Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Comhbheartas Slándála agus Cosanta

Soláthraíonn Comhbheartas Slándála agus Cosanta an AE (CSDP) cumas oibriúcháin don AE chun dul i mbun misin lasmuigh den AE ar mhaithe le síochánaíocht, cosc a chur ar choinbhleacht agus slándáil idirnáisiúnta a threisiú de réir phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe.

Tá an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CSDP) mar chuid bhunúsach de Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an AE (CFSP).

Oibríonn misin shibhialta agus mhíleata an AE i gcomhar le gníomhaíochtaí polaitíochta, geilleagracha, taidhleoireachta agus forbartha. Bíonn an tAontas páirteach in iarrachtaí síochánaíochta, bhainistiú géarchéime agus atógála i réigiúin ina mbíonn trioblóidí ar fud an domhain.

Rannpháirtíocht na hÉireann

Bhí Óglaigh na hÉireann rannpháirteach i go leor oibríochtaí míleata de chuid an AE. Ba léir an luach, a chuireann an AE ar an gcineál cumais agus taithí a thugann muide ó thaobh oibríochtaí síochánaíochta agus oifigeach sinsearach de chuid na hÉireann ceaptha mar Cheannasaí Oibríochtaí ar EUFOR Sead.

Tagann aidhmeanna Chomhbheartas Slándála agus Cosanta na hEorpa le beartas eachtrach náisiúnta na hÉireann maidir leis an dlí idirnáisiúnta a choimeád agus tacú le hiarrachtaí na Náisiún Aontaithe deireadh a chur le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna idirnáisiúnta a bhainistiú.

Tá saineolaithe as Éirinn ar iasacht freisin chuig misin shibhialta AE éagsúla ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála; tá sibhialtaigh na hÉireann i mbun seirbhíse faoi láthair san Iaráic, san Afganastáin, sa Chosaiv, sa tSeoirsia agus i gCríocha na Palaistíne. Tá baill den Gharda Síochána ag freastal freisin i Misean Riail Dlí an AE sa Chosaiv (EULEX na Cosaive).

Agus comhbheartas slándála agus cosanta an AE ag teacht chun cinn, bhí meas riamh anall ag ár gcomhpháirtithe san AE ar cheannasacht, ar neamhspleáchas agus ar neodracht na hÉireann. Dheimhnigh na ráthaíochtaí dlí a thug Comhairle na hEorpa i mí an Mheithimh 2009 nach ndéanfaidh beartas slándála agus cosanta an AE difear ná dochar do bheartas neodrachta míleata traidisiúnta na hÉireann. Ní chuirfear trúpaí de chuid na hÉireann chuig aon chrios coinbhleachta ná misean CSDP, gan an glas triarach mar a thugtar air – údarás ó na Náisiúin Aontaithe agus ceadú ón Rialtas agus ón Dáil.

Tagann aidhmeanna Chomhbheartas Slándála agus Cosanta na hEorpa le beartas eachtrach náisiúnta na hÉireann maidir leis an dlí idirnáisiúnta a choimeád agus tacú le hiarrachtaí na Náisiúin Aontaithe deireadh a chur le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna idirnáisiúnta a bhainistiú.

Tugann na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl againn i misin CSDP deiseanna níos fearr dúinn cur leis na hiarrachtaí chun síocháin agus slándáil idirnáisiúnta a threisiú, cearta daonna agus saoirsí bunúsacha a chosaint agus tacú le coinníollacha d’fhorbairt inbhuanaithe.

An bhfuil suim agatsa cur isteach ar phost ar iasacht mar shaineolaí sibhialta le misin Chomhbheartas Slándála agus Cosanta an AE?

Déantar poist a fhógairt de réir mar a thagann siad chun cinn ar www.publicjobs.ie. Nó, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn chun tú a chur ar an liosta seoltaí.