Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/taisteal-thar-lear/seirbhisi-consalachta/posadh-agus-pairtneireacht-shibhialta-thar-lear.

Téarmaí agus Coinníollacha

Téarmaí agus Coinníollacha d’úsáid chóras iarratais ar líne Náisiún do Phóstaí agus do Pháirtnéireachtaí Sibhialta Thar Lear

Ní mór duit na Téarmaí agus na Coinníollacha a léamh sular féidir leat leanúint ar aghaidh agus iarratas a dhéanamh ar Certificat de Coutume nó Nulla Osta chun ligeann duit iontráil i bpósadh nó i bpáirtnéireacht shibhialta thar lear.

Ráiteas Ginearálta:

Tá an áis iarratais ar líne seo a ligeann duit chun iarratas a dhéanamh ar Certificat de Coutume nó Nulla Osta á hóstáil ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Meastar gur ghlac úsáideoirí an iarratais ar líne leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo.  

Cóipcheart

Tá an t-ábhar atá le sonrú ar an láithreán gréasáin seo faoi réir chóipcheart an Rialtais de réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Féadtar an t-ábhar a íoslódáil go dtí comhad nó printéir ar mhaithe le húsáid phearsanta amháin. Sa chás go bhfuil an t-ábhar seo á eisiúint do dhaoine eile, ní mór aitheantas a thabhairt don fhoinse (lena n-áirítear URL) agus don stádas cóipchirt.

Ní thugtar cead chun ábhar faoi cóipcheart an Rialtais atáirgeadh maidir le haon ábhar ar an láithreán seo a d’fhéadfadh bheith ina mhaoin de thríú páirtí. Ní mór údarú a fháil chun an t-ábhar sin a atáirgeadh ó shealbhóirí cuí an chóipchirt.  

Séanadh

Cuirtear ábhar na leathanach seo ar fáil mar threoir faisnéise amháin. Tá sé beartaithe go gcuirfidh siad feabhas ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoin Rialtas agus faoina Ranna. Cé go ndéantar gach iarracht agus an t-ábhar á réiteach le haghaidh foilsiú, ní ghlactar aon fhreagracht ar son an Stáit as aon earraí, easnaimh ná ráitis mhíthreoracha ar na leathanaigh seo ná ar aon láithreán lena mbaineann na leathanaigh seo.

Cé go ndéantar gach iarracht le hiontaofacht na láithreán a liostaítear a chinntiú, ní féidir glacadh leis seo mar fhormhuiniú na láithreán seo.

Cosaint Sonraí

Baineann Cosaint Sonraí leis an mbuncheart atá agat i leith príobháideachais agus an ceart atá agat chun smacht a bheith agat ar conas a úsáidtear d’fhaisnéis phearsanta a chosaint. Féadtar teacht ar bhreis faisnéise ar an ábhar seo ar an láithreán gréasáin a leanas: www.dataprotection.ie  

Déileálfar le do shonraí pearsanta de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, agus cloífidh siad go dian leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.

Trí leanúint ar aghaidh agus leas á bhaint as an Láithreán seo, tugann tú toiliú do phróiseáil agus na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú mar chuid den Iarratas (lena n-áirítear sonraí a chuirfidh tú ar fáil maidir le Tríú Páirtí), amhail a shonraítear sna hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003, a bhaileofar uait i gcomhréir lenár mbeartas príobháideachais.

Féadfaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, go háirithe, faisnéis a úsáid atá acu fút ar mhaithe leis an méid a leanas:

a)      Measúnú a dhéanamh ar do theidlíocht i leith Certificat de Coutume/Nulla Osta do Phósadh nó Pairtnéireacht Shibhialta Thar Lear agus teastas a eisiúint duit ina leith sin

b)      Chun teagmháil a dhéanamh leat maidir le d’iarratas nó chun freagra a thabhairt ar aon chumarsáid a d’fhéadfadh gur sheol tú chuig an Roinn maidir le d’iarratas

Comhaontaíonn tú, go háirithe, go gcoimeádfaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an fhaisnéis phearsanta a leanas:

  • Céadainm agus Sloinne
  • Dáta breithe
  • UPSP
  • Sonraí faoi athrú ainm
  • Áit bhreithe
  • Sonraí pas
  • Sloinne roimh phósadh do mháthar
  • Ainm d’athar
  • Seoladh baile
  • Seoladh ríomhphoist
  • Uimhir ghutháin teagmhála
  • Inscne
  • Stádas Pósta
  • Sonraí faoi Phósadh/Pháirtnéireacht Shibhialta
  • Sonraí faoi Phóstaí/Pháirtnéireachtaí Sibhialta Roimhe Seo 

maidir leat féin agus le do chéile nó le do pháirtnéir sibhialta beartaithe a chuirfidh tú ar fáil le linn d’iarratais maidir leat féin agus/nó tríú páirtí ar mhaithe le cuspóirí taifid.

Ráiteas Príobháideachais

Aithníonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cearta a n-úsáideoirí agus ní bhailíonn siad, mar riail ghinearálta, faisnéis phearsanta d’aon sórt. Sa chás go gcuirtear faisnéis ar fáil dúinn mar chuid de phróiseas iarratais ar líne ar Certificat de Coutume nó Nulla Osta, ba cheart d’iarratasóirí bheith feasach gur féidir linn an fhaisnéis sin a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm iarratais a nochtadh do Ranna eile Rialtais  Éireannacha, Gníomhaireachtaí, Údaráis Phoiblí, Rialtais Iasachta agus do chomhlachtaí eile um Shaoráil Faisnéise sa chás go mbíonn amhras ar an Roinn go ndearnadh dearbhú bréagach maidir le haon iarratas ar Certificat de Coutume nó Nulla Osta.

I dtaobh brabhsáil ghinearálta gréasáin, ní nochtar dúinn aon fhaisnéis phearsanta, cé go bhfuil fáil againn ar roinnt faisnéis staitistiúil trínár soláthróir seirbhíse idirlín. D’fhéadfaí a áireamh leis an bhfaisnéis seo seoladh loighciúil an fhreastalaí atá in úsáid agat, an t-ainm fearainn bharrleibhéil óna bhfaigheann tú rochtain ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, etc), an saghas brabhsálaí atá in úsáid agat, an dáta agus an t-am a fhaigheann tú rochtain ar ár láithreán agus an seoladh idirlín a úsáidtear chun nasc a dhéanamh lenár láithreán.

Úsáidtear roinnt den fhaisnéis thuas chun staitisticí achomair a chruthú, a ligeann dúinn measúnú a dhéanamh ar an líon cuairteoirí chuig ár láithreán, na leathanaigh a shainaithint ar a bhfaightear an rochtain is mó agus is minice. Úsáidimid na staitisticí seo chun cabhrú linn láithreán níos fusa le húsáid a dhéanamh dár láithreán.

Athrú ar an Ráiteas Príobháideachais seo

Tá an ceart á chosaint againn chun an ráiteas seo a leasú ag aon tráth amach anseo agus luafar aon athruithe ar an leathanach seo.

Cosaint Víris

Déanaimid dícheall chun an t-ábhar ag gach céim den táirgeadh a sheiceáil agus a thástáil. Moltar i gcónaí duit clár frithvíris a fheidhmiú ar gach ábhar a íoslódálann tú ón Idirlíon. Ní féidir linn aon fhreagracht a ghlacadh as aon chaillteanas, cur isteach ná aon díobháil a dhéantar do do shonraí ar do chóras ríomhaire a d’fhéadfadh tarlú agus ábhar á úsáid agat a tháinig ón láithreán gréasáin seo.

Saoráil Faisnéise

Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise (FOI) i bhfeidhm an 21 Aibreán 1998 agus rinneadh é a leasú an 11 Aibreán 2003.

Faoin FOI, tá an ceart ag gach duine i leith an mhéid a leanas:
• faisnéis atá á coimeád ag Roinn Rialtais nó ag comhlachtaí áirithe poiblí a rochtain
• go gceartófar faisnéis phearsanta a bhaineann leat atá á coimeád ag Roinn Rialtais nó ag comhlachtaí áirithe poiblí nuair atá sí neamhchruinn,   neamhiomlán nó míthreorach
• cúiseanna a fháil ar chinntí a rinne Roinn Rialtais nó ag comhlachtaí áirithe poiblí nuair a dhéanann an cinneadh difear duit

Chun teacht ar bhreis faisnéise ar do chearta faoi Shaoráil Faisnéise, tabhair cuairt ar www.foi.gov.ie

**MEABHRÁN**
Chun d’fhoirm iarratais a shábháil agus a phriontáil, teastaíonn go mbeidh Adobe Reader suiteáilte ar do ríomhaire. Chun Adobe Reader a íoslódáil, cliceáil anseo

Trí leanúint ar aghaidh agus iarratas a dhéanamh ar líne, tá tú tar éis glacadh leis na Téarmaí agus na Coinníollacha thuas.