Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/pasanna.

Conas is féidir finné a fháil don iarratas pas

Identification

First time adult applications made through the Passport Online service require an Identity Verification Form to be signed by a witness. The Identity Verification Form can be printed at the end of the online process.

First time adult applicants resident in Ireland must get their identity verification form signed by a member of the Garda Síochána. For first time adult applicants living elsewhere in Northern Ireland, Great Britain, the EU/EEA or Switzerland see the next section for a list of suitable witnesses for verifying identity.

Consent of guardians

Passport applications for children under the age of 18 need the consent of all guardians (unless the child is married).

All guardians need to sign the relevant part of the Child Passport Identity and Consent Form in the presence of a suitable witness. This form can be printed off at the end of the online process. Find out what to do if one or more guardians are unable to provide consent.

It is the responsibility of the guardian(s) accompany the child to an appropriate witness for signature. This witness must witness the signature of the guardian(s) which give consent. Please ensure you read all sections of the form carefully.

A member of one of the professions listed below can witness the Child Passport Identity and Consent Form as long as they are personally know to you. Witnesses must be satisfied as to you and your child’s identify and that the photo of your child is a true likeness of them.

Please ensure your witness will be contactable at the number provided on the form. If your witness cannot be reached at the phone number provided, this may delay your application.

Guardians must:

  • sign the relevant part of the Child Passport Identity and Consent Form in the presence of a suitable witness (see list below)
  • ensure consent is witnessed in the country they reside in

The witness must:

  • complete, sign and stamp the relevant sections of the Child Passport Identity and Consent Form (if the witness does not have an official stamp – please include witnesses’ business card with passport application)
  • sign each section separately if they witness both parents’/guardians’ signatures
  • include a work landline phone number - mobile phone numbers will not be accepted

Your witness can be a:

  • a member of the Garda Síochána
    In Ireland, a member of the Garda Síochána is required to complete the Identity Verification Form for all first time adult and child applications.
  • an approved witness (must be practicing)
    For applicants from outside of Ireland you can use the below list of suitable witnesses for verifying identity:
    • School principal/vice principal
    • Teacher
    • School Secretary
    • Pre-school manager
    • Montessori teacher
    • Police Officer
    • Member of clergy
    • Medical doctor
    • Lawyer
    • Bank manager or assistant bank manager
    • Credit Union Manager or Assistant Manager
    • Elected public representative
    • Notary public/ commissioner for oaths
    • Peace commissioner
    • Accountant
    • Dentist
    • Vet
    • Nurse
    • Physiotherapist
    • Speech Therapist
    • Lecturer
    • Pharmacist
    • Chartered Engineer

For further guidance on guardianship and consent see here.

Lost or stolen and damaged passports

You must report the loss or theft of your passport to your local Garda station/Police station. To get a new passport you will need to submit a new application.

When applying via the Online Passport Renewal Service, please indicate that the passport was lost, stolen or damaged in the relevant section of the application web-page. There is no need for additional witnessing for online applications.

If your passport has been lost or stolen you should inform the Passport Service, even if you don’t need a replacement. If you lose two or more passports, it may restrict the period of validity for your next passport and it may not be possible to receive your passport in less than 10 working days.

Remember…
Do not, under any circumstances, try to travel on a passport that has been reported as lost or stolen.
For further information on lost, stolen or damaged passports see here.

Aitheantas

I gcás iarratas a dhéanann duine fásta ar líne tríd an tSeirbhís um Athnuachan Pas Ar Líne, ní gá go mbeadh finné eile agat chun aitheantas a fhíorú.

Ní mór go mbeadh finné ann chun an t-aitheantas a fhíorú agus don toiliú caomhnóra i gcás iarratas ar líne do leanbh. Maidir le haitheantas a fhíorú, ní mór d’fhinné an chuid ábhartha den Fhoirm Aitheantais agus Toilithe do Phas Linbh a shíniú. Is féidir an fhoirm seo a phriontáil ag deireadh an phróisis ar líne. Féach an chéad chuid eile chun liosta a fháil d’fhinnéithe iomchuí chun aitheantas agus toiliú a fhíorú.

Toiliú caomhnóirí

Ní mór go mbeadh toiliú caomhnóirí ag gabháil le hiarratais ar phas i gcás leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois (ach amháin má tá an leanbh pósta).

Ní mór go síneodh na caomhnóirí uile an chuid iomchuí den Fhoirm Aitheantais agus Toilithe do Phas Linbh i bhfianaise finné iomchuí. Is féidir an fhoirm seo a phriontáil ag deireadh an phróisis ar líne.  Cad is ceart a dhéanamh mura bhfuil caomhnóir amháin nó níos mó in ann toiliú a thabhairt.  

Tá freagracht ar an gcaomhnóir/ar na caomhnóirí dul chuig finné cuí in éineacht leis an leanbh chun síniú a fháil. Ní mór don duine a bheith mar fhinné ar shíniú an chaomhnóra lena dtugtar toiliú. Cinntigh go léann tú gach cuid den fhoirm go cúramach.

Is féidir le daoine a bhíonn ag plé leis na gairmeacha sa liosta thíos a bheith mar fhinné d’ Fhoirm Aitheantais agus Toilithe do Phas Linbh a fhad agus go bhfuil aithne phearsanta agat orthu. Níor mhór go mbeadh an finné sásta i dtaobh do chuid aitheantais agus aitheantas an linbh agus gur íomhá fíor den leanbh an grianghraf.

Cinntigh gur féidir dul i dteagmháil leis an bhfinné ag an uimhir ar an bhfoirm. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh sé moill ar an iarratas mura féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhfinné ag an uimhir a chuirtear ar fáil.

Ní mór do chaomhnóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • an chuid iomchuí den Fhoirm Aitheantais agus Toilithe do Phas Linbh a shíniú i láthair finné iomchuí (féach an liosta thíos)

Ní mór don fhinné na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • na codanna iomchuí den Fhoirm Aitheantais agus Toilithe do Phas Linbh a chomhlánú, a shíniú agus a stampáil (mura bhfuil stampa oifigiúil ag an bhfinné – cuir cárta gnó an fhinné leis an iarratas ar phas)
  • go ndéanfadh an finné gach cuid a shíniú aisti féin má tá sé ina fhinné ar an síniú a dhéanann an bheirt tuismitheoirí/caomhnóirí
  • go gcuirfeadh sé uimhir ghutháin líne thalún ag an láthair oibre ar fáil - ní ghlactar le huimhir fhón póca

Is féidir leis na daoine ar an liosta seo a leanas a bheith ina bhfinnéithe:

  • Ball den Gharda Síochána
  • Príomhoide/leasphríomhoide/múinteoir scoile / rúnaí scoile / bainisteoir réamhscoile, múinteoir Montessori 
  • Ball den Chléir
  • Dochtúir leighis
  • Dlíodóir
  • Bainisteoir bainc / bainisteoir cúnta bainc nó bainisteoir / bainisteoir cúnta comhair creidmheasa
  • Ionadaí pobail tofa
  • Nótaire poiblí /coimisinéir mionnaí
  • Feidhmeannach síochána
  • Cuntasóir
  • Fiaclóir
  • Tréidlia
  • Altra
  • Fisiteiripeoir
  • Teiripeoir urlabhra
  • Léachtóir
  • Poitigéir
  • Innealtóir Cairte

Chun tuilleadh eolais a fháil ar chaomhnóireacht nó ar thoiliú, féach anseo.

Pasanna a cuireadh amú, a goideadh nó a ndearnadh damáiste dóibh

Ní mór duit é a chur in iúl do Stáisiún áitiúil na nGardaí /stáisiún póilíneachta má chailltear nó má ghoidtear do phas. Chun pas nua a fháil, beidh ort iarratas nua a dhéanamh.

Nuair a dhéantar iarratas ar líne tríd an tseirbhís um athnuachan pas ar líne, cuir in iúl gur cailleadh, gur goideadh nó go ndearnadh damáiste don phas ar an gcuid iomchuí den iarratas ar líne. Ní gá finné a fháil d’iarratais ar líne.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é, ba cheart sin a chur in iúl do Sheirbhís na bPasanna, fiú mura bhfuil ceann eile uait. Má chailleann tú dhá phas nó níos mó ná sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí srian ar thréimhse bailíochta do chéad phas eile agus nach mbeifeá in ann an pas a fháil taobh istigh de 10 lá oibre.

Cuimhnigh...

Ná déan iarracht dul ag taisteal riamh le pas nuair a cuireadh in iúl gur cailleadh nó gur goideadh é.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar phasanna a cuireadh amú, a goideadh nó a ndearnadh damáiste dóibh, féach anseo.

Aitheantas

Beidh Garda ag Stáisiún áitiúil na nGardaí mar fhinné ar an bhfoirm iarratais ar phas; a fhad agus atá siad sásta le d’aitheantas agus gur íomhá fíor díot na ceithre ghrianghraf. Cinntigh go dtugann tú leat cáipéis aitheantais ar a bhfuil grianghraf agus d’fhéadfadh sé freisin go n-iarrfadh an Garda ort níos mó cruthúnais aitheantais a sholáthar.

Ní mór:

  • Cuid 8 den fhoirm a shíniú i láthair Garda. Go síneodh iarratasóirí atá seacht mbliana d’aois nó níos sine an chuid seo iad féin

Ní mór don Gharda:

  • Cuid 9 den fhoirm a chomhlánú
  • Uimhir na foirme a scríobh (atá ar fáil i gCuid 9 den fhoirm) ar chúl dhá cheann de na ceithre ghrianghraf
  • Cúl na ngrianghraf sin a shíniú agus a stampáil

Cuimhnigh...

Nach bhfuil an fhoirm iarratais bailí ach ar feadh sé mhí tar éis don fhinné í a shíniú. 

Toiliú caomhnóirí

Ní mór go mbeadh toiliú caomhnóirí ag gabháil le hiarratais ar phas i gcás leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois (ach amháin má tá an leanbh pósta).

Ní mór do chaomhnóirí an chuid iomchuí de chuid 7 den fhoirm iarratais a chomhlánú agus a shíniú i láthair finné oiriúnach.

Tá freagracht ar an gcaomhnóir/ar na caomhnóirí dul chuig finné cuí in éineacht leis an leanbh chun síniú a fháil. Ní mór don duine a bheith mar fhinné ar shíniú an chaomhnóra lena dtugtar toiliú. Cinntigh go léann tú gach cuid den fhoirm iarratais go cúramach.

Is féidir le daoine a bhíonn ag plé leis na gairmeacha sa liosta thíos a bheith mar fhinné ar chuid 7 den fhoirm iarratais a fhad agus go bhfuil aithne phearsanta agat orthu. Níor mhór go mbeadh an finné sásta i dtaobh do chuid aitheantais agus aitheantas an linbh agus gur íomhá fíor den leanbh an grianghraf.

Cinntigh gur féidir dul i dteagmháil leis an bhfinné ag an uimhir ar an bhfoirm. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh sé moill ar an iarratas mura féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhfinné ag an uimhir a chuirtear ar fáil.

Ní mór do chaomhnóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Ní mór don fhinné na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Cuid 7 den iarratas a chomhlánú, a shíniú agus a stampáil (mura bhfuil stampa oifigiúil ag an bhfinné – cuir cárta gnó an fhinné leis an iarratas ar phas)
  • gach colún a shíniú as féin má tá sé ina fhinné ar an síniú a dhéanann an bheirt tuismitheoirí/chaomhnóirí
  • go gcuirfeadh sé uimhir ghutháin líne thalún ag an láthair oibre ar fáil - ní ghlactar le huimhir fhón póca

Is féidir leis na daoine ar an liosta seo a leanas a bheith ina bhfinnéithe:

  • Ball den Gharda Síochána
  • Príomhoide/leasphríomhoide/múinteoir scoile / rúnaí scoile / bainisteoir réamhscoile, múinteoir Montessori 
  • Ball den Chléir
  • Dochtúir leighis
  • Dlíodóir
  • Bainisteoir bainc / bainisteoir cúnta bainc nó bainisteoir / bainisteoir cúnta comhair creidmheasa
  • Ionadaí pobail tofa
  • Nótaire poiblí /coimisinéir mionnaí
  • Feidhmeannach síochána
  • Cuntasóir
  • Fiaclóir
  • Tréidlia
  • Altra
  • Fisiteiripeoir
  • Teiripeoir urlabhra
  • Léachtóir
  • Poitigéir
  • Innealtóir Cairte

Cuimhnigh...

Níor mhór go mbeadh Garda mar fhinné ar Chuid 9 den iarratas agus go mbeadh sé sásta i dtaobh aitheantas an linbh. Is riachtanas breise é an toiliú caomhnóra i gCuid 7 i gcás iarratais ar phas do leanaí. Baineann an liosta finnéithe thuas leis an gcuid seo den iarratas amháin.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar chaomhnóireacht nó ar thoiliú, féach anseo.

Pasanna a cuireadh amú, a goideadh nó a ndearnadh damáiste dóibh

Sa chéad áit, ní mór duit é a chur in iúl do Stáisiún áitiúil na nGardaí/stáisiún póilíneachta má chailltear nó má ghoidtear do phas. Chun pas nua a fháil, beidh ort iarratas nua a dhéanamh.

Ar an bhfoirm iarratais:

  • Comhlánaigh Cuid 6 den fhoirm iarratais agus mínigh gur cailleadh, gur goideadh nó go ndearnadh damáiste don phas.
  • Iarr ar Gharda a bheith ina fhinné agus an fhoirm a stampáil

Fiú mura bhfuil ceann eile uait, ba cheart é a chur in iúl do Sheirbhís na bPasanna má théann do phas amú nó má ghoidtear é. Má chailleann tú dhá phas nó níos mó ná sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí srian ar thréimhse bailíochta do chéad phas eile agus nach mbeifeá in ann an pas a fháil taobh istigh de 10 lá oibre.

Cuimhnigh...  

Ná déan iarracht dul ag taisteal riamh le pas nuair a cuireadh in iúl gur cailleadh nó gur goideadh é.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar phasanna a cuireadh amú, a goideadh nó a ndearnadh damáiste dóibh, féach anseo

Aitheantas

Is féidir le duine a bhíonn ag plé leis na gairmeacha thíos a bheith ina fhinné ar an bhfoirm iarratais ar phas; a fhad agus atá siad sásta le d’aitheantas agus gur íomhá fíor díot na ceithre ghrianghraf.

Cinntigh go dtugann tú leat cáipéis aitheantais ar a bhfuil grianghraf agus d’fhéadfadh sé freisin go n-iarrfadh an finné ort níos mó cruthúnais aitheantais a sholáthar. 

  • Oifigeach póilíneachta
  • Príomhoide/leasphríomhoide/múinteoir scoile / rúnaí scoile / bainisteoir réamhscoile, múinteoir Montessori 
  • Ball den Chléir
  • Dochtúir leighis
  • Dlíodóir
  • Bainisteoir bainc / bainisteoir cúnta bainc nó bainisteoir / bainisteoir cúnta comhair creidmheasa
  • Ionadaí pobail tofa
  • Nótaire poiblí /coimisinéir mionnaí
  • Feidhmeannach síochána
  • Cuntasóir
  • Fiaclóir
  • Tréidlia
  • Altra
  • Fisiteiripeoir
  • Teiripeoir urlabhra
  • Léachtóir
  • Poitigéir
  • Innealtóir Cairte

Ní mór:

  • Cuid 8 den fhoirm a shíniú i láthair finné. Go síneodh iarratasóirí atá seacht mbliana d’aois nó níos sine an chuid seo iad féin

Ní mór don fhinné na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Cuid 9 den fhoirm a chomhlánú, lena n-áirítear uimhir ghutháin líne thalún ag an láthair oibre - ní ghlactar le huimhir fhón póca.
  • Uimhir na foirme ó Chuid 9 a chur ar chúl dhá cheann de na ceithre ghrianghraf
  • Cúl na ngrianghraf sin a shíniú agus a stampáil

Cuimhnigh...

Nach bhfuil an fhoirm iarratais bailí ach ar feadh sé mhí tar éis don fhinné Cuid 9 a shíniú. 

Toiliú tuismitheoirí nó caomhnóirí

Ní mór go mbeadh toiliú caomhnóirí ag gabháil le hiarratais ar phas i gcás leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois (ach amháin má tá an leanbh pósta).

Ní mór do chaomhnóirí an chuid iomchuí de chuid 7 den fhoirm iarratais a chomhlánú agus a shíniú i láthair finné oiriúnach.

Tá freagracht ar an gcaomhnóir/ar na caomhnóirí dul chuig finné cuí in éineacht leis an leanbh chun síniú a fháil. Ní mór don duine a bheith mar fhinné ar shíniú an chaomhnóra lena dtugtar toiliú. Cinntigh go léann tú gach cuid den fhoirm iarratais go cúramach.

Is féidir le daoine a bhíonn ag plé leis na gairmeacha sa liosta thíos a bheith mar fhinné ar chuid 7 den fhoirm iarratais a fhad agus go bhfuil aithne phearsanta agat orthu. Níor mhór go mbeadh an finné sásta i dtaobh do chuid aitheantais agus aitheantas an linbh agus gur íomhá fíor den leanbh an grianghraf.

Cinntigh gur féidir dul i dteagmháil leis an bhfinné ag an uimhir ar an bhfoirm. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh sé moill ar an iarratas mura féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhfinné ag an uimhir a chuirtear ar fáil.

Ní mór do chaomhnóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Ní mór don fhinné na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Cuid 7 den iarratas a chomhlánú, a shíniú agus a stampáil agus uimhir ghutháin líne thalún ag an láthair oibre a chur ar fáil - ní ghlactar le huimhir fhón póca (mura bhfuil stampa oifigiúil ag an bhfinné – cuir cárta gnó an fhinné leis an iarratas ar phas)
  • Gach colún a shíniú as féin má tá sé ina fhinné ar an síniú a dhéanann an bheirt tuismitheoirí/chaomhnóirí 

Pasanna a cuireadh amú, a goideadh nó a ndearnadh damáiste dóibh

Sa chéad áit, cuir in iúl do Stáisiún áitiúil an Gharda Síochána/stáisiún póilíneachta gur cuireadh amú nó gur goideadh do phas, más féidir. (Nóta: Ní chuirfidh póilíní i ndlínsí áirithe tuairiscí póilíní ar fáil – beidh Ambasáid/Consalacht na hÉireann in ann comhairle a chur ort).

Chun pas nua a fháil, beidh ort iarratas nua a dhéanamh. Ní mór tuairisc ó na póilíní a chur isteach leis an iarratas ar phas.

Ar an bhfoirm iarratais:

  • Comhlánaigh Cuid 6 den fhoirm iarratais agus mínigh gur cailleadh, gur goideadh nó go ndearnadh damáiste don phas.
  • Iarr ar phóilín áitiúil nó ar dhuine ar an liosta d’fhinnéithe oiriúnacha thuas, a bheith ina fhinné ar an bhfoirm agus í a stampáil (ba cheart go síneodh an finné céanna cuid 6 agus cuid 8)