Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Éigipt, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Éigipt

Má tá tú ag taisteal  chun na hÉigipte, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí nádúrtha agus an aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaigheann tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó 

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Moltar go láidir do shaoránaigh Éireannacha gan

  • taisteal a dhéanamh chuig Síonaí Thuaidh, agus an Bóthar Taba-Suais san áireamh, áit atá an-chontúirteach ó thaobh slándála de;
  • taisteal a dhéanamh chuig Gaza trí thrasbhealach teorann Rafah (tá an trasbhealach teorann Rafah agus an ceantar máguaird an-chontúirteach ag an nóiméad agus bíonn an trasbhealach teorann dúnta formhór an ama).
  • taisteal neamhspleách a dhéanamh chuig áiteanna fásaigh iargúlta gar do theorainneacha na Libia agus na Súdáine mar gheall ar níos mó imní faoi chúrsaí slándála ansin;

Moltar do shaoránaigh Éireannacha teacht isteach ar eitleán má táthar ag taisteal chuig:

  • Sharm El Sheikh, Hurghada agus ina dtimpeallacht, agus Marsa Alam agus ina timpeallacht,
  • áiteanna turasóireachta laistigh an Níl (amhail Luxor, Aswan agus Abu Simbel).

Meastar go bhfuil ardriosca ionsaithe sceimhlitheoireachta ann san Éigipt. Bíonn an chuid is mó de na hionsaithe dírithe ar na seirbhísí slándála, ach uaireanta ar mhionlach na Críostaíochta in Éigipt. Níl ionsaithe sceimhlitheoireachta sna príomhchathracha nó sna háiteanna is mó turasóireachta ó bhí 2019 ann.  Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha a bheith san airdeall, treoir na n-údarás áitiúil a leanúint, lena n-áirítear srianta ar ghluaiseacht taobh istigh agus timpeall suíomhanna reiligiúnacha agus le linn féilte reiligiúnacha, agus monatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla (na meáin shóisialta san áireamh) chun an t-eolas is deireanaí a fháil.  

Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha ceantair atá gar do phríomhfhoirgnimh shlándála/phóilíneachta nó rialtais a sheachaint, agus gan grianghraif a ghlacadh de lárionaid shlándála. Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha a chinntiú go mbeireann siad aitheantas cuí leo an t-am ar fad. Má táthar gafa i léirsiú, ba cheart do shaoránaigh Éireannacha gan grianghraif/físeáin a ghlacadh agus ba cheart dóibh an áit a imeacht láithreach.

Taisteal chun na hÉigipte

Chuir Rialtas na hÉigipte deireadh le srianta COVID-19 uile. Níl sé riachtanach a thuilleadh foirm aimsithe paisinéirí a chomhlánú, ná cruthúnas ar vacsaíniú ná tástáil PCR dhiúltach a thaispeáint chun teacht isteach san Éigipt.

 

 

 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shóisialta

Agóidí agus léirsithe

Leanann léirsithe agus agóidí ar siúl i gCaireo agus i gcathracha eile, go háirithe ar an Aoine.  Is minic foréigean iontu, gan choinne, agus roimhe seo maraíodh agus gortaíodh go leor daoine ag na hócáidí sin.

Moltar go láidir duit agóidí agus léirsithe mar sin a sheachaint.  Bhí agóidí ar siúl lasmuigh d’Ambasáid na Stát Aontaithe agus lasmuigh d’Ambasáidí eile.  Ba chóir duit súil ghéar a choinneáil ar na meáin áitiúil chun eolas nua a fháil ar an gcás.

Sa chás go dtosaíonn agóid agus tú san áit, fág an áit sin láithreach. Bhí an foréigean a bhí ar siúl le roinnt míonna logánta go maith, agus níor cuireadh isteach go ginearálta ar na háiteanna thar timpeall.  Ná déan iarracht grianghraif a ghlacadh de na hagóidí.

Sceimhlitheoireacht

Tá bagairt sceimhlitheoireachta san Éigipt agus tarlaíonn eachtraí slándála gan choinne.

Má bhíonn tú ag taisteal chun na hÉigipte, bí fíorchúramach, go háirithe in áiteanna tráchtála agus in áiteanna poiblí. Bí ag faire ar fhorbairtí áitiúla, seachain léirsithe agus cloí le comhairle na n-oibrithe turais agus na n-údarás áitiúla.

Síonáí

Moltar go láidir duit gan taisteal chuig an gceantar Síonáí ó Thuaidh áit a bhfuil cúrsaí slándála fíor neamhsheasmhach.

Má bhíonn tú ag taisteal lasmuigh de na príomhcheantair turasóireachta i Síonáí, bí fíorchúramach; faigh comhairle ó na hoibrithe turais sula bhfágann tú agus inis don óstán cá háit a bhfuil tú ag dul.

Coiriúlacht

Tá an ráta coiriúlachta sách íseal san Éigipt ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin.  Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar chaiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Tá ardú ar choireanna mar robáil agus gadaíocht carranna faoi airm i gceantair ina mbíonn hÉireannaigh agus turasóirí.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Éigipt, cuir in iúl do na póilíní do thurasóirí láithreach mar ní bheidh tú in ann leanúint leis an gcás agus an Éigipt fágtha agat. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i gCaireo má theastaíonn cúnamh uait.

Ag tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint san Éigipt, ba chóir duit a bheith fíor-chúramach mar go bhfuil na coinníollacha tiomána san Éigipt an-chontúirteach, go háirithe san oíche lasmuigh de na cathracha móra. Tharla roinnt timpistí bus san Éigipt le blianta beaga anuas, agus maraíodh roinnt mhaith Éigipteach agus turasóirí ó thar lear freisin.

Más mian leat a bheith ag tiomáint, ní mór duit na nithe seo a leanas a chinntiú:

  • Tabhair leat do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hÉigipte, mar shampla luasteorainneacha 
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad. 

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo.
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

An cultúr Moslamach

Is sochaí Moslamach agus coimeádach go maith atá san Éigipt agus ba chóir duit meas a léiriú ar an traidisiúin, na custaim, na dlíthe agus na reiligiúin áitiúla. Gléas tú féin go coimeádach, bí ar an eolas faoi do ghníomhartha agus bí cúramach gan cion a dhéanamh in aghaidh chultúir nó reiligiúnacha eile, go háirithe le linn na míosa beannaithe Ramadan nó féilte reiligiúnacha eile, nó má bhíonn sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar cheantair reiligiúnacha.

Le linn Ramadan, ní cheadaítear do Mhoslamaigh, agus is Moslamaigh formhór dhaonra na hÉigipte, ithe, ól ná toitín a chaitheamh le linn uaire solas an lae. Chun nach mbeidh tú ag cur isteach ar éinne, ná bí ag ithe, ag ól ná ag caitheamh toitíní le linn an ama sin.

Mná ag taisteal

Tuairiscítear go ndéantar imeaglú ar mhná a bhíonn ag taisteal san Éigipt. Chun aon aird nach bhfuil uait a sheachaint, cinntigh go gclúdaíonn tú do chosa agus do lámha in uachtair agus tú ag taisteal lasmuigh de na bailte saoire, go háirithe le linn Ramadan nó má bhíonn tú ag taisteal chuig ceantair reiligiúnacha. Bí ar an eolas faoi shábháilteacht pearsanta i gcónaí.

Dlíthe áitiúla

Agus tú san Éigipt, tá tú faoi réir dlíthe áitiúla, lena n-áirítear cinn a bhreathnaíonn dian go maith nuair a chuirtear sin i gcomparáid le caighdeán na hÉireann. Mar shampla, tá na dlíthe faoi chaomhnóireacht leanaí an-difriúil ar fad leo sin atá i bhfeidhm in Éirinn, mar sin más tuismitheoir tú, bí ar an eolas faoin seasamh dlí.

Má bhíonn ort déileáil le haon ábhar dlí san Éigipt, go háirithe maidir le dlí teaghlaigh, moltar go láidir duit comhairle dlí ghairmiúil a fháil. Féadfaidh Ambasáid na hÉireann i gCaireo liosta samplach de dhlíodóirí a thabhairt duit más gá.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Ólachán poiblí

Tá sé in aghaidh an dlí a bheith ag ól ar an tsráid nó in aon áit eile seachas bialann nó beár faoi cheadúnas.

Hómaighnéasachas

Cé nach bhfuil hómaighnéasachas neamhdhleathach ann féin faoi dhlí na hÉigipte, tá gníomhartha hómaighnéasacha in áit phoiblí neamhdhleathach agus cuireadh an dlí roimhe seo ar dhaoine mar gur sháraigh siad an dlí maidir le cuibheas poiblí.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

An aeráid

Bíonn an teocht san Éigipt i míonna an tsamhraidh níos airde ná 40 céim ceilsius i roinnt áiteanna. Ól go leor uisce chun nach mbeidh tú díhiodráitithe.

Stoirmeacha gainimh agus deannaigh

Tarlaíonn stoirmeacha gainimh agus deannaigh idir mhí an Mhárta agus mhí na Bealtaine. Ba chóir duit súil ghéar a choinneáil ar na tuairiscí nuachta áitiúla agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.

Crith talún

Is crios crith talún gníomhach an Éigipt agus bíonn roinnt crith talún ann go hócáideach, agus tharla an ceann mór deireanach ansin in 1992.  Má bhíonn tú ag taisteal chun na hÉigipte nó i do chónaí san Éigipt, cinntigh go bhfuil tú ar an eolas faoi cad ba chóir a dhéanamh i gcás crith talún.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Tá víosa de dhíth ar shaoránaigh na hÉireann le dul isteach san Éigipt. De ghnáth, bíonn víosa ar fáil do thurasóirí a thaistealaíonn ar ghnáthphasanna nuair a bhaineann siad an tír amach. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi riachtanais iontrála chun na hÉigipte, lena n-áirítear víosa agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó bí i dteagmháil leis an Ambasáid nó an Consalacht is gaire duit san Éigipt.

Féadfaidh tú seiceáil leo cá fhad agus atá do phas bailí.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil chun dul chun na hÉigipte.

Póstaí

Bí ar an eolas faoi phóstaí calaoiseach – ní gá go mbronnfaí víosa ar dhuine nach as an tír seo dóibh sa chás go bpósann sé/sí saoránnach Éireannach.

Taisteal Réigiúnach

Má bhíonn tú ag taisteal idir an Éigipt agus Iosrael, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith agat nó b’fhéidir nach ligfí duit dul isteach i roinnt tíortha eile sa réigiún sa chás go mbíonn fianaise ar do phas gur thaisteal tú in Iosrael. Áirítear leis stampaí iontrála agus amach a eisítear ag an teorann nó má bhíonn greamáin ar do mhálaí a léiríonn go raibh tú san Iosrael.

Uisce

Go ginearálta níl uisce ón sconna sábháilte le hól. Tá uisce buidéil saor agus ar fáil go forleathan.

Embassy contact

Embassy Contact

If you are an Irish citizen and in need of emergency assistance outside of normal office hours, then you can contact us on the following emergency number: +20 1274443942.

Embassy of Ireland
18 Hassan Sabry Street
Zamalek
Cairo
Egypt

Tel: +202 27287100
Fax: +202 27362863

Monday to Friday 09:30-12:30

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Hisham G Helmy
Honorary Consul of Ireland
17 Elfaraana Street
Azarita
Alexandria
Egypt

Tel: +2034805988 / 98

Email: Email us