Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Deontas do dhaoine in aois an Chéid

Bronnann Uachtarán na hÉireann Deontas do dhaoine in aois an Chéid ar shaoránaigh na hÉireann a bhfuil 100 bliain d’aois slánaithe acu.

Cad atá i gceist le Deontas do dhaoine in aois an Chéid?

Is íocaíocht atá ann, chomh maith le litir comhghairdis, sínithe ag an Uachtarán.

An bhfuil mé incháilithe?

Tá tú incháilithe iarratas a dhéanamh ar an Deontas do dhaoine in aois an Chéid má chomhlíonann tú na nithe a leanas:

  • 100 bliain d’aois slánaithe agat
  • Is saoránach Éireannach tú, rugadh ar oileán na hÉireann tú, agus tá tú i do chónaí lasmuigh den Stát

Conas is féidir iarratas a dhéanamh?

Is féidir leatsa (nó le d’ionadaí) an fhoirm iarratais‌ a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig:

An Ambasáid nó an Chonsalacht Éireannach is gaire duit 

Scéim an Deontais do dhaoine in aois an Chéid

Aonad Thar Lear na hÉireann

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

80 Faiche Stiabhna

Baile Átha Cliath 2

Éire

Ag cónaí in Éirinn?

Má tá cónaí ort in Éirinn,is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin Deontas do dhaoine in aois an Chéid ón mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Cad faoin mbonn cuimhneacháin dóibh sin a shlánaíonn 101 bliain d’aois nó níos sine?

Áras an Uachtaráin a eisíonn na boinn chuimhneacháin agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo má bhíonn aon cheisteanna agat faoin mbonn.