Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

Má tá tú ag taisteal chun na Boisnia agus na Heirseagaivéine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun na Boisnia agus na Heirseagaivéine​

Tá leibhéal níos airde reitric pholaitiúil sa Bhoisnia agus Heirseagaivéin faoi láthair, roimh thoghcháin sceidealaithe níos déanaí i mbliana. Moltar a bheith cúramach ag an tráth seo maidir le suíomhanna a d'fhéadfadh a bheith ina lárphointí le haghaidh léiriúcháin nó gníomhaíochtaí polaitiúla poiblí eile. Seachain na suíomhanna seo, agus fág nuair a mholann na húdaráis ábhartha duit é.

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na Boisnia agus na Heirseagaivéineó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint, ná foirm aimsithe paisinéirí a chomhlánú.

Ba chóir do phaisinéirí taighde a dhéanamh ar na rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair ar an mbealach taistil atá beartaithe chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin sula n-imeoidh siad. Is féidir tuilleadh sonraí maidir leis na ceanglais do phaisinéirí idirnáisiúnta atá ag iarraidh dul isteach sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin a fháil anseo: ​Póilíní Teorann na Boisnia agus na Heirseagaivéine.

Tá éifeachtaí na paindéime COVID-19 le brath fós ar fud na Boisnia agus na Heirseagaivéine. D'fhéadfadh srianta sláinte poiblí a bheith i bhfeidhm i suíomhanna poiblí áirithe, agus d'fhéadfaidís athrú de réir suímh. Má tá tú sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, ba chóir duit monatóireacht a dhéanamh ar athruithe go rialta agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.

Féach na naisc thíos le haghaidh eolais.

Aerfort Sarajevo

Aerfort Tuzla

Aerfort Banja Luka

Naisc chuig na hinstitiúidí ábhartha sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (teanga áitiúil):

An Institiúid Sláinte Poiblí i Republika Srpska

Institiúid Sláinte Phoiblí Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine

Níl an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ina ball den AE/LEE. Ní féidir an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC) a úsáid chun rochtain a fháil ar sheirbhísí cúram sláinte sa tír seo. Is féidir leis an tseirbhís leighis a bheith teoranta i gcodanna den tír. I roinnt bailte, is minic go mbíonn oibrithe deonacha leighis ag obair in ionaid gharchabhrach, agus nach mbíonn ach cóireálacha bunúsacha garchabhrach ar fáil iontu. Ina theannta sin, is féidir leis na socruithe íocaíochta atá ceadaithe go hoifigiúil do sheirbhísí leighis a bheith éagsúil ar fud na tíre.

Sula dtaistealaíonn tú go dtí an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, moltar go láidir árachas taistil cuimsitheach a fháil a chlúdóidh gach costas leighis thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Moltar do dhaoine a bhfuil sé i gceist acu taisteal chun na Boisnia agus na Heirseagaivéine, lena n-áirítear chuig Medjugorje, a bhfuil riocht sláinte orthu cheana dul i gcomhairle le dochtúir sula ndéanann siad pleananna taistil agus sula dtaistealaíonn siad. Ba cheart an t-árachas cuimsitheach leighis a thógtar amach a chur in oiriúint freisin do riocht sláinte an duine aonair.

Tá sé tábhachtach a sheiceáil le haghaidh aon eisiamh agus, go háirithe, a chinntiú go gclúdaíonn an polasaí an duine do na gníomhaíochtaí a thabharfaidh sé/sí fúthu. Dá dteipfí ar aon choinníollacha leighis a bhí ann roimhe sin a dhearbhú, chuirfí clúdach árachais ó bhail.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Ós rud é gur féidir le léirsithe polaitiúla agus eile a bheith ar siúl in BiH ar fhógra gearr, ba chóir duit fanacht ar d'airdeall i spásanna poiblí faoin timpeallacht agus freagra a thabhairt dá réir.

Moltar go láidir gan nithe luachmhara a fhágáil i bhfeithiclí atá páirceáilte. Go háirithe sna bailte móra, ba cheart na gnáthchúraimí a ghlacadh maidir le nithe luachmhara amhail sparáin, ceamaraí agus doiciméid taistil agus tú ar iompar poiblí. Moltar cráifeacht freisin i gceantair inar féidir le líon mór daoine a bheith gar don Stari Most i Mostar agus i Medugorje.

Tá thart ar 2% de chríoch na Boisnia agus na Heirseagaivéine míshábháilte fós mar gheall ar mhianaigh talún agus ordanás neamhphléasctha eile a théann siar go dtí coimhlintí na 1990í. Tá na ceantair ina bhfuil dlús ard daonra ann sábháilte go ginearálta, ach is féidir le hábhar a bogadh as áit le linn tréimhsí de bháisteach trom. Dá bhrí sin, moltar gan dul ag spaisteoireacht ó chosáin agus ó bóithre seanbhunaithe. Ba cheart comhairle áitiúil a lorg maidir leis sin freisin.

In go leor de na cathracha agus bailte móra sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, is féidir le caighdeán an aeir a bheith íseal go leor idir Samhain agus Márta. Ba chóir do dhaoine a bhfuil, ach go háirithe, riochtaí riospráide nó riochtaí sláinte eile orthu dul i gcomhairle le suíomhanna gréasáin chomhairleacha agus monatóireacht a dhéanamh orthu, mar shampla an tInnéacs ar Cháilíocht Aeir an Domhain: https://waqi.info/

Mar atá amhlaidh in áiteanna eile san Eoraip, d'fhéadfadh ionsaithe sceimhlitheoireachta tarlú gan aon réamhfhógra. Moltar mar sin do shaoránaigh Éireannacha monatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus comhairle na bpóilíní áitiúla agus na n-údarás áitiúil a leanúint. Tá sé tábhachtach a bheith ar an airdeall, go háirithe nuair a bhíonn tú ag taisteal ar iompar poiblí, má tá tú ag freastal ar chruinnithe poiblí móra nó ag tabhairt cuairte ar áiteanna plódaithe eile, go háirithe na cinn a bhfuil dlús mór de shaoránaigh eachtrannacha ann. D’fhéadfadh ionsaithe tarlú aon uair agus d’fhéadfaidís díriú ar áiteanna a dtéann turasóirí, bialanna, moil iompair nó áiteanna poiblí eile. Ba chóir do shaoránaigh a bheith ar an eolas faoina dtimpeallacht agus a chinntiú go bhfuil rochtain acu ar bhealaí amach nó ar bhealaí éalaithe i gcónaí.

Ós rud é gur féidir leis an teas éirí measartha dian, go háirithe I rith na tréimhse idir Meitheamh-Meán Fómhair, sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, moltar go láidir do chuairteoirí go leor uisce a choinneáil sa chorp trí uisce a ól go rialta, a gcloigne a choinneáil clúdaithe go cuí, agus a súile a choinneáil hiodráitithe.

Seirbhísí Éigeandála

Má theastaíonn cúnamh éigeandála uait go háitiúil, is féidir leat glaoch ar na huimhreacha thíos le haghaidh seirbhísí ar leith:

  • 122 le haghaidh na póilíní
  • 124 le haghaidh otharcharr

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

An staid pholaitiúil

Féadtar a bheith ag súil le hagóidí, ar fhógra gearr go minic, ar fud mórchathracha sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin. Ar 7 Feabhra 2014 d’éirigh léirsithe áirithe foréigneach. Tharla agóidí sách síochánta ó shin ach tá baol beag foréigin ann i gcónaí. Coinnigh cothrom le dáta lena bhfuil ag tarlú, bí airdeallach agus seachain agóidí.

Tá baol beag foréigin scoite ann, a bhaineann le filleadh daoine easáitithe nó gabháil daoine a bhfuil amhras orthu faoi choireanna cogaidh. Féadfaidh sé seo tarlú gan aon rabhadh áit ar bith sa tír.

Mianaigh Talún

Is fíor-chontúirt iad mianaigh talún sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin. Glanadh mianaigh talún ó na háiteanna ina bhfuil daonra ard agus ó na príomhbhóithre agus tá sé sábháilte cuairt a thabhairt orthu sin anois. Níor glanadh áiteanna sléibhte agus tuaithe iargúlta, áfach, áiteanna díreach taobh amuigh de Shairéavó ina measc.

Moltar duit gan imeacht ó bhóithre agus áiteanna pábháilte gan treoraí le taithí a bheith leat, agus moltar duit áiteanna oscailte faoin tuath a sheachaint, go háirithe foirgnimh agus sráidbhailte atá millte nó tréigthe.  Ná téigh isteach go háiteanna atá dúnta le téip. Féach Mine Action Centre chun tuilleadh eolais a fháil.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Tharla roinnt gadaíochta ó charráistí “faoi ghlas” ar thraenacha, mar sin bí cinnte go bhfuil an doras faoi ghlas i gceart agus nach bhfuil aon rud luachmhar le feiceáil nó in aice an dorais.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é agus faigh tuairisc faoi. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Liúibleána má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, tabhair ar aird go bhfuil sé thar a bheith contúirteach tiomáint tar éis thitim na hoíche agus nach bhfuil soilse sráide coitianta lasmuigh de na bailte móra. Féadfaidh coinníollacha guaiseacha a bheith ann freisin mar gheall ar dhrochbhóithre agus ar an gceo a bhíonn in áiteanna sléibhe ar maidin agus um thráthnóna. Cuimhnigh, tá na dlíthe agus srianta tráchta cosúil leis na cinn i dtíortha eile in Iarthar na hEorpa agus tiomáintear ar thaobh na láimhe deise. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort 0.03 an teorainn alcól san fhuil
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, mar shampla luasteorainneacha. Tá sé de chumhacht ag póilíní tráchta fíneálacha ar an láthair a ghearradh ar aon chion tráchta.
  • Caith do chrios sábhála i gcónaí, chun tosaigh agus ar chúl
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Ná húsáid fón póca agus tú ag tiomáint ach amháin más ‘fearas lámhshaor’ é
  • Caitear tiomáint le ceannsolas maolaithe air an t-am ar fad sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, ní díreach i ndiaidh thitim na hoíche
  • Tá sé riachtanach boinn gheimhridh a bheith ar d’fheithicil idir 15 Samhain agus 15 Aibreán.  Mar mhalairt rogha, féadfaidh tú boinn shamhraidh le trácht 4mm ar a laghad orthu a úsáid, fhad is a bhíonn slabhraí sneachta ar an bhfeithicil agus gur féidir leat a thaispeáint go bhfuil tú in ann iad a shuiteáil i gceart , má iarrtar ort.
  • Is féidir tuilleadh eolais faoi thrácht agus sábhailteacht a fháil ó Automobile Association of Bosnia and Herzegovina

Doiciméadúchán cairr

Bí cinnte go dtabharfaidh tú leat an t-eolas go léir faoi úinéireacht/cíos agus clárú leat mar go bhféadfadh gardaí teorainn iad a iarraidh.

Ba chóir duit a chinntiú go dtugann do chárta glas clúdach don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin má tá sé i gceist agat tiomáint go dtí nó tríd an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an cuid 9.5km den bhóthar ag Neum ar Bhóthar Cósta na Dalmáite san áireamh.     

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Crith talún

Tá creathanna talún sách coitianta sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus taifeadtar creathanna beaga nach mbíonn tionchar acu le linn na bliana.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní gá do shealbhóirí pasanna Éireannacha viosaí a bheith acu le cuairteanna gearra suas le 90 lá. Má tá sé i gceist agat fanacht ar feadh tréimhse níos faide, déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht de chuid na Boisnia agus na Heirseagaivéine is gaire duit, le comhairle a fháil.

Pasanna

Bí cinnte go bhfuil do phas bailí go dtí an lá a fhágfaidh tú an tír, an lá sin san áireamh.

Moltar duit roinnt cóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit cóip de do phas a iompar ort i gcónaí le linn do chuairte.

Clárú

Ní mór do gach eachtrannach clárú leis na póilíní laistigh de 48 uair an chloig tar éis teacht isteach sa tír. Go hiondúil, socraíonn óstáin é sin d’aíonna. Má tá sé i gceist agat fanacht sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin ar feadh níos mó ná sé mhí, ní mór duit iarratas ar chónaitheacht sealadach a dhéanamh, chomh maith le clárú leis na póilíní áitiúla.

Is féidir tuilleadh eolais faoi iontráil eachtrannach agus fanacht sa tír a fháil ó Ministry of Security of Bosnia and Herzegovina

Taisteal le leanaí

Féadfaidh duine faoi bhun 18 a bhfuil a phas/pas féin aige/aici dul thar theorainn na Boisnia agus na Heirseagaivéine má tá duine nó beirt dá thuismitheoirí/tuismitheoirí, feighlí nó caomhnóir dlíthiúil in éineacht leis/léi. Ní mór do mhionúr atá ag taisteal gan duine nó beirt dá thuismitheoirí/tuismitheoirí, feighlí nó caomhnóir dlíthiúil a bheith in éineacht leis/léi ráiteas ón duine sin a deir go dtugann sé/sí cead don mhionúr dul thar an teorainn, ráiteas atá sínithe ag nótaire, a bheith acu.  

Caithfidh na sonraí seo a leanas a bheith sa ráiteas:

  • Eolas pearsanta an mhionúir (ainm, dáta agus áit breithe, uimhir pas, seoladh reatha)
  • Eolas pearsanta an bheirt tuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil
  • Eolas pearsanta an duine atá ag taisteal leis an mionúr (má tá an mionúr ag taisteal le duine fásta eile)
  • Dátaí agus cúiseanna taistil go dtí an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus uathu.
  • An tréimhse ama dá bhfuil an ráiteas bailí
  • Sínithe an dá thuismitheoir, an fheighlí nó an chaomhnóra dlíthiúil

Ní mór an ráiteas a dhéanamh i gceann de na teangacha oifigiúla den Bhoisnia agus den Heirseagaivéin (Boisnis, Cróitis nó Seirbis) nó i mBéarla agus ní mór do dhuine atá údaraithe ag an dlí mionnaí a thabhairt, mar shampla nótaire poiblí, é a nótaireacht. Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Ambasáid na Boisnia agus na Heirseagaivéine i Londain.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Boisnia agus na Heirseagaivéine.

Airgead

Is in airgead tirim a dhéantar formhór na n-idirbheart sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin. An Marg Konvertible an t-airgeadra, agus cé go nglacann roinnt gnólachtaí leis an Euro, ní airgead dlíthairgthe é an Euro sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin. 

Is féidir seiceanna taistil a athrú ag an gcuid is mó de na bainc freisin. Moltar duit go leor airgid tirim a thabhairt leat, mar sin féin, is tú ag taisteal lasmuigh de chathracha móra.

ATManna

Tá níos mó is níos mó ATManna ar fáil agus glactar le cártaí creidmheasa agus le cártaí dochair i Sairéavó agus in áiteanna eile ar feadh na tíre de réir a chéile. Má tá cárta ATM agat a bhfuil siombal Maestró nó Cirrus air, ba chóir go mbeifeá in ann airgead a aistarraingt ó do chuntas in Éirinn.

Iompar Poiblí

Ní labhraítear Béarla go forleathan sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin ach níl sé deacair a bheith ag taisteal ar fud na tíre. Is féidir brath ar sheirbhísí bus agus tram, de ghnáth.

Tacsaithe

Tabhair ar aird go mb’fhéidir nach mbeidh tiománaithe tacsaí ón dá aonán polaitiúla sa tír (Republika Srpska agus Cónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéin) toilteanach taisteal ó aonán amháin go haonán eile.

Embassy contact

Embassy Contact

In the event of an emergency situation in Slovenia or Bosnia and Herzegovina, you can contact the Embassy in Ljubljana on +386 (0)1 300 8970.

The mobile telephone number of the officer on duty will be available on the answering machine.

Embassy of Ireland
Palača Kapitelj, 1st floor
Poljanski nasip 6
1000 Ljubljana
Slovenia

Tel: +386 1 300 8970
Fax: + 386 1 282 1096

Monday to Friday 09h00-12h30 and from 14h30-16h00

Contact us