Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Síochánaíocht

Tá traidisiún le háireamh ag Éire de bheith rannpháirteach i misin síochánaíochta, cinn sibhialta agus míleata araon. Tá Cairt na Náisiún Aontaithe mar chuid lárnach dár mbeartas síochánaíochta.

(c)Irish Defence Forces.106 IrishFinn Battalion Medal Parade and visit by Chief of Staff

Tá meas mór go hidirnáisiúnta ar lucht síochánaíochta na hÉireann, ag daoine áitiúla a d’oibrigh leo ar na misin agus laistigh den phobal idirnáisiúnta.

Síocháníocht Traidisiúnta

Ó 1958, chuidigh ár dtrúpaí chun síocháin a choimeád go hidirnáisiúnta, go príomha leis na Náisiúin Aontaithe. Tá an líon is mó amuigh faoi láthair leis an misean síochánaíochta de chuid na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL).

Le cúig bliana déag anuas d’oibrigh roinnt ball d’Óglaigh na hÉireann ar roinnt misean, arna údarú ag na Náisiúin Aontaithe agus faoi stiúir an AE nó NATO.

  • Áirítear ar an rannpháirtíocht is tábhachtaí dár gcuid go dtí seo in oibriúchán AE bhí EUFOR Sead, faoi cheannasaíocht an Leifteanant-Ghinearáil Pat Nash. 
  • Tá ball d’Óglaigh na hÉireann, Briogáidire-Ghinearál Gerald Aherne, faoi láthair i gceannas Misean Oiliúna AE sa tSomáil (EUTM Somalia).
  • Ghníomhaigh Éire mar Chreat-Náisiún den fhórsa faoi stiúir NATO sa Chosaiv, KFOR, in 2008.

Caithfear ‘glas triarach’ de cheadú ó na Náisiúin Aontaithe, ón Rialtas agus ón Dáil a bheith in áit sula bhféadfaidh Óglaigh na hÉireann páirt a ghlacadh in oibríochtaí síochánaíochta. 

Oibríochtaí Síochána Sibhialta

Táimid rannpháirteach níos mó agus níos mó le síochánaíocht i measc sibhialtaigh. Tá ról tábhachtach ag institiúidí sibhialta láidre chun cosc a chur ar choinbhleacht ó thosú agus ó atosú, agus cuidíonn oibríochtaí síochána sibhialta le stáit leochaileacha institiúidí a atógáil ionas go mbeidh an cumas acu soláthar a dhéanamh don daonra áitiúil.  Bíonn aidhmeanna sa ghearrthéarma ag na hoibríochtaí sin chun feabhas a chur ar shíocháin agus ar shlándáil, chomh maith le cuspóirí níos fadtéarmaí mar na nithe seo a leanas:

  • riail an dlí, daonlathas agus cearta daonna a threisiú
  • cumas a thógáil laistigh de na sochaithe sibhialta agus institiúidí stáit.
  • coinníollacha cobhsaí a chinntiú a bheidh riachtanach d’fhorbairt inbhuanaithe

Tá raon saineolais ag teastáil sna misin sin, sna réimsí póilíneachta, custaim, riail an dlí agus cearta daonna. 

Tá saineolaithe as Éirinn sna réimsí sin imlonnaithe faoi láthair sna misin seo a leanas:

  • EUPOL na hAfganastáine
  • EUJUSTLEX na hIaráice
  • EULEX na Cosaive
  • EUMM na Seoirsia
  • EUPOL COPPS
  • EUCAP NESTOR

Chuidigh an Garda Síochána le misin shibhialta de chuid an AE agus na Náisiún Aontaithe araon ó 1989, tráth ar cuireadh baill chuig UNTAG, Misean Ghrúpa Cúnaimh Aistrithe na Náisiún Aontaithe sa Namaib. Tá Gardaí ag obair faoi láthair sa Chipir le UNFICYP, agus sa Chosaiv le EULEX na Cosaive, with EULEX Kosovo.

An bhfuil suim agatsa cur isteach ar phost ar iasacht mar shaineolaí sibhialta le misin Chomhbheartas Slándála agus Cosanta an AE?

Déantar poist a fhógairt de réir mar a thagann siad chun cinn ar www.publicjobs.ie. Nó, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn chun tú a chur ar an liosta seoltaí.