Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/pasanna.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

Best way to apply for your passport

Passport Online is the fastest way to apply for your or your child’s passport or passport card, from anywhere in the world, on a smartphone, tablet or personal computer.  This secure and convenient service is available 24 hours a day, 7 days a week, 365 days a year.
 
Applications will be processed within the current processing times. If you need to submit documents, the processing time will only start when we receive them.

Apply now

Cad é an bealach is fearr le hiarratas a dhéanamh ar mo phas?

Cuireann Seirbhís na bPasanna réimse bealaí áisiúla ar fáil chun iarratas a dhéanamh ar phas. An raibh a fhios agat gur féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne anois? Is féidir le saoránaigh Éireannacha athnuachan a dhéanamh ar Leabhar Pas nó ar Chárta Pas, nó iarratas a dhéanamh ar a gcéad Chárta Pas anois ach an tSeirbhís um Athnuachan Pas ar Líne, ár seirbhís ghasta shlán a úsáid.

Tá sé tábhachtach go roghnaíonn tú an bealach iarratais ceart, go háirithe sa chás go mbeidh tú ag dul ag taisteal go luath amach anseo. Féach anseo chun agaí comhlánaithe suas chun dáta maidir le gach bealach iarratais a fháil.

Mura bhfuil tú cáilithe don tseirbhís ar líne, nó mura mian leat d’iarratas a chur isteach ar líne, is féidir leat iarratas a dhéanamh i gcónaí trí Sheirbhís na bPasanna Luais. Is féidir foirmeacha iarratas a fháil i Stáisiún na nGardaí nó in oifig phoist.

Is féidir le hiarrthóirí atá ina gcónaí i dTuaisceart Éireann foirm iarratais d’iarratais Seirbhís na bPasanna Luais Thuaisceart Éireann a fháil ag Oifigí Poist rannpháirteacha i dTuaisceart Éireann.

Nuair a bheidh d’fhoirm iarratais comhlánaithe agat ba cheart duit d’iarratas a chur isteach ag d’oifig phoist áitiúil, in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann

I gcás athnuachan pas, beidh sé mar aidhm ag Seirbhís na bPasanna d’iarratas a chur i gcrích laistigh de 15 lá oibre ón dáta ar a bhfaigheann muid an t-iarratas. Tá sé sin faoi réir an méid éilimh atá ann tráth a dhéantar an t-iarratas. Féach anseo chun ár n-agaí comhlánaithe reatha a fheiceáil.

I gcás iarratais chéaduaire nó iarratais de bharr leabhair phas atá imithe amú nó goidte, d’fhéadfadh sé 20 lá oibre ar a laghad a ghlacadh chun iad a phróiseáil. Féach anseo chun ár n-agaí comhlánaithe reatha a fheiceáil.

Nuair a bheidh d’iarratas ar phas curtha isteach, ní féidir an próiseas a thapú. Tá sé an-tábhachtach mar sin go roghnaíonn tú an bealach iarratais ceart agus d’iarratas á chur isteach agat. Féach anseo chun agaí comhlánaithe suas chun dáta a fháil

Iarratais a chuirtear isteach tríd an ngnáthphost nó trí phost cláraithe cuirfear ar ais chuig an iarrthóir iad agus ní dhéanfar próiseáil orthu.

Ag taisteal go luath? Ní bheidh go leor ama agat le do phas a athnuachan ar líne ná tríd an bpost? Cuir coinne in áirithe le Seirbhís na bPasanna i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh.

Is féidir le saoránaigh atá ina gcónaí thar lear an tSeirbhís um Athnuachan Pas ar Líne a úsáid chun iarratas ar phas a dhéanamh ar líne. Ba cheart ceisteanna maidir le gach cineál eile iarratais a chur ag an ambasáid nó ag an gconsalachts gaire duit.

Déan iarratas ar líne