Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Lá Fhéile Pádraig

Is é Naomh Pádraig éarlamh na hÉireann agus is é an 17 Márta, nó Lá Fhéile Pádraig mar is fearr aithne air, lá náisiúnta na tíre seo. Gach uile bhliain, tugann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cúnamh i ndáil le timpeall is 700 imeacht a eagrú in 100 tír ar fud an domhain chun an lá a cheiliúradh. Tá an clár 'Cur Chun Cinn na hÉireann' ina chuid lárnach de sin.

Niagara Falls (on both the Canadian and US sides)

I mbliana tabharfaidh an Taoiseach, an Tánaiste, roinnt Airí agus an Príomh-Aoire an clár bolscaireachta sin chomh fada le 40 tír ar fud na cruinne. Beidh an Ceann Comhairle, Cathaoirleach an tSeanaid agus an tArd-Aighne páirteach i bhfeachtas na bliana seo freisin.  Agus iad thar lear, buailfidh ár dtoscaireachtaí le comhpháirtithe tábhachtacha dár gcuid ar fud an domhain, cuirfidh siad beatha nua sa chaidreamh leis na hÉireannaigh thar lear, agus sínfidh siad lámh amach chuig gach duine a bhraitheann go bhfuil bá aige nó aici le hÉirinn agus le gach rud Éireannach.  Faoin gclár 'Cur Chun Cinn na hÉireann', cothófar caidreamh i margaí nua, spreagfar an infheistíocht agus an turasóireacht agus cothófar deiseanna do ghnólachtaí Éireannacha.

Tugann Lá Fhéile Pádraig an deis dúinn béim a leagan ar an gcur chuige uaillmhianach atá againn i leith an chaidrimh idirnáisiúnta, agus ar ról na hÉireann mar thír fhreagrach ar domhan. Ina theannta sin, is ardán é Lá Fhéile Pádraig dúinn chun dul i mbun teagmhála le rialtais, ceannairí agus lucht tionchair, neartú a dhéanamh ar an seasamh atá againn agus ar theachtaireachtaí tábhachtacha uainn faoin mBreatimeacht, faoi Thuaisceart Éireann, faoi fheachtas na hÉireann chun bheith ina ball de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe in 2021-22 agus faoi gheilleagar na hÉireann.

Deis ar leith is ea Lá Fhéile Pádraig chun feasacht a mhúscailt thar lear i leith na hÉireann.  Ar fud an líonra Ambasáidí agus Consalachtaí dár gcuid (a bhfuil breis is 80 acu ann), bainimid leas as an gceiliúradh chun cultúr, stair agus luachanna na tíre seo a roinnt le daoine a mb'fhéidir nach bhfuil aithne acu ar Éirinn, agus le lucht an diaspóra, breis is 70 milliún duine. Is iontach an deis é d'Éirinn chun dul i dteagmháil le comhpháirtithe seanbhunaithe agus cairde léi, le heagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí pobail agus le pobail Éireannacha ar fud an domhain agus ár mbuíochas a ghabháil leo as ucht na tacaíochta a thugann siad dúinn i gcónaí agus as an méid a dhéanann siad ar mhaithe leis an tír seo agus le muintir na hÉireann thar lear.

Anuraidh, d'fhreastail breis is 5 mhilliún duine ar pharáidí agus imeachtaí na Féile Pádraig ar fud an domhain. Ina theannta sin, cuireadh dath glas ar bheagnach 300 áit le haghaidh Lá Fhéile Pádraig faoin bhfeachtas 'Glasú an Domhain' de chuid Thurasóireacht Éireann agus le tacaíocht láidir ón líonra Ambasáidí. Measann Turasóireacht Éireann go mbeidh breis is 300 áit i gceist i mbliana.

Teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig 2018 ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

Coimisiún na Féile Pádraig 

Is cúis bhróid ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála é an tacaíocht a thug sí don Fhéile Pádraig le coimisiúnú an scannáin dá cuid, 'Pathways – Irish Routes to the Art of the Matter'. Sa scannán sin, cuirtear agallamh ar dheichniúr ealaíontóirí Éireannacha ar fud an domhain ina ndéanann siad iniúchadh ar an bpróiseas cruthaitheach agus ar an tionchar a imrítear ar a gcuid oibre toisc gur Éireannaigh iad nó gur de bhunadh na tíre seo iad.