Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Bhurúin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Bhurúin

Má tá tú ag taisteal chun na Burúine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná Taistil

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an mBurúin nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin mBurúin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa Bhurúin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i nDárasalám sa Tansáin má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm 
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcúnamh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shibhialta

Tá cúrsaí go ginearálta sa Bhurúin ag tosú ag éirí cobhsaí tar éis comhaontuithe síochána idir grúpa reibiliúnach na bhFórsaí Náisiúnta Saoirse (FNL) agus Rialtas na Burúine. Ach, tuairiscítear teannas eitneach fós, agus briseann foréigean agus corraíl shibhialta amach go tobann fós ar fud na tíre. Tá go leor gunnaí beaga agus arm fós ar fáil. Tarlaíonn ionsaithe agus luíocháin ó iarshaighdiúirí, fórsaí reibiliúnacha, agus buíonta ógánach go minic.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol ginearálta ó sceimhlitheoireacht sa Bhurúin.  Tá bagairt phoiblí déanta ag Al-Shabab, an grúpa a ghlac freagracht as na hionsaithe le déanaí i Kampala, Uganda, inar maraíodh níos mó ná 70 duine, in aghaidh na Burúine, agus go háirithe in aghaidh na príomhchathrach Bujumbura.

Fuadach

Tá baol ard fuadaigh i ngar do theorann Phoblacht Dhaonlathach an Chongó. Tá treallchogaithe armtha sa cheantar sin. Tarlaíonn ionraí trasteorann ó ghrúpaí reibiliúnach freisin.

Coiriúlacht

Tá leibhéil choiriúlachta ag dul i méid sa Bhurúin agus tuairiscítear mugálacha le gunnaí agus sceana, buirgléireacht agus goid carranna armtha. Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain na sráideanna a shiúl tar éis thitim na hoíche, fiú i lár chathair Bujumbura

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Bhurúin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i nDárasalám má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Bhurúin, ba chóir duit a bheith an-chúramach agus seachain taisteal ar thalamh tar éis thitim na hoíche. Moltar sna Náisiúin Aontaithe gur chóir taisteal lasmuigh de Bujumbura a dhéanamh i gconbhua de dhá fheithicil ar a laghad.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Burúine, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Homaighnéasachas

Tá gníomhartha homaighnéasacha neamhdhleathach. Moltar do thaistealaithe a bheith cúramach agus discréideach.

Grianghrafadóireacht

Ba chóir duit cead a iarraidh roimh phictiúir a thógáil d’ionaid mhíleata, aerfoirt agus foirgnimh rialtais.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Aeráid

Tá aeráid thrópaiceach/ardchríche sa Bhurúin.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Athraíonn coinníollacha víosa agus coinníollacha iontrála agus fágála (mar airgeadra agus custaim) go rialta.

Ba chóir duit riachtanais iontrála agus fágála na Burúine, lena n-áirítear eolas víosa agus eolas inimirce eile a sheiceáil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid na Burúine sula dtéann tú ag taisteal.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Burúine.

Airgead

Is geilleagar airgid thirim atá sa Bhurúin agus ní ghlactar go forleathan le cártaí creidmheasa. Cé gur féidir teacht ar roinnt ATManna, ní féidir brath orthu agus níl siad slán le húsáid. Is Euro agus dollair na Stát Aontaithe arna gcló i ndiaidh 2003 an t-airgeadra is éasca a mhalartú.

Embassy contact

Embassy Contact

Embassy of Ireland
Toure Drive
Plot No. 353
Masaki
P.O.Box 9612,
Dar es Salaam
Tanzania

Tel: +255 22 221 3800
Fax: +255 22 2602 362

Monday to Thursday 08:00 - 16:30, Friday 08:00 - 14:00

In cases of an emergency outside of regular office hours, the Embassy can be contacted by calling the Duty Officer directly on +255 754 783 455.

Contact us