Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Chirgeastáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Chirgeastáin

Má tá tú ag taisteal chun na Cirgeastáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an gCirgeastáin nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin gCirgeastáin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Seirbhísí éigeandála

Dóiteáin: 101

Póilíní: 102

Otharcharr éigeandála: 103

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa Chirgeastáin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Moscó sa Rúis má tá cabhair uait.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl pholaitíochta

Tá teannais pholaitiúla agus eitneacha leanúnacha sa Chirgeastáin agus is féidir léirsithe tarlú ó am go chéile. Ba cheart duit gach léirsiú nó cruinniú mór poiblí a sheachaint mar go bhféadfadh siad éirí foréigneach.

Ceantair Teorann

Méadaíodh slándáil i gceantair teorann agus moltar duit ach áiteanna oifigiúla a úsáid le dul trasna na teorann agus gan taisteal sna ceantair teorann mura bhfuil sé riachtanach.

Bí fíor-chúramach má tá tú ag taisteal ar thalamh ón gCirgeastáin chun na hÚisbéiceastáine nó na Táidsíceastáine. Is féidir leis na teorainneacha sin a bheith dúnta gan fhógra, dá bhrí sin seiceáil i gcónaí roimh ré cad iad na háiteanna oifigiúla le dul trasna na teorann atá oscailte. Tá baol ann freisin go bhfuil mianaigh talún ar cheantair teorann neamhrialaithe idir an Chirgeastáin agus an Úisbéiceastáin.

Tá teannas ann maidir le haitheantas theorainneacha na Cirgeastáine agus na hÚisbéiceastáine agus tuairiscítear roinnt eachtraí gunnalámhaigh, ba i gCúige Jalal-Abad a tharla an eachtra is déanaí.

Bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le d’óstán nó do thionscnóir turas. Agus seachain léirsithe agus tionóil phoiblí, atá in ann éirí achrannach uaireanta, go háirithe sa phríomhchathair. 

Sceimhlitheoireacht

Ba chóir duit a bheith eolach ar an mbaol leanúnach ó sceimhlitheoireacht, atá sa Chirgeastáin chomh maith le tíortha eile san Áise Láir. Tá cúlra de ghníomhaíocht sceimhlitheoireachta agus foréigean armtha, go háirithe ó dheas agus siar ó Osh, áit a raibh go leor ionsuithe sceimhlitheoireachta agus tógáil giall roimhe seo.

Mianaigh talún

Tá baol ann go bhfuil mianaigh talún ar cheantair teorann neamhrialaithe idir an Chirgeastáin agus an Úisbéiceastáin.

Coiriúlacht

Tarlaíonn mugálacha agus gadaíocht go rialta i gceantair cathrach agus tuaithe agus dírítear go háirithe ar eachtrannaigh. Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • During your stay you should carry a notarised photocopy of your passport at all times.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
  • Bí ar an airdeall maidir le strainséirí a bhíonn ag iarraidh cúnamh a thabhairt nó a bhíonn ró-chairdiúil
  • Tuairisítear gadaíocht déanta ag póilíní faoi éide agus buíonta

Tacsaithe

Seachain a bheith ag taisteal i dtacsaithe neamhoifigiúla, go háirithe san oíche agus asat féin, nó má tá paisinéir eile sa charr romhat. Ní mholtar feithiclí giofóg príobháideacha a fhruiliú in ionad tacsaithe ceadúnaithe sa Chirgeastáin. Chomh maith leis sin, ní bhíonn méadar i gcónaí i dtacsaithe agus ba chóir duit an táille a shocrú sula dtéann tú isteach sa tacsaí.

Pas caillte nó goidte

Má chailleann tú do phas ní mór duit é a thuairisciú láithreach do na póilíní agus deimhniú den chaillteanas a fháil i scríbhinn. Beidh an tuairisc sin riachtanach nuair a bheidh iarratas á dhéanamh ar phas éigeandála ó Ambasáid na hÉireann i Moscó.

Is féidir leis an Ambasáid glacadh le hiarratais ar phasanna nua, a d’fhéadfadh idir ceithre agus sé seachtaine a thógáil le próiseáil i mBaile Átha Cliath, agus ní fhéadfaidh an Ambasáid pasanna iomlána nua a eisiúint i Moscó.

Aerfort

Ní choinnítear liostaí paisinéirí ar eitleáin faoi rún i gcónaí. Tharla cásanna inar casadh le daoine trína n-ainm ón eitleán agus gur robáladh iad ina dhiaidh sin. Má tá tú ag teacht isteach ag Aerfort Idirnáisiúnta Manas, réamhshocraigh do chuid iompair féin ón aerfort.

Coir a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Chirgeastáin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Moscó má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Chirgeastáin, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá go leor carranna nach bhfuil sábháilte agus ní dhéantar na bóithre a chothabháil go maith agus is minic nach mbíonn comharthaí soiléire ann d’oibreacha bóthair ná do dhamáiste ar bhóithre. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do láncheadúnas tiomána Éireannach agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Is cion tromchúiseach sa Chirgeastáin é tiomáint faoi thionchar an óil, is cuma cé chomh beag an méid a óltar
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Cirgeastáine, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí. Tá sé éigeantach freisin clogad a chaitheamh ar ghluaisrothar
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Úsáid príomhbhóithre agus tú ag taisteal in Bishek nó timpeall air agus seachain sluaite móra
  • Is féidir le rochtain ar gharáistí agus ar pheitreal/uisce a bheith teoranta lasmuigh de chathracha Bishek agus Osh. Déan cinnte gach a theastaíonn uait le haghaidh do thurais a thabhairt leat
  • Seachain a bheith ag tiomáint san oíche
  • Bí ar an eolas go mbíonn bóithre lasmuigh den phríomhchathair blocáilte ag sneachta go minic sa gheimhreadh agus ag maidhmeanna sneachta agus sciorrthaí talún san earrach

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Sábháilteacht Aeir

Ní fios an gcloítear i gceart le nósanna imeachta cothabhála nó an bhfuil paisinéirí clúdaithe ag árachas ar eitleáin a úsáidtear d’eitiltí inmheánacha. Más féidir, moltar duit eitilt go díreach chuig do cheann scríbe ar eitilt idirnáisiúnta ó lasmuigh d’Oirthear na hEorpa agus an Áise Láir, agus seachain taisteal intíre agus réigiúnach le hiompróirí intíre. Má tá sé i gceist agat taisteal ó agus chun na Cirgeastáine, seachain taisteal ar aerlínte a liostaítear faoi thoirmeasc oibriúcháin an AE.

Iompar Poiblí

Moltar gan busanna agus/nó mionbhusanna áitiúla a úsáid mar is minic nach mbíonn criosanna sábhála iontu agus nach mbíonn siad dea-chothabháilte. Tá baol gadaíochta freisin ar bord.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Céannacht phearsanta

Bíodh do phas nó cóipeanna a bhfuil nótaireacht déanta orthu ar iompar agat i gcónaí. Is féidir leis na póilíní daoine gan fhoirm chéannachta a ghabháil.

Faoi dhlí na Cirgeastáine, caithfidh duine ar bith a mhaíonn gur oifigeach de chuid na bpóilíní iad a ndintiúir a thaispeáint nuair a iarrtar sin. Ná téigh isteach i gcarr le haon duine nach bhfuil aithne agat orthu, fiú más póilín é an duine sin de réir dealraimh.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Grianghrafadóireacht

D’fhéadfadh fadhbanna a bheith leis na húdaráis mar thoradh ar ghrianghraif a thógáil d’aon rud a d’fhéadfaí a mheas go mbaineann leas míleata nó slándála leis.

Homaighnéasachas

Rinneadh homaighnéasachas dleathach i 1998. Ach, ní minic a phléitear homaighnéasachas ná a thugtar aitheantas dó go poiblí. Ba chóir a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Crith Talún

Tá an Chirgeastáin suite i gcrios seismeach gníomhach. Tharla crith talún, méid 5.7 ar an Scála Richter 295 míle ó Bishek i mBealtaine 2012. Níor tuairiscíodh gur gortaíodh aon duine. Tharla crith talún, 6.2 ar an Scála Richter an réigiún thiar theas in 2011.

Má tá tú ag taisteal chun na Cirgeastáine nó i do chónaí ann, déan cinnte go bhfuil a fhios agat cad a dhéanfaidh tú i gcás go dtarlódh crith talún.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh de chuid na hÉireann le dul chun na Cirgeastáine má tá siad ag taisteal sa tír ar feadh suas le 60 lá.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a bhfuil nótaireacht déanta air a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte. Ba chóir duit a chinntiú go bhfuil mionsonraí neasghaolta luaite agat ar chúl do phas.

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na Cirgeastáine, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid na Cirgeastáine, atá lonnaithe i Londain. Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Cirgeastáine.

Tá eitinn go forleathan ar fud na tíre agus briseann Heipitíteas A, meiningíteas agus brúsallóis amach go rialta. Tá cásanna SEIF agus maláire cláraithe chomh maith.

Saoráidí liachta

Níl saoráidí liachta chomh forbartha is atá in Éirinn. D’fhéadfadh nach mbeadh cógas atá ar fáil go héasca in Éirinn chomh héasca le fáil sa Chirgeastáin, nó d’fhéadfadh sé a bheith srianta.

Baincéireacht

Is geilleagar airgid amháin atá sa Chirgeastáin. Is beag áit a ghlacann le cártaí creidmheasa agus le seiceanna taistil. Níl ach cúpla ATM ann, agus níl aon cheann i gceantair thuaithe.

Airgeadra

Níor chóir duit airgead a shóinseáil ach ag malartáin airgeadra údaraithe agus sin amháin. Is dollair na Stát Aontaithe an t-airgeadra coigríche is mó a nglactar leis; d’fhéadfadh sé a bheith deacair cinn eile a mhalartú.

 

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in Kyrgyzstan, please contact Embassy of Ireland Russia.

The Embassy operates an out-of-hours service for Irish citizens requiring emergency assistance. If you are in need of emergency assistance, please ring the Embassy Duty Officer at +7 985 928 7615

Embassy of Ireland to the Russian Federation
Grokholski Perulok 5
Moscow 129010
Russia

Tel: +7 495 937 5911
Fax: +7 495 680 0623

Monday to Friday 09:30 - 13:00 and 14:30 - 17:30

Contact us