Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Bholaiv, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Bholaiv

Má tá tú ag taisteal chun na Bolaive, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach 

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an mBolaiv nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin mBolaiv sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid na hÉireann sa Bholaive, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hArd-Chonsal Oinigh na hÉireann i La Paz, an Bholaiv nó le hAmbasáid na hÉireann i mBuenos Aires san Airgintín má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm 
  • An cineál fadhb atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shibhialta

Bíonn formhór na gcuairteanna ar an mBolaiv saor ó thrioblóid. Mar sin féin, tá eachtraí ócáideacha de chorraíl shibhialta in ann tionchar a bheith acu ar na príomhcheantair turasóireachta, ar iompar agus ar thaisteal intíre agus idirnáisiúnta.

Tá baol leanúnach maidir le léirsithe agus stailceanna ar fud na tíre. Tá na léirsithe sin in ann tionchar a bheith acu ar thaisteal áitiúil agus cuireadh as do roinnt bealaí bus idir-rannacha mar thoradh ar dhíospóid idir oibreoirí agus an rialtas.

Bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le do theagmhálaí áitiúil, óstán nó do thionscnóir turas. Agus seachain léirsithe agus tionóil phoiblí, atá in ann éirí achrannach uaireanta. 

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht sa Bholaiv  íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Is féidir le coiriúlacht a bheith ina shaincheist sa Bholaiv agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht thromchúiseach

Tá baol leanúnach maidir le coireanna foréigneacha in aghaidh náisiúnaigh eachtracha agus tuairiscítear go bhfuil ionsaí déanta ar náisiúnaigh Eorpacha, iad robáilte, ionsaí gnéis déanta orthu agus bagairt dúnmharaithe déanta ina leith. Dúnmharaíodh roinnt turasóirí eachtracha.

Ba chóir duit a bheith go mór ar an airdeall agus an-chúramach maidir lena bhfuil timpeall ort agus tú ag taisteal timpeall na Bolaive, go háirithe nuair a thagann tú chun na tíre.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Bholaiv, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i mBuenos Aires má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Bholaiv, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá roinnt de phríomhbhóithre na Bolaive pábháilte, ach tá caighdeán na mbóithre sin éagsúil agus is rianta garbha gan phábháil iad formhór na mbóithre, a dhéantar a ghrádáil ó am go ham. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Bolaive, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Turais safari i Jeepanna

Tharla roinnt timpistí tromchúiseacha bóthair a raibh baint ag turais safari i Jeepanna, agus bhásaigh go leor turasóirí mar thoradh orthu. Moltar duit riocht feithiclí a sheiceáil, crios sábhála a chaitheamh i gcónaí, agus spreagtar tiománaithe tiomáint ar shlí shábháilte agus fanacht laistigh de luasteorainneacha.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Is í an Bholaiv an tríú táirgeoir cócaoin is mó sa domhan. Mar iarracht táirgeadh cócaoin a chur faoi smacht, tá dianphionóis ag an rialtas dóibh siúd a mbéartar orthu ag gáinneáil cócaoin nó le cócaon ina seilbh. Dá bhrí sin, ba chóir duit a bheith an-chúramach le do chuid málaí taistil agus seachain aon teagmháil le drugaí coiscthe.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Aeráid

Tá difear mór in aeráid na Bolaive ó éiciréigiún amháin go héiciréigiún eile, ó na trópaicí in oirthear llanos go haeráid pholach sna Andes thiar. Sa samhradh, bíonn sé te, bogthais san oirthear agus tirim san iarthar, titeann báisteach a dhéanann teochtaí, bogthaise, gaoth, brú atmaisféarach agus galú a mhionathrú go minic, arb é is cúis le haeráidí an-éagsúla.

Nuair a tharlaíonn an feiniméan clíomeolaíochta ar a dtugtar El Niño, athraíonn sé an aimsir go mór.

Sa gheimhreadh, bíonn sé an-fhuar san iarthar, agus bíonn sneachta ar na sliabhraonta, agus i réigiúin san iarthar is gnách don aimsir a bheith gaofar. Bíonn sé tirim san fhómhar sna réigiúin nach ceantair thrópaiceacha iad.

Tuilte

Tarlaíonn tuilte agus maidhmeanna talún, go háirithe i gceantair shléibhe, go rialta i séasúr báistí na Bolaive, a théann ó mhí na Samhna go Márta. Is minic a tharlaíonn sé nach féidir dul ar bhóithre go ceann laethanta.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na Bolaive, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid na Bolaive.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Bolaive.

Fiabhras Deinge

Is tír i an Bholaiv a bhfuil baol ann le fiabhras Deinge a leathadh. Tá an galar go tréan sna Ranna Pando agus Santa Cruz de la Sierra. Is iad na ceantair eile ar bhris an galar amach iontu go príomha, lár Cochabamba, criosanna trópaiceacha La Paz [Roinn], agus i gcathair Riberalta, i réigiún Beni (oirthuaisceart na Bolaive) agus an Roinn Tarija.

Fiabhras buí

Teastaíonn deimhniú vacsaínithe don Fhiabhras Buí ó dhaoine eachtracha nuair a théann siad go ceantair ard-riosca áirithe. Áirítear ar na ceantair sin, réigiúin uile Santa Cruz, Pando agus Beni, agus cuid mhór de na ranna Cochabamba, Tarija agus tuaisceart La Paz. Tá na cathracha La Paz agus Sucre saor ó riosca.

Maláire

Tá baol ó mhaláire ar fud na tíre, ach amháin i gceantair uirbeacha agus in ardchríocha La Paz (os cionn 2500m/8202 troigh) agus an dá chúige Oruro agus Potos san iardheisceart. Ba chóir duit cóireáil fhrithmhaláire a phlé le do dhochtúir sula dtéann tú ag taisteal.

Embassy contact

Embassy Contact

Outside office hours, for genuine emergencies involving Irish citizens, which cannot wait until the next working day, please call +54 9 11 5945 7483.

Embassy of Ireland
Edificio Bluesky
6th Floor
Avenida del Libertador 1068
Recoleta
Buenos Aires
Argentina

Tel: +54 11 5787 0801
Fax: +54 11 5787 0802

Monday to Friday 09:00 to 13:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Bolivia Honorary Consul
Peter O'Toole
Honorary Consul General of Ireland
Av. San Martin y Calle Hugo Wast,
Comercial Chuubi, Planta Alta, Of 16,
Barrio Equipetrol,
Santa Cruz,
Bolivia.

Email: Email us