Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Bhútáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Bhútáin

Má tá tú ag taisteal chun na Bútáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an mBútáin nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin mBútáin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa Bhútáin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála.

Áitiúil

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

An tAonad Cúnaimh Consalachta i mBaile Átha Cliath

Má tharlaíonn éigeandáil nó má bhíonn cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin leis an Aonad Cúnaimh Consalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath ag +353 1 408 2000.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le hAmbasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil. Oibríonn an Danmhairg agus an Ísiltír Consalachtaí i bpríomhchathair na Bútáine, Thimphu. 

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht sa Bhútáin íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal sa Bhútáin ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coir a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Bhútáin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.

Tiomáint

Níl aon chóras iarnróid sa Bhútáin agus níl ann ach líon beag de phríómhbhóithre. Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint, bí eolach gur ar thaobh na láimhe clé a bhíonn an trácht, mar a bhíonn in Éirinn. Is féidir le coinníollacha tiomána a bheith contúirteac, go háirithe sna sléibhte, áit a bhfuil castaí géara, teorainn leis an méid is féidir a fheiceáil agus bóithre caola.

Ach, ní minic a bhíonn turasóirí ag tiomáint sa Bhútáin mar go gcaithfear a gcuairt a shocrú trí thionscnóirí turas le bheith ag taisteal i ngrúpaí le tiománaithe bus a bhfuil taithí acu. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Bútáine, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Cultúr áitiúil

Teastaíonn cead speisialta i scríbhinn ó údaráis inimirce na Bútáine sular féidir cuairt a thabhairt ar fhoirgnimh rialtais áirithe, institiúidí stáit agus roinnt áiteanna lena mbaineann tábhacht chultúir agus chreidimh.

Homaighnéasachas

Is cion coiriúil é homaighnéasachas sa Bhútáin. Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Táirgí faoi chosc

Tá toirmeasc ar thoitíní agus ar tháirgí tobac a dhíol. Déanfar ciontóirí a chúiseamh as smuigleáil agus gearrfar tromfhíneáil orthu. Dlífear ar chuairteoirí chun na Bútáine a bhfuil táirgí tobac acu le húsáid go pearsanta cáin agus muirir dhleachta a íoc.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Crith Talún

Tá an Bhútáin suite i gcrios creathanna talún gníomhach. Má tá tú ag taisteal chun na Bútáine nó i do chónaí ann, déan cinnte go bhfuil a fhios agat cad a dhéanfaidh tú i gcás go dtarlódh crith talún.

Tuilte

Maireann séasúr na monsún ó thús na Bealtaine go Deireadh Fómhair. Tarlaíonn maidhmeanna talún go minic agus is féidir le bóithre sléibhe a bheith contúirteach, fiú i ndea-aimsir.  Déan monatóireacht ar thuartha na haimsire go háitiúil agus pleanáil dá réir.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Tá tionscal turasóireachta na Bútáine beag agus déantar dianrialáil air. Ní fhéadfaidh turasóir nó taistealaí gnó ón iarthar dul isteach sa Bhútáin mar thaistealaí neamhspleách. Má tá tú ag iarraidh cuairt a thabhairt ar an mBútáin, caithfidh tú cúrsa taistil a chlárú agus a dheimhniú le gníomhaire taistil speisialaithe don Bhútáin nó tionscnóir grúpthuras. Déanfaidh an tionscnóir turas na riachtanais víosa agus inimirce uile a phróiseáil, víosa iontrála a eisiúint agus áirithintí maidir le heitiltí agus cóiríocht de réir mar is cuí.

Is féidir le costas mór a bheith i gceist le haghaidh seirbhísí den sórt sin. Gearrtar íosráta laethúil de thuairim is US$200 an duine a chlúdaíonn béilí, turais threoraithe, cláir chultúir agus iompar intíre. D’fhéadfadh nach ligfí taistealaithe isteach sa Bhútáin mura ndéanfar pleananna taistil a athdheimhniú leis an tionscnóir turas agus an cúrsa taistil a íoc go hiomlán roimh thaisteal.

Nuair a thiocfaidh tú chun na Bútáine, beidh táille víosa US$20 breise le híoc agat agus dhá ghrianghraf pas le cur ar fáil agat.

Féadfaidh tú tuilleadh eolais (i mBéarla) a fháil maidir le riachtanais iontrála ó Aireacht Turasóireachta na Bútáine.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Bútáine.

Saoráidí liachta

Tríd is tríd tá fíordhroch-chaighdeán i gceist le hospidéil, saoráidí liachta agus seirbhísí cúram sláinte sa Bhútáin, go háirithe lasmuigh de Thimphu. D’fhéadfadh go mbeadh ar chuairteoirí taisteal ar feadh uaireanta an chloig le seirbhísí liachta dóthanacha a fháil do bhreoiteacht thromchúiseach agus d’fheadfadh go gcaithfí iad a aslonnú chun na hIndia do chóireáil bhreise. Is féidir le cóireáil liachta a bheith costasach agus d’fhéadfadh go dteastódh íocaíocht roimh ré.

Géar-Mhíbhail Airde

Níl aon ábhar imní sláinte ar leith i gceist, ach d’fheadfadh go mbuailfeadh Géar-Mhíbhail Airde lucht fálróde ag airdí ard agus ba chóir go mbeadh eolas maith acu ar chontúirtí a d’fheadfadh a bheith ar shléibhte arda.

Airgead

Is é an ngultrum aonad airgeadra na Bútáine ach glactar go forleathan le rúipithe na hIndia chomh maith. Níl aon ATManna sa tír agus ní féidir cártaí creidmheasa a úsáid. Moltar duit go láidir seiceanna taistil a cheannach i nDollair na Stát Aontaithe sula bhfágann tú Éire, agus is féidir iad sin a mhalartú ag craobh ar bith de chuid Bhanc na Bútáine nó ag formhór na n-óstán mór i dThimphu.

Trealamh leictreonach

Caithfidh údaráis chustaim ríomhairí pearsanta, fóin phóca, ceamaraí agus gach fearas leictreonach pearsanta eile a scrúdú agus a chlárú nuair a thagtar ag calafort iontrála agus caithfear iad a sheiceáil arís nuair a bheifear ag fágáil arís.

Embassy contact

Embassy Contact

Please contact our Consular Assistance Unit in Dublin if you need guidance on the nearest assistance and we will help you as best we can.

Our number is: +353 1 408 2000.

Department of Foreign Affairs
Iveagh House
80 St Stephen’s Green
Dublin 2
D02 VY53

Tel: + 353 (0) 1 408 2000

24 hours a day, 7 days a week

Contact us