Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/pasanna.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

Who can use Passport Online?

Across the world, renew online

Irish citizens anywhere in the world can use Passport Online to:

  • renew their passport book
  • renew their passport card
  • apply for their first passport card

This fast, secure and convenient service is available 24 hours a day, 7 days a week, 365 days a year.

The application takes five to ten working days to process plus postage.

Apply online

Irish citizens, both adults and children, can apply for first time passports and renewals online if they are resident in:

You must live in
  • Ireland
  • Northern Ireland
  • Great Britain
  • Europe
  • Australia
  • Canada
  • New Zealand
  • United States

If you live outside of the countries which offer all passport services online, see our how to apply for a passport guide.

First time adult applicants will get a list of documents that you will send to the Passport Service.
 
Parents applying for your child's passport need to submit a form to verify your child's identity and the consent of all guardians. This form will be available at the end of the online application. In some instances you may have to submit additonal documents for your child. If the child’s passport is valid for more than 6 months, you will have to send the passport to the Passport Service for cancellation.

Cé atá in ann an tSeirbhís um Athnuachan Pas ar Líne a úsáid?

Is féidir le saoránaigh Éireannacha athnuachan a dhéanamh ar Leabhar Pas nó ar Chárta Pas, nó iarratas a dhéanamh ar a gcéad Chárta Pas ar líne anois ach an tSeirbhís um Athnuachan Pas ar Líne a úsáid.

Is féidir le saoránaigh Éireannacha úsáid a bhaint as an tseirbhís ghasta, shlán, seo is cuma cén áit ar domhan ina bhfuil siad ina gcónaí, seirbhís atá ar fáil 24 huaire an chloig, 7 lá na seachtaine, 365 lá na bliana.

Tá an tSeirbhís um Athnuachan Pas ar Líne ar fáil do gach saoránach Éireannach a raibh pas Éireannach aige/aici roimhe nach bhfuil imithe in éag le níos mó ná cúig bliana.

Do Leabhar Pas a athnuachan:

  • Ní mór go raibh pas Éireannach agat roimhe seo – ní mór go ndeachaigh an pas is déanaí a bhí agat in éag níos lú ná 5 bliana ó shin.
  • Is féidir le hiarrthóirí fásta pas a athnuachan gan aon ghá le doiciméid tacaíochta breise nó finnéithe ina lán cásanna. I roinnt catagóirí ar iarratais, bíonn gá le doiciméid tacaíochta breise a sheoladh chuig Seirbhís na bPasanna, mar shampla, i gcás ina bhfuil iarratas ar athrú ainm á dhéanamh.
  • Teastaíonn toiliú ó gach caomhnóir sula n-eiseofar pas i gcás linbh (faoi 18). Ní mór Foirm Toilithe agus Aitheantais Pas do Leanbh sínithe agus fianaithe a sheoladh chuig Seirbhís na bPasanna i gcás gach iarratas linbh. Is féidir an fhoirm sin a phriontáil sa mbaile ag deireadh an phróisis ar líne. I roinnt catagóirí ar iarratais, féadfaidh gá a bheith le doiciméid tacaíochta breise a sheoladh chuig Seirbhís na bPasanna.
  • Má tá tú ag déanamh iarratais den chéad uair, ní mór duit iarratas páipéir a dhéanamh. Féach anseo chun tuilleadh eolais a fháil.

Athnuachan a dhéanamh ar do Chárta Pas nó Cárta Pas Céaduaire:

  • Ní mór an tSeirbhís um Athnuachan Pas ar Líne a úsáid chun iarratais ar Chárta Pas a dhéanamh.
  • Má tá tú os cionn 18 agus pas agat cheana féin is féidir leat iarratas ar chárta pas a dhéanamh as féin. Ní mór go mbeadh do leabhar pas bailí ar feadh 3 mhí eile ar a laghad. 
  • Tá sé níos saoire iarratas ar leabhar agus cárta pas a dhéanamh ag an am céanna, mar bheart. Ní féidir Cárta Pas a fháil do dhuine faoi bhun 18 mbliana ach mar chuid de bheart.
  • Ní mór leabhar pas bailí a bheith agat chun Cárta Pas a fháil. Má tá do leabhar pas reatha imithe amú, goidte nó damáiste déanta dó, agus más mian leat cárta pas a fháil, is féidir leat iarratas ar leabhar pas nua a dhéanamh ag an am céanna le d’iarratas ar chárta pas.

Tá tuilleadh eolais ar Chártaí Pas ar fáil anseo

Eolas Tábhachtach:

  • Ní glacfar ach le híocaíochtaí cárta creidmheasa/dochair
  • Beidh táille postais breise €5 ag dul le gach iarratas linbh.
  • Gearrfar táille postais breise €5 ort má tá tú i do chónaí lasmuigh d’Éirinn (i gcás iarratais linbh ó lasmuigh d’Éirinn ní gá an táille seo a íoc faoi dhó, is leor aon íocaíocht €5 amháin)
  • Déantar na híocaíochtaí ar leathanach slán a úsáideann aistriú SSL
  • Caithfidh d’iarratas ceanglais Acht na bPasanna 2008 a chomhlíonadh
  • Tá sonraí teagmhála Sheirbhís na bPasanna ar fáil anseo
  • Más cuí, tógfaidh sé ar a laghad 28 lá chun aisíocaíochtaí a phróiseáil

Déan cinnte go léann tú na Téarmaí agus na Coinníollacha

Déan iarratas ar líne