Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Comhaontú Aoine an Chéasta agus an lá atá inniu ann

Is é Comhaontú Aoine an Chéasta bunús ár dtiomantais don tsíocháin agus don chobhsaíocht ar an oileán seo. Comhaontaíodh é an 10 Aibreán 1998 agus ceadaíodh le móramh mór é in 2 reifreann, ceann a reáchtáladh i dTuaisceart Éireann agus ceann a reáchtáladh i bPoblacht na hÉireann i mí na Bealtaine 1998.

Stádas bunreachtúil

Luaitear ‘prionsabal na comhthola' sa Chomhaontú ina ndeirtear go bhféadfaí Éire a aontú le comhthoil mhóramh mhuintir an oileáin:
“gur faoi mhuintir oileán na hÉireann agus fúthu sin amháin atá sé, trí chomhaontú idir an dá chuid faoi seach agus gan bac ón taobh amuigh, a gceart féinchinnidh a fheidhmiú ar bhonn an toilithe, arna thabhairt dá ndeoin féin agus i gcomhthráth, Thuaidh agus Theas, chun Éire aontaithe a thabhairt i gcrích, más é sin is mian leo, ag glacadh leis go gcaithfear an ceart sin a bhaint amach agus a fheidhmiú trí chomhaontú agus thoiliú, agus faoi réir chomhaontú agus thoiliú, thromlach mhuintir Thuaisceart Éireann”.

Institiúidí Polaitíochta

Cuirtear creat oibre ar bun leis an gComhaontú chun roinnt institiúidí polaitíochta a bhunú. Tá an creat oibre sin comhdhéanta de thrí shraith, agus déanann siad ionadaíocht i gcomhar ar an gcaidreamh atá i bhfeidhm ar oileáin na Breataine agus na hÉireann agus idir na tíortha sin.

Sraith a hAon

Bunaíodh Tionól Thuaisceart Éireann agus an Fheidhmeannacht chun go bhféadfadh na páirtithe polaitíochta tofa cumhacht a roinnt. Tá an Tionól lonnaithe ag Stormont, díreach lasmuigh de Bhéal Feirste.

Sraith a Dó

Bunaíodh an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas chun comhoibriú a fhorbairt idir an dá chuid in Éirinn.

Sraith a Trí

Bunaíodh Comhairle na Breataine-na hÉireann chun an caidreamh idir Éirinn agus an Bhreatain a chur chun cinn.

D’oibrigh na hinstitiúidí cineachta sin go headrannach sna blianta díreach tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus lean Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann ag obair leis na páirtithe chun cur le muinín agus iontaoibh.

Póilíneacht agus ceartas

In 2005, dheimhnigh an Comhlacht Neamhspleách um Dhíchoimisiúnú go raibh díchoimisiúnú an IRA tarlaithe.

In 2006, foilsíodh Comhaontú Chill Rímhinn ina leagtar amach bealach i dtreo chineachadh iomlán póilíneachta agus ceartais agus socrú roinnt cumhachta cobhsaí.

In 2010, cheadaigh síniú Chomhaontú Hillsborough cineachadh cumhachtaí póilíneachta agus ceartais chuig Comhthionól Thuaisceart Éireann, agus thosaigh sin níos déanaí an bhliain sin.

Áiríodh ann freisin comhaontú ar pharáidí conspóideacha a bhí ina gcúis coimhlinte leanúnach idir pobail.

An 9 Eanáir 2020, mhol Rialtais na Breataine agus na hÉireann an Comhaontú faoi Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua do pháirtithe polaitíochta Thuaisceart Éireann, lena bhforáiltear do phacáiste cothromaithe chun an pholaitíocht agus an rialachas i dTuaisceart Éireann a dhéanamh níos trédhearcaí, níos cuntasaí, níos cobhsaí, níos cuimsithí agus níos éifeachtaí.
 
An 11 Eanáir 2020, ar bhonn an Chomhaontaithe Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua, athbhunaíodh an Feidhmeannas um chomhroinnt cumhachta agus an Tionól, agus bhí gach ceann de na cúig phríomhpháirtí polaitíochta i dTuaisceart Éireann rannpháirteach iontu.