Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Is é Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an Chúirt is airde i gcóras an AE

Is é an fheidhm atá le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ná a chinntiú go ndéanfar an dlí a urramú i léiriú agus i bhfeidhmiú na gConarthaí Eorpacha agus go ndéanfaidh gach Ballstát agus institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh na dlíthe arna nglacadh ag an Aontas Eorpach a fhorghníomhú, a thuiscint agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach.

Tá an CBAE comhdhéanta de thrí leibhéal:

(i)               an Chúirt Bhreithiúnais;

(ii)              an Chúirt Ghinearálta agus

(iii)             cúirteanna speisialaithe, a fhéadfaidh a bheith ag gabháil leis an gCúirt Ghinearálta le cásanna a thionscnaítear i réimsí sainiúla.

Is é an Príomh-Aturnae Stáit Gníomhaire an Rialtais os comhair an CBAE.

An Chúirt Bhreithiúnais

Tá an Chúirt Bhreithiúnais comhdhéanta de 28 breitheamh (ceann as gach Ballstát) agus 8 nAbhcóide Ginearálta. Féadfaidh an Chúirt suí mar Chúirt iomlán de 28 breitheamh, mar Ard-Dlísheomra de 13 breitheamh, nó i ndlísheomraí de 5 agus 3 bhreitheamh. Is Uachtarán atá i gceannas na Cúirte a thoghann na breithiúna astu féin. Cuidíonn Abhcóidí Ginearálta leis an gCúirt le tuairimí a chur i láthair maidir le cás a shanntar orthu, agus cé nach bhfuil siad ina gceangal ar an gCúirt, leantar go minic iad.

Is é an Chúirt Bhreithiúnais an chúirt is airde i gcóras an AE agus tá ceart ag an gCúirt achomhairc maidir le cinntí áirithe de chuid na Cúirte Ginearálta a éisteacht. Bíonn cód leis an litir ‘C’ ar chásanna arna láimhseáil ag an gCúirt Bhreithiúnais, m.sh. Cás C-1/12.

An Chúirt Ghinearálta

Is é Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit Gníomhaire an Rialtais os comhair Chúirt Ghinearálta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh na 28 breitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta suí mar Chúirt iomlán de 28 breitheamh, mar Ard-Dlísheomra de 13 breitheamh, i ndlísheomraí de 5 nó 3 bhreitheamh, nó suí ina mbreitheamh aonair i gcásanna áirithe. Bíonn cód leis an litir ‘T’ ar chásanna arna láimhseáil ag an gCúirt Ghinearálta, m.sh. Cás T-1/12.

Féadfar iad seo a leanas a éisteacht sa Chúirt Ghinearálta, mar cúirt chéadchéime,

  • caingne maidir le hachtanna AE a neamhniú (Airt. 263 TFEU)
  • caingne maidir le neamhghníomh i gcoinne institiúid AE (Airt. 265 TFEU)
  • caingne do dhamáistí i gcoinne an AE (Airt. 268 agus 340 TFEU).

Féadfar achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Bhreithiúnais ar phointe dlí maidir le cinneadh de chuid na Cúirte Ginearálta i gcásanna den sórt sin.

Feidhmíonn an Chúirt Ghinearálta mar chúirt achomhairc freisin do chinntí a thugann na cúirteanna speisialaithe (Airt. 256 TFEU). Féadfaidh cinntí na Cúirte Ginearálta i gcásanna den sórt sin a bheith faoi réir athbreithnithe go heisceachtúil ag an gCúirt Bhreithiúnais nuair atá baol tromchúiseach go mbeadh tionchar acu ar aontacht nó comhsheasmhacht dlí AE.

Ar deireadh, faoi Airt. 267 TFEU, féadfaidh cúirteanna náisiúnta na mBallstát, i gcomhthéacs dlíthíocht náisiúnta, ceist dlí a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais mar shampla maidir le léiriú nó soiléiriú dlí AE, nó maidir le bailíocht a leithéid de dhlí. Tugtar “réamh-tharchur” ar an nós imeachta sin. Foráiltear sna Conarthaí go bhféadfar réimsí sainiúla a aithint a bhféadfaidh an Chúirt Ghinearálta réamh-tharchuir ina leith ó chúirteanna náisiúnta a éisteacht, le ceart athbhreithnithe ag an gCúirt Bhreithiúnais, ach níor aithníodh réimsí den sórt sin fós.

Cúirteanna Speisialaithe

Foráiltear le hAirt. 257 TFEU go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an chomhairle Eorpach cúirteanna speisialaithe ag gabháil leis an gCúirt Ghinearálta a bhunú le héisteacht chéadchéime a thabhairt d’aicmí cásanna áirithe i réimsí sainiúla. Féadfar cinntí cúirteanna speisialaithe a achomharc chuig an gCúirt Ghinearálta. Bunaíodh cúirt speisialaithe, ar a dtugtar Binse na Seirbhíse Sibhialta, le cásanna a éisteacht a bhaineann le díospóidí laistigh de státseirbhís an AE (Airt. 270 TFEU). Tá an chúirt speisialaithe comhdhéanta de 7 mbreitheamh agus de ghnáth suíonn an chúirt mar phainéal de thriúr breithiúna, cé go bhfeadfaidh an chúirt suí mar phainéal iomlán, painéal de 5 bhreitheamh, nó mar bhreitheamh aonair. Bíonn cód leis an litir ‘F’ ar chásanna arna láimhseáil ag Binse na Seirbhíse Sibhialta, m.sh. Cás F-1/12.