaint d’fhinnéithe, iarratais a eisiúint agus a fháil maidir le comhoibriú agus cúnamh agus bainistiú cartlanna).