Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Réamhrá

Réamhrá le Cúirteanna agus Binsí Idirnáisiúnta agus Díospóidí Idirnáisiúnta a Réiteach.

Gné ríthábhachtach de chóras dlí ar bith é díospóidí a réiteach go síochánta. Léiríonn tiomantas do dhíospóidí a réiteach go síochánta toilteanas easaontais a réiteach le prionsabail agus rialacha comhaontaithe. Chomh maith le cinntí breithiúnacha a fháil ar dhíospóidí, is minic a thugann stáit faoi eadráin agus idir-réiteach. Tréith reatha den dlíchóras idirnáisiúnta é an fás atá ar an líon comhlachtaí réitigh díospóidí idirnáisiúnta.

Réimse eile ar tháinig fás air le déanaí ná réimse an cheartais choiriúil idirnáisiúnta. Cé gur bunaíodh é le Trialacha Nuremburg agus Tóiceo i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, ba thréimhse nua sa dlí coiriúil idirnáisiúnta a bhí i mbunú na mbinsí coiriúla ad hoc don Iar-Iúgslaiv agus do Ruanda sna 1990-idí. Ba é an deireadh a bhí leis an ngluaiseacht i dtreo deireadh a chur le bheith gan baol pionóis ná gur bunaíodh an chéad Bhuanchúirt Choiriúil Idirnáisiúnta in 2002, nuair a tháinig Reacht na Róimhe i bhfeidhm.   

Le blianta beaga anuas bunaíodh an “tríú glúin” de chúirteanna hibride chun déileáil le hainghníomhartha a tharla san am atá caite: Painéil Coireanna de chuid Chúirt Dúiche Dili, an Tíomóir Thoir; Painéil “Rialúchán 64”i gCúirteanna na Cosaive; an Chúirt Speisialta do Siarra Leon, agus na Dlísheomraí Úrghnácha i gCúirteanna na Cambóide agus an Binse Speisialta don Liobáin.

Tá staidéar mionsonraithe ar an iliomad eagraíochtaí breithiúnacha idirnáisiúnta seo, chomh maith le hábhair agus naisc áisiúla, ar fáil ó Project on International Courts and Tribunals