Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Simon Coveney, TD

An tAire Gnóthaí Eachtracha ar a bhfuil freagracht maidir leis an mBreatimeacht

Minister Coveney

Sonraí Pearsanta

Ainm iomlán: Síomón Ó Cómhanaigh

Áit bhreithe agus dáta breithe: Corcaigh, 16 Meitheamh 1972

Áit chónaithe: An Charraig, Carraig Uí Leighin, Contae Chorcaí

Stádas sibhialta: Pósta le Ruth, agus triúr iníonacha orthu

Oideachas

Bhain an tUasal Ó Cómhanaigh amach B.Sc. sa Talmhaíocht agus sa Bhainistíocht Talún ón gColáiste Ríoga Talmhaíochta, Gloucestershire. Cuireadh oideachas air freisin i gColáiste Choill Chluana Gabhann, Contae Chill Dara; i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus i gColáiste Talmhaíochta an Ghoirtín, Contae Thiobraid Árann.

Gairm agus Poist le Páirtí Polaitíochta

Ceapadh é ina Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ar a bhfuil freagracht maidir leis an mBreatimeacht ar an 30 Samhain 2017.

Ceapadh é ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ar a bhfuil freagracht maidir leis an mBreatimeacht ar an 14 Meitheamh 2017.

Ceapadh é ina Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ar an 6 Bealtaine 2016.

Ceapadh é ina Aire Talmhaíochta, Mara agus Bia ar an 9 Márta 2011 agus ina Aire Cosanta ar an 11 Iúil 2014.

Toghadh ina Theachta Dála é i 1998 agus é ar dhuine de na Teachtaí ab óige de chuid Fhine Gael. Ó shin i leith, bhí sé i bhfeighil scáth-aireachtaí sna réimsí seo a leanas: Drugaí agus Gnóthaí Óige; Cumarsáid, Gnóthaí Mara agus Acmhainní Nádúrtha; Gnóthaí Iompair agus Mara.

Bhí an tUasal Ó Cómhanaigh ina chathaoirleach ar Choiste Fhine Gael um Fhorbairt Beartais roimh Olltoghchán na bliana 2011.

Toghadh é ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa in 2004 agus bhí sé ina bhall de ghrúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh agus na nDaonlathach don Eoraip. Bhí sé ina bhall den Choiste Gnóthaí Eachtracha agus den Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint Tomhaltóirí. Bhí sé ina bhall ionadaíochta ar an gCoiste Iascach freisin. Is é an tUasal Ó Cómhanaigh a scríobh Tuarascáil Bhliantúil Pharlaimint na hEorpa um Chearta an Duine ar Domhan don bhliain 2004 agus arís don bhliain 2006.

Bhí sé ina ball de Chomhairle Chontae Chorcaí agus de Bhord Sláinte an Deiscirt idir 1999 agus 2003.

Gníomhaíochtaí eile

Tá an-suim aige sa spórt iomaíoch, agus bhíodh sé ag imirt rugbaí do Chlub Rugbaí Gharraí Eoin, Cork Constitution agus Club Rugbaí Bhun an Tábhairne. I 1997/8 bhí sé i gceannas ar Thionscadal Seoltóireachta Shearnóbail, faoinar clúdaíodh achar farraige 30,000 míle thart timpeall an domhain ar mhaithe le carthanacht.

Tá baint ag an Uasal Ó Cómhanaigh fós le feirm an teaghlaigh i gContae Chorcaí.