D'Oidhreacht Éireannach
Tá muintir agus pobail na hÉireann scaipthe ar fud an domhain – ó Montréal go Manchain agus ó San Francisco go Sydney. Má tá tusa ar dhuine den 70 milliún duine ar fud an domhain a mhaíonn gur de bhunú na hÉireann tú, tá roinnt bealaí ann a fhéadfaidh tú d’oidhreacht a cheiliúradh agus tuilleadh a fháil amach faoi do shliocht.
Bí páirteach i ngníomhaíochtaí de chuid phobal na hÉireann
Le blianta fada, chuir glúin i ndiaidh glúine de mhuintir na hÉireann go mór le gach gné den saol ina mbaile nua, i gcúrsaí polaitíochta, sna healaíona, i gcúrsaí gnó agus i gcúrsaí spóirt. Tá grá fós acu dá dtír dhúchais cé go bhfuil an oiread sin oibre á dhéanamh acu ina bpobail nua.
“… is mór ag náisiún na hÉireann a choibhneas speisialta le daoine de bhunadh na hÉireann atá ina gcónaí ar an gcoigríoch agus arb ionann féiniúlacht agus oidhreacht chultúir dóibh agus do náisiún na hÉireann.” Bunreacht na hÉireann, Airteagal 2
Faigh tuilleadh eolais faoin teagmháil a bhíonn againn le pobail na hÉireann thar lear:
- An Clár Tacaíochta Eisimiriceach
- An Líonra Domhanda Éireannach
Faigh tuilleadh eolais faoi Éirinn
Má theastaíonn uait tuilleadh eolais a fháil ar Éirinn, féadfaidh tú Achoimre ar Éirinn a léamh.
Tabhair cuairt ar Éirinn
An bhfuil suim agat cuairt a thabhairt ar Éirinn ? Faigh tuilleadh amach faoin mbealach turasóireachta is faide ar domhan - Slí an Atlantaigh Fhiáin , 2,500KM trí chuid de na háiteanna is áille in Éirinn.
Faigh Teastas um Oidhreacht Éireannach
Tugann do Theastas um Oidhreacht Éireannach aitheantas uathúil duit ón Rialtas den nasc atá agatsa le hÉirinn agus tugtar deis duit tuilleadh eolais a fháil faoi do stair, d’oidhreacht agus faoi Éirinn féin.
Is iontach an bronntanas é an Teastas do ghaol nó do chara agus tá sé ar fáil i dtrí leagan amach ar leith, bunaithe ar na téamaí eisimirce, tírdhreach agus dearadh Ceilteach.
Tá an Chláirseach oifigiúil ar gach Teastas, sliocht ó Airteagal 2 den Bhunreacht agus síniú, thar ceann Rialtas na hÉireann, ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Aimsigh do chúlra Éireannach
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi d’oidhreacht Éireannach, b’fhéidir go mbeadh suim agat sna tionscnaimh a leanas Ireland Reaching Out agus Tionól na hÉireann 2013.
Ár dtiomantas
Táimid tiomanta ár gcaidreamh a threisiú le muintir na hÉireann agus le sliocht na nÉireannach ar fud an domhain agus na nithe is fearr faoinár dtír féin a chur chun cinn.
Trí oibriú le chéile, cinnteoimid an meas agus an mórmheas atá ar mhuintir na hÉireann agus ar ár gcultúr ar fud an domhain.