Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Taidhleoirí sa Seomra Ranga

Is ceann amháin de na heocharghnéithe an tionscnaimh seo ná an clár Taidhleoirí sa Seomra Ranga. Tá sé mar aidhm aige feasacht, plé agus díospóireacht a ardú i measc daltaí dara leibhéil na sraithe shinsearaigh ar obair an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, agus ar áit na hÉireann i ndomhan atá ag athrú.

Tabharfaidh oifigigh ón Roinn cuairt ar scoileanna idir 1 Feabhra agus 1 Nollaig, agus seachadfaigh siad ceardlanna idirghníomhacha deartha le daltaí a mhealladh ar thrí eocharghnéithe de Pholasaí Eachrach na hÉireann: Ár nDaoine, Ár Leasanna agus Luachanna, agus Rath na hÉireann. Ag tarraingt ar a thaithí phearsanta ar obair sa Roinn, déanfaidh siad iarracht léargas a sholáthar ar chonas a chuirtear Polasaí Eachtrach i bhfeidhm.

Tógfar na gníomhaíochtaí ceardlainne ar an eolas a fuarthas ó Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (CSPE) le linn na Sraithe Shóisearaigh. Déanfaidh siad trácht ar réimsí de churachlam na sraithe shinsearaigh ag cuimsiú cúrsaí Staire agus Tíreolaíochta na Gnáthardteistiméireachta, agus ar ghnéithe de churachlam Oideachais Shóisialta san Ardteistiméireacht Fheidhmeach.

Students In Classroom

Chun cuairt Taidhleoirí sa Seomra Ranga a eagrú ar do scoil seol ríomhphost chuig diplomatsintheclassroom[at]dfa[dot]ie leis an eolas seo a leanas:

  • Ainm na scoile agus seoladh na scoile
  • Ainm iomlán an mhúinteora a dhéanfaidh comhthadhall leis an bhfoireann Taidhleoirí sa Seomra Ranga
  • Seoladh ríomhphoist agus uimhir fhóin an teagmhála
  • Líon na rannpháirtithe agus an bhliain ina bhfuil siad (Idirbhliain/5ú/6ú/comhcheangal). Molaimid grúpa de 30 dalta go neasach le huasmhéid de 60 in aghaidh an ghrúpa. Is féidir linn ceardlann comhleanúnach a reáchtáil nuair atá líon an ghrúpa níos mó ná 60.
  • Fad na Ceardlainne (molaimid 2 x 40 nóiméad tréimhsí ranga nó 3 x 40 nóiméad tréimhsí ranga)
  • Dátaí roghnaithe idir 1 Feabhra agus 1 Nollaig
  • Cé acu an raibh cuairt Taidhleoirí sa Seomra Ranga ag do scoil roimhe seo

Tabhair faoi deara gur féidir nach mbeidh sé indéanta gach iarratas a éascú; pléifear le hiarratais ar bhonn gach duine ar a sheal féin.

Diplomats in the Classroom As Gaeilge