Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Éire a Chur Chun Cinn

Sa bhaile agus thar lear, tá ról ríthábhachtach againn ag cur leasanna geilleagrach agus trádála na hÉireann chun cinn, mar aon le próifíl cultúir agus cáil idirnáisiúnta na tíre.

The Samuel Beckett Bridge, Dublin

Aidhmeanna

Táimidne tiomanta Éire a chur chun cinn mar háit le bheith i mbun gnó, le bheith ag staidéar inti agus chun cuairt a thabhairt uirthi agus bíonn ról ríthábhachtach ag an líonra Ambasáidí san obair seo. Coimeádann Éire caidrimh taidhleoireachta le 176 stát agus tá líonra 73 oifigí thar lear againn. Agus comhordú agus tacaíocht againn ón gceanncheathrú i mBaile Átha Cliath oibríonn ár nAmbasáidí i dtreo na spriocanna seo a leanas a bhaint amach :

  • Cuspóirí trádála agus infheistíochta na hÉireann a chur chun cinn
  • Cultúr, oidhreacht agus traidisiún na hÉireann a chur chun cinn
  • Naisc le pobail Éireannacha thar lear a choimeád agus a fheabhsú

Teachtaireacht gheilleagrach na hÉireann a roinnt

Tá tionchar luachmhar ag ár líonra Ambasáidí le hathshlánú geilleagrach náisiúnta na hÉireann trí theachtaireacht geilleagrach an Rialtais a roinnt le rialtais, iriseoirí, daoine a bhíonn i mbun gnó agus daoine tábhachtacha eile a dhéanann cinntí tábhachtacha sna tíortha ina mbíonn siad lonnaithe agus feabhas a chur ar ár gcáil idirnáisiúnta.

Foirne Margaidh Áitiúla

Tá Foirne Margaidh Áitiúla bunaithe i ngach aon cheann de na 27 margadh tosaíochta atá aitheanta faoi Straitéis Trádála an Rialtais. Tá gach foireann faoi chathaoirleacht Ambasadóir Éireannach agus táthar comhdhéanta d’ionadaithe ghníomhaireachtaí stáit a bhíonn lonnaithe go háitiúil. Tuairiscíonn Foirne Margaidh Áitiúla chuig an gComhairle Trádála Onnmhairithe.

Misin trádála

Is bealach luachmhar iad misin trádála chun margaí nua agus margaí atá cheana féin a fhorbairt thar lear do ghnólachtaí Éireannacha. Tá tábhacht ar leith leis sin mar gheall chomh luachmhar agus atá onnmhairí don gheilleagar. Oibrímid leis an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta chun tacú le cláir mhisin trádála Fhiontraíocht Éireann, agus maidir le 2013 tugadh cuairteanna ar 18 margadh forbartha agus ardfháis. Bíonn róil tábhachtacha ag an Tánaiste agus ag an Aire Stáit do Thrádáil agus Forbairt chun tacú le cuideachtaí na hÉireann trí bheith i gceannas ar roinnt de na misin trádála sin thar lear.

Lá Fhéile Pádraig

Is deis uathúil é Lá Fhéile Pádraig dúinne Éire a chur chun cinn don lucht féachana ar fud an domhain. Tá clár chuairteanna na n-airí ar Lá Fhéile Pádraig mar phríomhghné d’obair an Rialtais chun naisc trádála na hÉireann a chur chun cinn thar lear. Thar shéasúr Lá Fhéile Pádraig 2013, thacaigh an Roinn seo agus ár líonra Ambasáidí le 20 cuairt trádáil-dhírithe faoi stiúir an Taoisigh, an Tánaiste agus Airí.

Mar aon le teagmhálacha polaitíochta ardleibhéil, áiríodh ar chuairt an Tánaiste chuig Washington, Atlanta agus New Orleans cruinnithe duine ar dhuine le bainistíocht shinsearach chorparáidí ilnáisiúnta, cainteanna comhchéime ‘Infheistiú in Éirinn’ in Atlanta agus raon imeachtaí eile meán, trádála agus chur chun cinn infheistíochta arna eagrú i gcomhar le gníomhaireachtaí stáit na hÉireann.

Cultúr na hÉireann a chur chun cinn

Is uirlis chur chun cinn den scoth é cultúr na hÉireann chun a léiriú gur ceann scríbe saoire iontach í Éirinn agus áit bhríomhar chun gnó a dhéanamh. Léirítear leis go bhfuil muintir na hÉireann féin spéisiúil, tarraingteach agus fáiltiúil.  Trí níos mó daoine a chur ar an eolas faoinár n-oidhreacht cultúir shaibhir bíonn tionchair fadtéarmacha dearfacha aige sin ar cháil na hÉireann thar lear. Tugann muid tacaíocht do raon imeachtaí cultúir na hÉireann agus malairtí oideachais a léiríonn cultúr na hÉireann .Oibrímid le Cultúr Éireann chun ealaíona agus ealaíontóirí na hÉireann a chur chun cinn thar lear. Bainimid buntáiste freisin as deis uathúil a thugann Lá Fhéile Pádraig chun íomhá agus leasanna na hÉireann a chur chun cinn thar lear. 

Ag déanamh ceangal lenár diaspóra

Áirítear le bheith ag déanamh ceangal lenár diaspóra, daoine a bhfuil suim acu ceangal a dhéanamh chun feabhas a chur ar líonraí gnó nó cultúr na hÉireann a chur chun cinn agus a choimeád ina bpobail féin ar fud an domhain, agus tá sin mar chuid ollmhór d’obair na nAmbasáidí, ag tacú le hÉireannaigh thar lear.

Oibríonn an Líonra Ambasáidí go dlúth leis an . Tá an Líonra bunaithe i mbeagnach 40 tír anois agus táthar comhdhéanta de bhreis agus 300 de na hÉireannaigh is mó tionchair agus na hÉireannaigh sin a bhfuil ceangal acu lena lán daoine thar lear. Is acmhainn bhreise don Rialtas agus do ghníomhaireachtaí stáit é chun tacú le cuspóirí geilleagracha, cultúir agus turasóireachta na hÉireann sna margaí tábhachtacha.

I mbun gnó le hÉirinn

Léigh tuilleadh faoi na buntáistí agus na deiseanna a bhíonn ar fáil dóibh sin ar mhian leo dul  i mbun gnó le hÉirinn.