Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine

Is institiúid de chuid Chomhairle na hEorpa í an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine a bunaíodh i 1959 mar cheann de thrí mheicníocht atá leagtha amach leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint a chur i bhfeidhm.

Tá an Chúirt comhdhéanta de líon breithiúna comhionann le líon na stát conarthach, arna dtoghadh ag Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa le haghaidh téarma naoi mbliana. 

Bhí Coimisiún, trína rinneadh inghlacthacht éileamh a chinneadh, agus Cúirt pháirtaimseartha ann go dtí 1988. Le Prótacal 11, cuireadh Cúirt amháin lánaimseartha in ionad an chórais sin. Amhail 31 Eanáir 2013, bhí 126,850 iarratas ar feitheamh os comhair na Cúirte. 

Leis an Acht fán gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, 2003, tugtar éifeacht bhreise don Choinbhinsiún i ndlí na hÉireann, foráiltear do ról níos dírí a bheith ag an gCoinbhinsiún i gcúirteanna na hÉireann.

Ghlac Ann Power-Forde SC lena post mar bhreitheamh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine an 3 Márta 2008.

Breithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine i gcásanna a bhaineann le hÉirinn

Tabhair ar aird: is féidir téacs na mbreithiúnas sin, agus na mbreithiúnas eile uile, a fháil ó láithreán gréasáin na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine

2013   Kieran v Ireland

           MD v Ireland

           E v Ireland

           Rooney v Ireland

2012   C v Éire

           O v Éire

2011   Superwood Holdings plc agus Eile v Éire

           TH v Éire

2010   Mc Farlane v. Éire

           A, B agus C v. Éire

2005   Independent News and Media Plc. & Independent Newspapers (Ireland) Ltd. v.  Éire

           Bosphorus Airways v. Éire

           Barry v. Éire 

2004  O'Reilly agus Eile v Éire

          McMullen v Éire

2003  Murphy v Éire

          Doran v Éire

2002  DG v Éire

2001  McElhinney v Éire

2000  Quinn v Éire

          Heaney and McGuinness v Éire

1994  Keegan v Éire

1993  Pine Valley Developments agus Eile v Éire (Article 50)

1992  Open Door agus Well Woman v Éire

1991  Pine Valley Developments agus Eile v Éire

1988  Norris v Éire

1986  Johnston agus Eile v Éire

1981  Airey v Éire (Airteagal 50)

1979  Airey v Éire

1978  Éire v An Ríocht Aontaithe

1961  Lawless v Éire (Uimh. 2)

          Lawless v Éire (Uimh. 3)

1960  Lawless v Éire (Uimh. 1)

Is é ár Rannán Dlí Gníomhaire an Rialtais os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Ní thugaimid comhairle dlí don phobal maidir le gearán a thaisceadh leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine.  Tá eolas úsáideach ar láithreán gréasáin na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a bhfuil sé i gceist leis a bheith mar chúnamh do dhaoine atá ag smaoineamh gearán a thaisceadh leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Léigh tuilleadh

maidir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine