Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Asarbaiseáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Asarbaiseáin

Má tá tú ag taisteal chun na hAsarbaiseáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Asarbaiseáin nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Asarbaiseáin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann san Asarbaiseáin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann in Ankara sa Tuirc má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál fadhb atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá cúrsaí polaitíochta réasúnta cobhsaí san Asarbaiseáin ach uaireanta is féidir le corraíl shibhialta briseadh amach.

Moltar gan taisteal ar chor ar bith go Nagorno-Karabakh ná chuig an limistéar mórthimpeall air atá faoi fhorghabháil mhíleata. Is ceantar é sin atá ina ábhar díospóide leanúnach idir an Asarbaiseáin agus an Airméin agus cé go bhfuil sos comhraic ar bun ó 1994 tuairiscítear tréimhsí gunnalámhaigh feadh na Líne Teagmhála. D’fhéadfadh go leor mianach talún a bheith i roinnt áiteanna.

Níor chóir duit iarracht a dhéanamh dul chun na hAsarbaiseáine ná an tír a fhágáil trí na teorainneacha talún leis an Rúis (ie an Dagastáin) mar go bhfuil siad dúnta do náisiúnaigh eachtracha.

Bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le do theagmhálaí áitiúil, óstán nó do thionscnóir turas. Agus seachain léirsithe agus tionóil phoiblí, atá in ann éirí achrannach uaireanta. 

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht san Asarbaiseáin íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal san Asarbaiseáin ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Tá roinnt mugálacha foréigneacha tarlaithe d’eachtrannaigh.  Tarlaíonn formhór na n-eachtraí tar éis thitim na hoíche i lár Baku thart ar bheáir agus clubanna ar stíl an iarthair. Ba chóir duit a bheith cúramach go háirithe agus tú ag dul isteach i nó ag fágáil d’óstáin nó d’árasáin.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Asarbaiseáin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann in Ankara má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint san Asarbaiseáin, ba chóir duit a bheith cúramach, go háirithe má bhíonn tú ag tiomáint san oíche. Tá coinníollacha tiomána strusmhar agus corrach. De ghnáth níl soilse ar bhóithre agus tá bóithre ar dhroch-chaighdeán agus déantar droch-chothabháil ar charranna.  Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hAsarbaiseáine, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Tacsaithe

Bí eolach nach bhfuil criosanna sábhála i bhformhór na dtacsaithe atá níos sine.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Cultúr áitiúil

Caitheann mná áitiúla agus eachtracha éadaí ar stíl an iarthair de ghnáth. Níor chóir, áfach, d’fhir agus do mhná brístí gearra a chaitheamh sa tsráid mar go bhféadfaí aird a tharraingt nach bhfáilteofaí roimhe.

Homaighnéasachas

Tá gníomhaíocht homaighnéasach dleathach san Asarbaiseáin, ach easaontaíonn go leor de mhuintir na hAsarbaiseáine le gean a léiriú go poiblí. Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Creideamh

Is sochaí shaolta den chuid is mó san Asarbaiseáin agus de ghnáth meastar gur ábhar príobháideach é creideamh. Is Moslamaigh atá i bhformhór an daonra.

Grianghrafadóireacht

Seachain pictiúir a thógáil de láithreáin mar bhunáiteanna, trealamh agus suiteálacha míleata, cibé cén bhail atá orthu. Meastar gur áiteanna íogaire iad agus coimeádadh agus ceistíodh turasóirí nuair a thriail siad pictiúir a thógáil díobh.

Ba chóir duit a bheith eolach freisin maidir le híogaire cultúir agus pictiúir á dtógáil agat de shéipéil agus láithreáin chráifeacha eile. Iarr cead má tá aon amhras ort.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Crith Talún

Tá an Asarbaiseáin suite i gcrios seismeach gníomhach; ach ní raibh aon chreathanna talún tromchúiseacha ann le déanaí.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní mór do náisiúnaigh na hÉireann a fhanann in Asarbaiseáin níos faide ná 3 lá, clárú leis an stáisiún póilíni is gaire dóibh, taobh istigh de 3 lá oibre ón lá a shroicheann siad an tír. D’fhéadfadh óstáin faoi leith an tseirbhís seo a thairiscint dá n-aíonna ach, ní mór do chuairteoirí atá ag fanacht in árasáin nó in árasáin chónaithe phríobháideacha clárú as a stuaim féin. Tá gach taistealaí freagrach as comhlánú an chlárúcháin a chinntiú. Is féidir treoir maidir leis an bpróiseas a fháil ar leathanaigh Bhéarla láithreán gréasáin na Seirbhíse Imirce Stáit. Éilítear orthusan ar mian leo fanacht sa tír níos faide ná 30 lá, clárú le haghaidh cárta cónaithe. Is féidir treoir a fháil anseo.

Gearrfar fíneálacha mura ndéanfar an clárú in am.

Víosaí

Teastaíonn víosa ó shaoránaigh na hÉireann le dul chun na hAsarbaiseáine. Ní fhéadfaidh tú víosa a fháil nuair a thiocfaidh tú chun na hAsarbaiseáine dá bhrí sin ní mór duit víosaí agus riachtanais iontrála eile a sheiceáil amach roimh ré ón Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid na hAsarbaiseáine.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na hAsarbaiseáine.

Embassy contact

Embassy Contact

As Ireland does not have an Embassy or Consulate in Azerbaijan, consular assistance is provided via the Embassy of Ireland in Ankara, Turkey.

Please note that if you require assistance in the case of an emergency while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, 00 90 312 4591000, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox.

This mailbox will be monitored regularly. Please have an English speaker leave the initial message.

Embassy of Ireland
Ugur Mumcu Caddesi No.88
MNG Binasi
B Blok Kat 3
Gaziosmanpasa
Ankara 06700
Turkey

Tel: +90 312 459 1000
Fax: +90 312 446 8061

Monday to Friday 09.00 - 13.00 and 14.00 - 17.00

Contact us