Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógra maidir le Príobháideachas Sonraí i gcomhair Clárú Breitheanna Eachtracha

Faisnéis a bhaineann go sonrach leis na sonraí pearsanta atá á mbailiú

Is faisnéis shonrach atá sna sonraí seo a leanas maidir leis na sonraí pearsanta a phróiseálfar i gcomhair Clárú Breitheanna Eachtracha.

1. Cuspóir ar leith:

Aitheantas an iarrthóra agus a dteideal chun saoránacht Éireannach ó ghinealach a fhíorú.

2. An bunús dleathach:

Ailt 7 agus 27 d’Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956, arna leasú agus

Rialachán 6 de na Rialacháin um Breitheanna Eachtracha, 2013 (I.R. Uimh. 47 de 2013).

3. Faighteoirí: 

Capita – soláthraí bogearraí tríú páirtí.

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannas.

4. Aistrithe lasmuigh den AE: 

Ní aistrítear aon sonraí lasmuigh den AE.

5. Tréimhse Choinneála:

Ní choinneoidh an Roinn na sonraí a bhaileofar chun na críche seo ach amháin chomh fada is go bhfuil gá ó thaobh gnó de é sin a dhéanamh ag teacht leis an gcuspóir (na cuspóirí) dar bailíodh iad. Tar éis an ama sin marcálfar iad le scriosadh agus scriosfar iad de réir treoirlínte inmheánacha nó treoirlínte maidir le scriosadh a fuarthas ó Oifig Náisiúnta na gCartlann nó ceadanna gaolmhara a fuarthas uathu.

Nuair a dhéantar iontráil sa chlár, d’fhéadfaí cartlannú a dhéanamh ar chóipeanna dúbailte de bhundoiciméid chun sláine an chláir saoránacht Éireannach agus breitheanna eachtracha a chosaint.

6. Nuair is oibleagáid reachtúil nó conartha é an soláthar sonraí:

Tá na sonraí le cur ar fáil chun críche reachtúil arna leagan amach in Ailt 7 agus 27 d’Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 (supra), agus tá siad á n-iarraidh faoi riachtanais Rialachán 6 de na Rialacháin um Breitheanna Eachtracha, 2013 (I.R. Uimh. 47 de 2013). Má roghnaíonn an custaiméir gan an fhaisnéis sin a sholáthar, níl féidir dul ar aghaidh lena n-iarratas ar Chlár na mBreitheanna Eachtracha.

7. Cinnteoireacht Uathoibríoch: 

Ní dhéantar aon chinnteoireacht uathoibríoch i rith an phróisis.

8. Faisnéis ó Thríú Páirtí:

Ní fhaigheann na Seirbhísí Consalachta faisnéis ó Thríú Páirtithe.