Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Comhlachtaí Monatóireachta Conartha NA

Le conarthaí áirithe um chearta an duine de chuid na NA, is féidir le daoine gearán a dhéanamh le comhlachtaí monatóireachta conartha.

Tá Éire ina páirtí do roinnt conarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine.

Le roinnt de na conarthaí sin, is féidir le daoine gearáin a dhéanamh le coiste de shaineolaithe neamhspleácha (dá dtagraítear go minic mar “chomhlachtaí conartha” nó “comhlachtaí monatóireachta” conradh-bhunaithe) arna mbunú faoin gconradh iomchuí má chreideann siad go bhfuil na cearta arna ráthú ag an gconradh sáraithe. Is “cumarsáid aonair” a thugtar ar ghearáin den sórt sin agus ní fhéadfar iad a dhéanamh ach amháin ag féachaint d’iompar na stát ar páirtithe iad don chonradh iomchuí agus a ghlacann le dlínse an choiste gearáin maidir lena n-iompar a éisteacht.

Ghlac Éire leis an dlínse gearáin aonair roinnt de na comhlachtaí monatóireachta conartha a éisteacht. Is iad na conarthaí sin:

  • an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (agus an dara Prótacal Roghnach don Chúnant ar mhaith le pionós an bháis a dhíothú), a ndéanann an Coiste um Chearta an Duine monatóireacht air, de réir na rialacha arna leagan amach sa chéad Phrótacal Roghnach don Chúnant;
  • an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le gach cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, a ndéanann an Coiste maidir le hIdirdhealú Ciníoch a Dhíothú monatóireacht air, de réir na rialacha arna leagan amach in Airteagal 14 den Choinbhinsiún;
  • an Coinbhinsiún maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, a ndéanann an Coiste maidir le hIdirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú monatóireacht air, de réir na rialacha arna leagan amach sa Phrótacal Roghnach don Choinbhinsiún;
  • an Coinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, a ndéanann an Coiste in aghaidh Céastóireachta monatóireacht air, de réir na rialacha arna leagan amach in Airteagal 22 den Choinbhinsiún.

Ní mór gearáin a sheoladh chuig Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine sa Ghinéiv.

Féadfaidh daoine aonair gearáin a dhéanamh freisin trí mheicníochtaí monatóireachta eile arna mbunú ag na Náisiúin Aontaithe a úsáid. Áirítear ar na meicníochtaí sin:

  • an Coimisiún um Stádas na mBan, a bhunaigh Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na NA;
  • an “nós imeachta 1503” mar a thugtar air, lena bhféadfar gearáin a dhéanamh le Comhairle  na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, atá comhdhéanta d’ionadaithe de chuid na 47 ballstát sna Náisiúin Aontaithe, arna dtoghadh ag Comhthionól Ginearálta na NA;
  • na “nósanna imeachta speisialta” mar a thugtar orthu, lena bhféadfar gearáin a dhéanamh le saineolaithe neamhspleácha faoi nósanna imeachta arna mbunú ag an gComhairle um Chearta an Duine.

 

Léigh tuilleadh

ag Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiúin Aontaithe um Chearta an Duine