Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Ailgéir, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Ailgéir

Má tá tú ag taisteal chun na hAilgéire, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-chúramach 

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Ailgéir nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Ailgéir sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, labhair le muintir na háite, le d’ionadaí tionscnóra turas nó le bainistíocht d’óstáin.

Seirbhísí éigeandála

Is iad seo a leanas na huimhreacha éigeandála san Ailgéir:

17 do na póilíní, nó 021 – 73 53 50 ó fhón póca

14 don bhriogáid dóiteáin, nó 021 – 71 14 14 ó fhón póca

021 – 23 63 81 or 021 – 71 14 14 d’otharcharr

Bíonn iontaofacht agus am freagartha na seirbhísí éigeandála éagsúil. D’fhéadfadh nach mbeadh Fraincis ag oibritheoirí éigeandála agus ní labhraíonn siad Béarla de ghnáth.

I gcás éigeandála liachta féadfaidh tú glaoch ar otharcharr, ach ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do chuideachta árachais/cúnaimh liachta go pras má chuirtear ar aghaidh tú go dtí áis liachta le haghaidh cóireála.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht de chuid na hÉireann san Ailgéir, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cabhair uait áfach féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann san Eilvéis (Beirn).

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann).

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

An tAonad Cúnaimh Consalachta i mBaile Átha Cliath

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin leis an Aonad Cúnaimh Consalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath ag +353 1 408 2000.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le Ambasáidí nó Consalachtaí thíortha eile AE chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shóisialta

Tá an staid pholaitiúil san Ailgéir réasúnta cobhsaí ach féadfaidh corraíl shóisialta ócáideach briseadh amach.  Féadfaidh forbairtí réigiúnacha corraíl a spreagadh. Má tá tú ag taisteal san Ailgéir moltar duit a bheith thar a bheith cúramach agus seachain léirsithe nó cruinnithe poiblí ar féidir leo éirí achrannach ar uairibh.      

Coinnigh tú féin ar an eolas i gcónaí faoin méid atá ar siúl thart ort trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus fanacht i dteagmháil le d’óstán nó le do thionscnóir turais.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol na sceimhlitheoireachta ard san Ailgéir, go háirithe lasmuigh de Chathair na hAilgéire agus de na príomhchathracha. Rinneadh ionsaithe buamála féinmharaithe i mórionaid daonra, lena n-áirítear Cathair na hAilgéire, le roinnt bliana anuas. Maraíodh agus gortaíodh daoine go dona sna hionsaithe sin agus is minic gur díríodh ar eachtrannaigh. Tuairiscítear gur Al Qa’ida sa Mhagraib Ioslamach ba bhun leis na hionsaithe seo.

Tá Al Qa’ida sa Mhagraib Ioslamach tar éis dlús a chur freisin lena ngníomhaíocht i bhfásach Sahára agus ba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach sna réigiúin gar do na teorainneacha leis an Libia, le Mailí, leis an Mháratáin, le Nigéir agus leis an Túinéis. Ná déan ach taisteal riachtanach go dtí ceantair laistigh de 450km de theorainneacha Mailí agus na Nigéire; go dtí ceantair laistigh de 100km den teorainn leis an Mháratáin; agus go dtí ceantair laistigh de 50km de theorainneacha na Túinéise agus na Libia.

Tarlaíonn gníomhartha sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear buamálacha, fuadach agus bacainní bóthair neamhdhleathacha in áiteanna eile san Ailgéir. Bí thar a bheith cúramacha má bheartaíonn tú taisteal go Boumerdès, Bouira, Tizi Ouzou agus Bejaia soir ó Chathair na hAilgéire, Blida agus Medéa ó dheas de Chathair na hAilgéire, Chlef ar an taobh thiar, Ain Defla agus Bourj Bou Arreridj soir ó dheas de Chathair na hAilgéire agus Tamanrasset agus Djanet i ndeisceart na hAilgéire.

Coiriúlacht

Tá an choiriúlacht réasúnta íseal san Ailgéir ach ba chóir duit réamhchúram chiallmhar a dhéanamh

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid giuirléidí pearsanta agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Tarlaíonn mionghadaíocht agus robáil ó thithe go minic san Ailgéir agus tá ardú ag teacht ar líon na mugálacha, go háirithe tar éis thitim na hoíche sna cathracha. Tuairiscíodh coireanna níos tromchúisí ina ndeachaigh fir armtha i riocht póilíní, isteach i dtithe agus inar robáladh a raibh istigh faoi dhíriú gunna.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Ailgéir, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann san Eilvéis (Beirn) le cúnamh a fháil.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint san Ailgéir ba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach. Ba chóir taisteal thar tír idir mórchathracha a sheachaint, go háirithe istoíche.

Más mian leat tiomáint:

  • Tabhair leat do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat.
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort má bheirtear ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hAilgéire, teorainneacha luais mar shamplas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a sciobadh agus tú stoptha ag soilse

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionóis throma ar úsáid neamhdhleathach drugaí (cuma cén druga é), lena n-áirítear tréimhsí príosúin fada agus fíneálacha.

Alcól

Táirgeann an Ailgéir roinnt fíona agus beorach a bhíonn le fáil i roinnt tábhairní, óstán, bialanna agus clubanna oíche sna cathracha níos mó. Ach ní bhíonn alcól ar fáil i ngach áit agus ní bhíonn sé ar fáil áit ar bith le linn Ramadan.

An cultúr Moslamach

Is tír Mhoslamach í an Ailgéir agus léiríonn dlíthe áitiúla é seo. Ba chóir duit ómós a thabhairt do thraidisiúin, do nósanna, do dhlíthe agus do reiligiúin áitiúla i gcónaí agus bí cúramach nach maslaíonn do ghníomhartha cultúr na hAilgéire nó creidimh Ioslamacha, go háirithe le linn mhí bheannaithe Ramadan nó má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar mhoscanna nó ar cheantair reiligiúnacha eile.

I rith Ramadan, níl cead ag Moslamaigh ithe, ól ná tobac a chaitheamh i rith uaireanta an lae. Chun nach dtabharfaí masla ní cóir duit ithe, ól ná tobac a chaitheamh go poiblí i rith an ama sin. 

Cultúr áitiúil

San Ailgéir tá an deireadh seachtaine ar an Aoine agus ar an Satharn.

Ba chóir a bheith gléasta go geanúil i gcónaí agus ba chóir do mhná ach go háirithe a bhfeistis a bhreithniú, go háirithe lasmuigh de na príomhcheantair uirbeacha, chun aird nach bhfáilteofaí roimpi a sheachaint.

Hómaighnéasachas

Tá an hómaighnéasachas neamhdhleathach san Ailgéir. Is féidir téarma príosúin a ghearradh ar ghníomhartha gnéasacha idir daoine ar chomhghnéas agus tarlaíonn ionsaithe homafóbacha sa tsochaí coimeádach seo. Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Grianghrafadóireacht

Ná déan iarracht grianghraif a thógáil d’aon fhoirgneamh de chuid an rialtais nó aon ionaid slándála. Tá na póilíní agus seicphointe na bpóilíní san áireamh anseo.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus aeráid

Comhairle phraiticiúi

Aeráid

Tá aeráid na Meánmhara ag an Ailgéir feadh an chósta, geimhridh atá séimh agus fliuch agus samhraidh atá te agus tirim. Bíonn teochtaí an-ard ar fad ag fásach Sahára sa samhradh cé go mbíonn sé beagán níos fionnuaire idir Samhain agus Aibreán. Cé gur annamh a thiteann an teocht faoi bhun 25°C i rith an lae is féidir leis na hoícheanta sa bhfásach a bheith fuar fiú i lár an tsamhraidh.

Tuile

D’ainneoin an easpa báistí sa Sahára, tá codanna eile den Ailgéir atá tugtha do dhrochdhamáiste ó thuile.

Crith talún

Tá tuaisceart na hAilgéire laistigh de chrios creatha talún. Ba chóir duit tú féin a chur ar an eolas faoi nósanna imeachta sábháilteachta i gcás creatha talún. I mBealtaine 2003, bhuail droch-chrith talún réigiún Chathair na hAilgéire agus maraíodh breis agus 2,200 duine agus gortaíodh breis agus 10,000.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála don Ailgéir, lena n-áirítear eolas faoi víosa agus nithe inimirce eile, faigh comhairle ó do thionscnóir turais nó má tá tú id chónaí in Éirinn nó sa RA féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Consalacht na hAilgéire i Londain. Ba chóir do shaoránaigh i dtíortha eile teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid ábhartha de chuid na hAilgéire.

Pasanna

Cé nach gceanglaítear ort do phas a bheith ar iompar agat i gcónaí ba chóir duit é a bheith leat ar aistir fhada. Teastóidh sé uait má tá tú ag taisteal go hinmheánach ar eitleán.

Go ginearálta coinnigh do phas in áit shábháilte éigin agus bíodh cóip leat i gcónaí.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal duit féachaint an dteastaíonn aon vacsaínithe don Ailgéir.

Airgead

Níl teacht chomh forleathan ar mheaisíní ATM agus atá san Eoraip agus tá úsáid chárta creidmheasa teoranta don chuid is mó d’óstáin agus do roinnt ghnólachtaí sna cathracha móra. Ba chóir Dinars na hAilgéire a fháil ó bureaux de change ag na haerfoirt idirnáisiúnta agus in óstáin mhóra nó ó bhainc sna príomhchathracha. Ba chóir trádálaithe airgeadra sráide a sheachaint. Ní féidir Dinars na hAilgéire a onnmhairiú.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that there is no resident Embassy in Algeria.
If you require urgent assistance while the Embassy in Berne, Switzerland is closed, contact the main Embassy number, +41 (0)31 350 0380, and leave a message on the voice mailbox.

This mailbox will be monitored regularly.

Embassy of Ireland
2nd Floor
Kirchenfeldstrasse 68
P.O. Box 262
CH-3000 Berne 6
Switzerland

Tel: +41 31 350 0380

Monday to Friday, 9.30 to 12.00

Contact us