Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Caidreamh na Breataine/na hÉireann

Tá comhpháirtíocht láidir idir Rialtas na Breataine agus na hÉireann a thacaíonn le hathmhuintearas, téarnamh agus rathúnas don dá thír.

queen-arrives-baldonnel

Is í an Bhreatain an chomharsa is gaire atá againn agus is comhpháirtí eacnamaíoch tábhachtach í, ó thaobh trádála, infheistíochta agus turasóireachta. Téann luach €1 billiún de thrádáil ó thaobh earraí agus seirbhísí trasna Mhuir Éireann gach seachtain.

Ba é cuairt Bhanríon Eilís go hÉireann i mí na Bealtaine 2011 an chéad chuairt a rinne Ceann na Breataine chuig Stát na hÉireann ó fuarthas neamhspleáchas. Ó shin, tá an dá Rialtas ag obair go dlúth chun cur le mar a d’éirigh leis an gcuairt agus chun ár gcaidreamh oibre a threisiú.

Ráiteas i gComhar 2012

Leagtar amach sa Ráiteas i gComhar arna eisiúint ag an Taoiseach agus ag an bPríomh-Aire Cameron i ndiaidh chruinniú mullaigh ag Sráid Downing i mí an Mhárta 2012 na príomhréimsí maidir le comhoibriú na Breataine-na hÉireann sna deich mbliana atá amach romhainn.

Bhí an ráiteas suntasach mar gheall gurb é an chéad ráiteas den sórt sin nach raibh baint den chuid is mó ann le cás Thuaisceart Éireann.

Buaicphointí an Ráitis

  • Mar a d’éirigh chomh maith sin le cuairt na Banríona
  • An 'dlúthchaidreamh uathúil polaitíochta’ idir an Bhreatain agus Éire
  • An tiomantas ón dá rialtas ceiliúradh céad bliain na n-imeachtaí ar leith a cheiliúradh ag díriú ar chruinneas na staire, comh-mheas, uilechuimsitheacht agus athmhuintearas
  • Tacaíocht an dá Rialtais d’fheidhmiú iomlán Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Chomhaontú Chill Rímhinn
  • Iarratas ar chomhoibriú eacnamaíoch níos dlúithe, le béim ar leith ar fhuinneamh (lena n-áirítear margadh fuinnimh Uile-Éireann, an tIdirnascaire Thoir-Thiar agus fuinneamh in-athnuaite), taighde agus forbairt, an earnáil agri-bhia, seirbhísí gairmiúla agus airgeadais agus na hearnálacha cruthaitheacha. Tugann an dá Rialtas tiomantas meastóireacht i gcomhar a ullmhú maidir le comhoibriú eacnamaíoch idir an Bhreatain agus Éire
  • An caidreamh mar chompháirtithe laistigh den Aontas Eorpach, agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin domhanda mar athrú aeráide agus ocras agus bochtaine ar fud an domhain

Comhairle na Breataine -na hÉireann

Bunaíodh Comhairle na Breataine-na hÉireann faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta chun caidreamh dearfach agus caidreamh a bheidh chun tairbhe an dá dhream a chur chun cinn i measc mhuintir na n-oileán seo agus chun fóram a sholáthar ar mhaithe le comhairliúchán agus comhoibriú.

Tá an Chomhairle comhdhéanta d’Ionadaithe Rialtas na hÉireann agus na Breataine, de na hinstitiúidí cineachta i dTuaisceart Éireann, in Albain agus sa Bhreatain Bheag, agus i Manainn, i nGeansaí agus i nGeirsí.

Bunaíodh an rúnaíocht seasta do Chomhairle na Breataine-na hÉireann an 4 Eanáir 2012 agus oibríonn sí i nDún Éideann. Tá beirt oifigeach i gcomhar i gceannas, arna gceapadh ag Rialtas na hÉireann agus ag Rialtas na Breataine.

Reáchtáiltear cruinnithe mullaigh Chomhairle na Breataine-na hÉireann faoi dhó sa bhliain, agus rothlaíonn sin idir chórais riaracháin éagsúla na gcomhaltaí. Is féidir teacht ar mhionsonraí faoi chruinnithe mullaigh roimhe seo ag British-Irish Council website.

Comhthionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann

Bunaíodh Comhthionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann i mí Feabhra 1990 chun gníomhú mar nasc idir an tOireachtas agus Tithe an Rialtais ag Westminster.

Comhlacht Idirpharlaiminteach na Breataine-na hÉireann a bhí mar theideal orthu ar dtús, agus bhí sin comhdhéanta de 25 feisire Éireannach agus 25 feisire Briotanach ó Thithe Uachtair agus Íochtair an Oireachtais agus Westminster.

Ansin, in 2001, méadaíodh é chun cúigear comhaltaí ó Pharlaimint na hAlban a chur san áireamh chomh maith le cúigear comhaltaí ó Chomhthionól Náisiúnta na Breataine Bige, cúigear comhaltaí ó Chomhthionól Thuaisceart Éireann agus comhalta amháin an ceann ó Pharlaimint Mhanann, Gheirsí agus Gheansaí. 

Athainmníodh an BIIPB mar Chomhthionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann i rith an 37ú cruinniú iomlánach sa Chaisleán Nua i mí Dheireadh Fómhair 2008.

Bíonn seisiún iomlánach ag comhaltaí BIPA faoi dhó sa bhliain.  Idir na seisiúin sin, baineann príomhobair an Chomhthionóil le ceithre Choiste, agus déileáiltear leis na hábhair a leanas: 

Coiste A                      Gnóthaí Ceannasacha

Coiste B                      Gnóthaí Eorpacha

Coiste C                      Gnóthaí Eacnamaíocha

Coiste D                     Gnóthaí Comhshaoil agus Sóisialta