Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

What is Passport Express?

It is the only postal application method accepted in Ireland for passport applications. We will not process passport applications submitted by ordinary or registered post. We will send these applications back to you unprocessed.

How to Apply

Is féidir leat d’iarratas ar Sheirbhís na bPasanna Luais a chur isteach chuig thart ar 1,000 oifig de chuid An Post.

Treoir Mhionsonraithe:

  1. Faigh an fhoirm iarratais ar phas, APS 1E, ó aon stáisiún Gardaí nó in aon oifig phoist.
  2. A luaithe agus a bheidh d’iarratas ar phas comhlánaithe i gceart agat agus na doiciméid ábhartha go léir i do sheilbh, tabhair chuig aon oifig phoist de chuid An Post iad. Ceannaigh clúdach litreach Sheirbhís na bPasanna Luais ansin agus tabhair d’iarratas do chléireach cuntair.
  3. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le cárta creidmheasa/dochair, nó le hairgead tirim. Féach táillí Sheirbhís na bPasanna Luais.
  4. Agus íocaíocht déanta agat, tabharfar admháil duit. Coinnigh an admháil seo in áit shlán mar is ansin a gheobhaidh tú uimhir rianaithe d’iarratais ar phas. Seo an pointe tagartha chomh maith más mian leat aon cheisteanna maidir le d’iarratas a chur.

Tá an rogha agat d’iarratas ar Sheirbhís na bPasanna Luais a chur isteach ag níos mó ná 70 oifig phoist.

Treoir Mhionsonraithe:

  1. Faigh an fhoirm iarratais ar phas, APS 2E, ón oifig phoist is gaire duit.
  2. A luaithe agus a bheidh d’iarratas ar phas comhlánaithe i gceart agat agus na doiciméid ábhartha go léir i do sheilbh, tabhair chuig aon cheann de na hoifigí poist liostaithe iad. Ceannaigh clúdach litreach Sheirbhís na bPasanna Luais ansin agus tabhair d’iarratas do chléireach cuntair.
  3. Ba cheart cártaí creidmheasa/dochair nó airgead tirim a úsáid ag an oifig phoist ansin chun íocaíocht a dhéanamh.

Agus íocaíocht déanta agat, tabharfar admháil duit. Coinnigh an admháil seo in áit shlán mar is ansin a gheobhaidh tú uimhir rianaithe d’iarratais ar phas. Seo an pointe tagartha chomh maith más mian leat aon cheisteanna maidir le d’iarratas a chur.

You must submit your postal application to your Embassy or Consulate in the country you live in. For example, if you live in the USA and are on holidays in Ireland, it is not possible to use Passport Express.

Tá Seirbhís na bPasanna Luais ar fáil in dhá oifig phoist sa Bhreatain Mhór faoi láthair.

Glaschú

Glasgow Post Office,

140 West Nile Street,

Glaschú,

G1 2RD.

Learpholl

Liverpool Post Office,

1 – 3 South John Street,

Learpholl,

L1 8BN.

Tabhair faoi deara nach féidir le cónaitheoirí sa Bhreatain Mhór iarratas a dhéanamh trí Sheirbhís na bPasanna Luais atá á cur ar fáil in Éirinn ag An Post.

Treoir Mhionsonraithe:

  1. Faigh an fhoirm iarratais ar phas, APS 2E, ónár nOifig Pasanna i Londain, nó ón Ionad Éireannach is gaire duit nó sa phost.
  2. A luaithe agus a bheidh d’iarratas ar phas comhlánaithe i gceart agat agus na doiciméid ábhartha go léir i do sheilbh, tabhair chuig ceann amháin de na hoifigí poist i nGlaschú nó i Learpholl iad. Ceannaigh clúdach litreach Sheirbhís na bPasanna Luais ansin agus tabhair d’iarratas do chléireach cuntair.
  3. Ba cheart cártaí creidmheasa/dochair nó airgead tirim a úsáid ag an oifig phoist ansin chun íocaíocht a dhéanamh.
  4. Agus íocaíocht déanta agat, tabharfar admháil duit. Coinnigh an admháil seo in áit shlán mar is ansin a gheobhaidh tú uimhir rianaithe d’iarratais ar phas. Seo an pointe tagartha chomh maith más mian leat aon cheisteanna maidir le d’iarratas a chur.
  5. Glacann an próiseas thart ar coicís nó trí seachtaine ón dáta ar a bhfaigheann muid d’iarratas, ar an gcoinníoll gur cuireadh an t-iarratas isteach mar is ceart.

Is féidir le cónaitheoirí na Breataine Móire a n-iarratas ar phas a chur isteach ag Ambasáid na hÉireann, an Bhreatain Mhór chomh maith. Féach anseo chun tuilleadh eolais a fháil. 

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

How much does it cost?

View Passport Express fees.

How long does it take?

View our turnaround times.

Make sure your application is correct. Processing times are a guideline and not a service guarantee. Turnaround times can vary depending on the volume of applications.

Seirbhís na bPasanna Luais

Conas iarratas a dhéanamh

Is é Seirbhís na bPasanna Luais an t-aon mhodh iarratais poist amháin a nglactar leis in Éirinn le haghaidh iarratais ar phas. Cuir iarratas isteach ag d’oifig phoist áitiúil, in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Más athnuachan ar phas atá agat cheana féin atá i gceist, tá sé mar aidhm ag Seirbhís na bPasanna do phas a bheith ar ais agat laistigh de 15 lá oibre ón dáta ar a bhfaigheann muid an t-iarratas, ar an gcoinníoll gur cuireadh an t-iarratas isteach mar is ceart. Féach anseo chun agaí comhlánaithe suas chun dáta a fháil

Tabhair fiche is a cúig lá oibre chun próiseáil agus postas a chur i gcrích i gcás iarratais chéaduaire nó iarratais de bharr leabhair phas atá caillte, goidte nó a bhfuil damáiste déanta díobh. Glacann sé níos mó ama na hiarratais seo a phróiseáil ná iarratais ar athnuachan mar go mbíonn gá le seiceálacha aitheantais agus slándála breise.

Níl sna hamanna próiseála ach treoir agus ní chinntítear an t-aga ina seachadfar an tseirbhís sin. Is féidir le hagaí comhlánaithe athrú de réir líon na n-iarratas atá á bpróiseáil ag Seirbhís na bPasanna ag aon tráth amháin.

Tabhair faoi deara nach féidir leat d’iarratas a chur isteach trí oifig phoist in Éirinn/i dTuaisceart Éireann má tá cónaí ort thar lear. Ní mór iarratais phoist a dhéanamh i do thír chónaithe. Mar shampla, má tá cónaí ort i SAM agus má tá tú ar saoire in Éirinn, ní féidir leat d’iarratas ar phas a chur isteach trí Sheirbhís na bPasanna Luais. Ní mór duit d’iarratas a chur isteach ag an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire sa tír ina bhfuil d’ait chónaithe bhuan. 

Is féidir le cónaitheoirí na Breataine Móire iarratas a dhéanamh ag na hOifigí Poist ainmnithe i nGlaschú nó i Learpholl nó ag Ambasáid na hÉireann i Londain. Tá tuilleadh eolais maidir le pasanna ar fáil ar suíomh gréasáin Ambasáid na hÉireann i Londain.

Iarratais a chuirtear isteach tríd an ngnáthphost nó trí phost cláraithe cuirfear ar ais chuig an iarrthóir iad agus ní dhéanfar próiseáil orthu.

Caith súil ar ár gCeisteanna Coitianta

Caith súil ar ár dtreoracha grianghraif maidir le hiarratais ar pháipéar

Caith súil ar ár dTéarmaí agus Coinníollacha  

Ag déanamh athnuachan ar do phas? Spáráil am agus déan ar líne é