Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Ghearmáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Ghearmáin

Má tá tú ag taisteal chun na Gearmáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun na Gearmáine

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na Gearmáine ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint, ná Foirm Aimsithe Paisinéirí a chomhlánú.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Moltar do shaoránaigh eolas a chur ar threoracha na n-údarás náisiúnta agus áitiúil agus iad a leanúint fad is atá siad sa Ghearmáin. Féach ar www.zusammengegencorona.de/en chun tuilleadh eolais a fháil maidir le bearta sláinte phoiblí COVID-19 náisiúnta agus áitiúla atá in áit faoi láthair.

Tá comhairle agus eolas úsáideach maidir le COVID‑19 sa Ghearmáin le fáil anseo thíos.

Comhairle ó rialtas na Gearmáine maidir le COVID‑19 (Béarla / Gearmáinis)

Uimhreacha do sheirbhísí éigeandála:

  • Póilíní 110
  • Otharcharr/Briogáid Dóiteáin 112

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Ba cheart do chuairteoirí a bheith ar an eolas go mbaineann riosca domhanda d’ionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú leis an nGearmáin chomh maith. Molaimid do chuairteoirí ar an nGearmáin a bheith thar a bheith cúramach. 

Sceimhlitheoireacht

Is ceann scríbe an-choitianta í an Ghearmáin do chuairteoirí Éireannacha ach tá na teagmhais seo i ndiaidh an gá atá ann do thaistealaithe a bheith an-dáiríre faoin riosca domhanda d’ionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú a neartú, rud a bhaineann leis an nGearmáin chomh maith. Molaimid do chuairteoirí ar an nGearmáin gnáth-réamhchúraimí a ghlacadh.

  • Lean Ambasáid na hÉireann, Beirlín ar Twitter. Dá mbeadh teagmhas slándála ann, scaipfimis comhairle ó @IrlEmbBerlin. Dá mbeadh géarchéim ann, ní phostálfaimis ach nuashonruithe arna gcur ar fáil ag na húdaráis in Éirinn agus sa Ghearmáin.
  • Déan cinnte go bhfuil árachas cuimsitheach taistil agus leighis agat sula dtaistealóidh tú. Cinntigh go n-áirítear aisdúichiú leighis agus aisdúichiú coirp le do pholasaí.
  • Bíodh sonraí teagmhála agus Twitter údarás póilíneachta na cathrach/an stáit ar a bhfuil tú ag dul agat. 
  • Dá mbeadh aon ghéarchéim ann, lean treoracha na n-údarás áitiúil, an fhoinse is iontaofa eolais.
  • Nuair nach bhfuil tú i gcontúirt láithreach, cuir do theaghlach ar an eolas go bhfuil tú sábháilte, ar an bhfón, más féidir. Bí feasach go mbeidh imní ar do theaghlach mura bhfreagraíonn tú an fón. 
  • Bíodh a fhios agat gur dócha go ndúnfaí iompar poiblí i ndiaidh mórtheagmhas slándála. D’fhéadfaí go mbeadh ort socruithe eile taistil a dhéanamh. Dá mbeadh mórtheagmhas slándála i ndiaidh tarlú in áit agus tú ag eitilt isteach san áit sin, d’fhéadfaí an t-eitleán a chur ar atreo nó d’fhéadfaí go mbeifeá sáinnithe ag an aerfort go dtí go dtosóidh iompar poiblí arís. Seiceáil leis an aerlíne sula dtaistealóidh tú agus lean nuashonruithe slándála aerfort do chinn scríbe ar an láithreán gréasáin nó ar Twitter. Má chuirtear d’eitleán ar atreo, déan teagmháil leis an aerlíne agus an chuideachta árachais taistil chun comhairle a fháil.
  • Más saoránach Éireannach thú agus má bhíonn cúnamh éigeandála uait lasmuigh de na gnáth-uaireanta oibre, fág teachtaireacht ar uimhir éigeandála na hAmbasáide i mBeirlín (+49 30 220 720) ag tabhairt d’ainm, do shuíomh, d’uimhir fón agus an cineál éigeandála agus glaofaidh an t-oifigeach ar dualgas san Ambasáid ar ais ort. NÁ seol ríomhphost má theastaíonn cúnamh éigeandála uait lasmuigh de ghnáth-uaireanta oibre.

Coireacht

  • Tá méadú i ndiaidh teacht ar pheasghadaíocht agus mionghadaíocht i mBeirlín (timpeall Alexanderplatz agus Hauptbahnhof go háirithe), agus sna ceantair thurasóireachta agus na moil iompair i gcathracha eile. Bí cúramach le do ghiuirléidí pearsanta, go háirithe thart ar aerfoirt, stáisiúin traenach agus na príomháiteanna a dtéann turasóirí. Ná bí ag siúl thart le do phas nó do sparán i bpóca cúil do bhríste. Ná coinnigh do nithe luachmhara i mála/póca ar féidir le duine eile é a oscailt gan é á thabhairt faoi deara agat. Coinnigh súil ghéar ar do ghiuirléidí. Seachain titim i do chodladh in áit phoiblí i ndiaidh oíche amach toisc go bhféadfadh peasghadaithe díriú ort.
  • Tagann méadú ar thuairiscí ar ionsaithe gnéasacha ag imeachtaí ag a mbíonn sluaite móra, lena n-áirítear féilte amhail Silvester (Oíche Chinn Bliana), Karneval/Fasching nó Oktoberfest. Má dhéantar ionsaí ort, déan teagmháil leis na póilíní ar 110. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann, Beirlín, chomh maith, le haghaidh comhairle agus cúnamh. Lasmuigh d’uaireanta oibre, tá córas cógaslainne éigeandála sa Ghearmáin (Notapotheken). Chun sonraí a fháil maidir le cógaslanna éigeandála i do cheantar, téigh chuig láithreán gréasáin Chumann na gCógaiseoirí www.aponet.de agus cuir isteach do chód poist sa bhosca “Notdienst” ag an mbarr ar dheis ar an scáileán.
  • Bí feasach maidir le camscéimeanna. Má stoptar thú le haghaidh cúnaimh in áit ghníomhach, d’fhéadfaí gur iarracht é seo d’aird a tharraingt agus gadaíocht á déanamh ort. Má thagann duine chugat ag rá go ndearnadh iad a robáil ná tabhair airgead ach abair don duine sin teagmháil a dhéanamh leis na póilíní saor in aisce ar 110. Más saoránach Éireannach é an duine sin, is féidir teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann, Beirlín freisin.
  • Tá méadú i ndiaidh teacht ar choireanna i gcoinne iarrthóirí tearmainn le blianta beaga anuas, chomh maith le méadú ar Ioslamafóibe agus frith-Sheimíteachas. Seachain léirsithe de chuid eagraíochta nó páirtí polaitíochta a bhfuil an chuma air go bhfuil ciníochas nó fuath á spreagadh. Tá sé mídhleathach siombailí nó ábhar Naitsíoch a úsáid nó a thaispeáint.
  • Tabhair faoi deara go bhfuil drugaí agus substaintí mídhleathacha an-choitianta i saol na siamsaíochta oíche agus i gclubanna Bheirlín. D’fhéadfaí gur drugaí anaithnid nó substaintí nua iad seo toisc gurb é Beirlín áit roinnte na nithe seo sa Ghearmáin.

Coir a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sa Ghearmáin, tuairiscigh do na póilíní áitiúla é láithreach, trí ghlaoch a chur ar 110. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann, Beirlín, chomh maith, le haghaidh comhairle agus cúnamh.

Cúnamh éigeandála do Shaoránaigh na hÉireann

Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe; déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin.

Ambasáid na hÉireann, Beirlín, +49 (0) 30 220 720 (seirbhís teachtaireachta do shaoránaigh na hÉireann ag a bhfuil fíoréigeandáil lasmuigh d’uaireanta oibre)

Ba cheart duit Ambasáid na hÉireann, Beirlín, agus Ard-Chonsalacht na hÉireann, Frankfurt, a leanúint ar Twitter. I gcás géarchéime, cuirfimid comhairle taistil ar fáil ó @IrlEmbBerlin agus  @IRLinFrankfurt, bunaithe ar eolas arna chur ar fáil ag na húdaráis in Éirinn agus sa Ghearmáin.

Leideanna dár gcuid maidir le Taisteal Sábháilte:

  • Ceannaigh árachas taistil cuimsitheach lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí uile atá beartaithe agat.
  • Faigh Cárta Eorpach um Árachas Sláinte
  • Cláraigh do chuid sonraí linne ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat má tharlaíonn géarchéim nach bhfuil coinne léi amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil theaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise chun na nuashonruithe taistil is déanaí a fháil.
  • Léigh ár dtreoir ‘Eolas Roimh Thaisteal’.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Aitheantas pearsanta

Tá an ceart ag póilíní na Gearmáine aitheantas a iarraidh ort aon uair, agus an t-aon chineál ID atá inghlactha do shaoránaigh na hÉireann sa Ghearmáin ná Cárta Pas nó pas iomlán. Molaimid go láidir duit iarratas a dhéanamh ar Chárta Pas sula dtabharfaidh tú cuairt ar an nGearmáin ionas nach mbeidh ort do phas a thabhairt leat i gcónaí (is ionann pasanna caillte agus thart ar 90% de chásanna do chúnamh éigeandála).

Má chailleann tú do phas sa Ghearmáin, b’fhéidir go mbeidh ort taisteal chuig an Ambasáid, an Ard-Chonsalacht in Frankfurt nó chuig ceann de na Consalachtaí Oinigh le haghaidh doiciméid taistil, agus seans go mbeidh ort íoc as eitilt agus lóistín nua. Tabhair faoi deara nach n-eisíonn an Ambasáid agus an Ard-Chonsalacht in Frankfurt doiciméid taistil nua lasmuigh d’uaireanta oifige ach amháin le linn fíoréigeandála agus gearrtar táille glaoch amach de €80 chomh maith leis an gcostas a bhaineann le doiciméad taistil nua. Gearrann an Ambasáid agus an Ard-Chonsalacht in Frankfurt táille glaoch amach de €110 chomh maith leis an gcostas a bhaineann le doiciméad taistil nua. Tá costas €35 ar Chárta Pas, tá méid an chárta oiriúnach do sparán agus is féidir é a úsáid le haghaidh taistil laistigh den AE/LEE agus den Eilvéis. Tá sé ar fáil do gach saoránach Éireannach, atá breis agus 18 mbliana d’aois, ag a bhfuil leabhar pas Éireannach bailí ar a bhfuil 6 mhí bailíochta. Má chinneann tú do phas iomlán a thabhairt leat, déan cinnte fótachóip de a thabhairt leat ar eagla go gcaillfidh tú an pas agus go mbeidh ort d’aitheantas a chruthú ag an ambasáid nó ag stáisiún na bpóilíní.

Comhroinnt comhad

Tá tionscal beo na meán digiteach ag an nGearmáin, chomh maith le reachtaíocht láidir a chosnaíonn an earnáil. Mura bhfuil tú i ndiaidh íoc as ábhar a roinnt trí sholáthraí seirbhíse creidiúnach, amhail Spotify nó iTunes, glac leis go bhfuil aon roinnt mídhleathach. Déanann comhlachtaí dlí íoslódálacha mídhleathacha a rianú thar ceann sealbhóirí na gceart agus is féidir fíneálacha suntasacha a ghearradh ar aon duine a mbeirtear orthu agus iad ag íoslódáil nó ag roinnt comhad go mídhleathach. Ní thugann an Ambasáid comhairle dlí agus ní dhéanann sé eadráin in aighneas dlí ach is féidir leis liosta de dhlíodóirí, ag a bhfuil Béarla, sa Ghearmáin a chur ar fáil, dá mbeifeá ag iarraidh an t-ábhar a phlé go príobháideach. Ná déan dearmad go bhféadfaí go mbeifeá faoi dhliteanas costais dlí an ghearánaí a íoc, chomh maith le do chostais dlí féin má thugann tú faoi agus má chailleann tú.

An Chéad Lá Bealtaine

Is lá saoire bainc é an chéad lá de mhí Bealtaine sa Ghearmáin. Déanann gach sráidbhaile agus baile ceiliúradh ar an lá seo le paráid agus cuirtear an “Mai-Baum” (Crann na Bealtaine) in airde. Bíonn tionchar aige seo ar Iompar Poiblí, Uaireanta Oscailte Siopaí agus Uaireanta Oscailte na nÚdarás, amhail an Ambasáid.

Sláinte

Sláinte

Cúram sláinte

Tá árachas sláinte éigeantach sa Ghearmáin. Cé go mbíonn leibhéal an chúraim sláinte an-mhaith de ghnáth, ní bheidh tú in ann rochtain a fháil ar chúram sláinte saor in aisce mura bhfuil Cárta Eorpach um Árachas Sláinte agat. Tá sé dleathach leigheas a bheith agat mura bhfuil an t-oideas agat, fad is nach bhfuil aon substaint a bhfuil cosc orthu faoi Acht Drugaí na Gearmáine sa leigheas sin.

Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Bí cinnte go bhfaigheann tú Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS) sula rachaidh tú chuig an nGearmáin. Tá an cárta seo ann in áit an E111 agus leis sin tá sé de cheart agat an chóir leighis éigeandála chéanna a fhaigheann Gearmánaigh a fháil. Ní hionann CEÁS agus árachas taistil agus ní chlúdaíonn sé aisdúichiú leighis, cóir leanúnach leighis nó cóir leighis nach bhfuil práinn léi. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne.

Árachas Taistil

Ní féidir linn íoc as aisdúichiú éigeandála leighis, aisdúichiú coirp nó costais a bhaineann le héigeandáil phearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí cuí árachais taistil, clúdófar na costais seo, ar an gcoinníoll nach bhfuil aon téarmaí nó coinníollacha sáraithe agat. 

Is féidir leat agus le do theaghlach go leor airgid a shábháil má théann cúrsaí in aimhréidh nuair a cheannaítear árachas taistil cuimsitheach. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an chóir leighis a theastaíonn uait, nuair a theastóidh sé uait. Is féidir billí ospidéil méadú go dtí na mílte euro go han‑ghasta, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ag baint le haslonnú leighis go hÉirinn.

Ní hionann na polasaithe ar fad, agus d’fhéadfadh an ceann is saoire a bheith saor ar chúis faoi leith. Déan cinnte go gclúdaíonn do pholasaí na gníomhaíochtaí ar fad a bhfuil sé ar intinn agat iad a dhéanamh ar do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú an polasaí a chuireann an clúdach íosta leighis de €1 milliún ar fáil. 

Costais éigeandála

Ba cheart go gclúdódh do pholasaí na nithe seo a leanas:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n‑áirítear aslonnú le haerárthach othar, nó nósanna imeachta éigeandála eile, agus aon chostas a bhaineann le fanacht níos faide gan choinne.
  • Do thuras iomlán, ó thús go deireadh. Cuimhnigh ar pholasaí bliantúil ilturas má dhéanann tú níos mó ná turas amháin in aghaidh na bliana.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24 uair an chloig.
  • Clúdach dliteanais phearsanta (ar eagla go dtabharfar cás i d’éadan as gortú nó damáiste a dhéanamh do réadmhaoin).
  • Giuirléidí caillte nó goidte.
  • Cealú agus giorrú.
  • Aon ghníomhaíochtaí breise a bhfuil sé ar intinn agat iad a dhéanamh agus nach gcuirtear san áireamh sna polasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce amhail scairdsciáil nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiamh: Ba cheart duit a thuiscint nach gclúdóidh formhór na bpolasaithe árachais teagmhais a bhaineann le halcól nó le drugaí.

Éigeandáil leighis

Feidhmíonn seirbhís leighis éigeandála sa Ghearmáin lasmuigh d’uaireanta gnó. Chun an clinic is gaire duit, a bhfuil seirbhís éigeandála á rith aige, a aimsiú, déan teagmháil le beolíne 24 uair an chloig Chumann Dochtúirí na Gearmáine ar 116 117. Tá seirbhís cógaslainne éigeandála (“Notapotheken”) sa Ghearmáin freisin. Athraíonn an chógaslann éigeandála gach lá i ngach áit. Cuir isteach do chód poist Gearmánach ar láithreán gréasáin Chumann Cógaiseoirí na Gearmáine chun an chógaslann is gaire duit, a bhfuil an tseirbhís éigeandála á cur ar fáil aige an tráthnóna sin, a aimsiú. Tá liosta de shaoráidí leighis ina labhraítear Béarla ar láithreán gréasáin Ambasáid na hÉireann i mBeirlín. 

Piolla na maidine dár gcionn

Tá dhá chineál dhifriúla de “phiolla na maidine dár gcionn” (Pille danach sa Ghearmáinis) ar fáil thar an gcuntar do mhná agus do mhná óga atá breis agus 14 bliana d’aois. Ní mór do chailíní faoi bhun 14 bliana d’aois cruthúnas ar chead óna tuismitheoirí a chur ar fáil. Ní féidir le fir piolla na maidine dár gcionn a cheannach.

Toircheas géarchéime

Is féidir leis an Ambasáid sonraí teagmhála a chur ar fáil duit le roghanna leighis agus comhairleoireachta ag a bhfuil Béarla. 

Faisnéis Bhreise

Tiomáint agus iompar poiblí

Tiomáint

Ní mór duit a bheith breis agus 18 mbliana d’aois le tiomáint sa Ghearmáin. Déan cinnte go dtiomáineann tú ar an taobh deas den bhóthar agus go mbíonn do cheadúnas tiomána, árachas agus doiciméid feithicle agat i gcónaí, chomh maith le cead scríofa ó úinéir cláraithe na feithicle mura leatsa é. Má tharlaíonn timpiste bhóthair, cuir glaoch ar 110 le haghaidh na seirbhísí éigeandála.

Is féidir leis an trácht a bheith níos gasta ann ná mar a bhíonn in Éirinn, ar mhótarbhealaí (Autobahn) go háirithe, agus tá dlíthe tráchta, teorainneacha luais agus na nósanna tiomána difriúil.

Tá limistéir i lár na gcathracha sa Ghearmáin atá ainmnithe mar chriosanna comhshaoil ionchathracha (Umweltzone) agus ní féidir ach le feithiclí ag a bhfuil greamáin astaíochtaí ísle dul ann. Tá eolas Béarla ag láithreán gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (Umwelt Bundesamt).

Bhí líon beag tuairiscí ar chamscéimeanna ar mhótarbhealaí i dtuaisceart na Gearmáine inar stop daoine, a dúirt gur Éireannaigh iad, tiománaithe, agus dúirt go raibh timpiste acu agus d’iarr siad airgead a fháil “ar iasacht”. Má stopann duine, a deir go raibh timpiste acu, déan teagmháil leis na póilíní ar 112, ag tabhairt do shuímh agus cur síos ar na daoine a bhfuil cúnamh á lorg acu, chomh maith le cláruimhir an chairr. Ná tabhair airgead dóibh.

Ceadúnas caillte

Níl aon bhaint ag an Ambasáid le ceadúnais tiomána. Má chailleann tú do cheadúnas tiomána Éireannach, beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána in Éirinn. Má thugtar do cheadúnas isteach chuig an Ambasáid, tabharfaidh an Ambasáid ar ais chuig an SNCT (NDLS) é. 

Carranna ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid go láidir duit gan do phas a thabhairt mar fhoirm shlándála. Má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, coinnigh i do radharc é an t‑am ar fad. Seiceáil go bhfuil árachas leordhóthanach agat agus léigh an cló beag ar chonradh na feithicle ar cíos (go háirithe aon tarscaoileadh a thiocfaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil). Ní féidir leis an Ambasáid comhairle dlí a thabhairt má choinnítear d’éarlais de bharr damáiste. Is féidir linn liosta de dhlíodóirí agus eagraíochtaí do chearta tomhaltóirí, ag a bhfuil Béarla, a sheoladh chugat, dá mbeifeá ag iarraidh an t-ábhar a phlé go príobháideach.

Iompar poiblí

Feidhmíonn iompar poiblí na Gearmáine ar bhonn iontaoibhe. Ciallaíonn sé seo go gcuirtear muinín ionat an ticéad ceart bheith agat ach ní mór duit an ticéad sin a chur ar fáil láithreach má iarrann cigire ticéad é sin ort. Caitheann cigirí ticéad gnáthéadaí de ghnáth agus ní dhéanfaidh siad aon eisceacht do dhaoine nach bhfuil Gearmáinis acu. Má bheirtear ort gan ticéad nó pas bailí, beidh ort fíneáil ar an láthair a íoc, agus d’fhéadfadh €60 nó níos mó bheith air sin. Ní féidir le hAmbasáid na hÉireann i mBeirlín cabhrú leat ionas nach mbeadh ort íoc as an bhfíneáil. Is féidir linn liosta de dhlíodóirí, ag a bhfuil Béarla, a sheoladh chugat, dá mbeifeá ag iarraidh an t-ábhar a phlé go príobháideach.

Níl aon dáta nó am faoi leith ar thicéid áirithe, amhail pas lae (Tageskarte) nó pas 7 lá, agus ní mór iad a bhailíochtú sula rachfar ar bord iompar poiblí chun a thaispeáint cén t-am agus lá a thosaigh tú ag úsáid an ticéid. Chun ticéid a bhailíochtú, cuirtear isteach i meaisín bailíochtaithe (Entwerter) iad. Bíonn meaisíní bailíochtaithe (agus dath buí nó dearg orthu) suite ar ardáin faoi thalamh agus os cionn talaimh, agus laistigh de thramanna agus busanna de ghnáth. Déan cinnte go bhfuil ticéad agat atá bailí do gach crios ina bhfuil tú ag taisteal. Bíonn praghsanna agus rialacha iompair éagsúil idir cathracha. Mar sin de, déan cinnte údarás iompair na cathrach a bhfuil tú ag dul a sheiceáil. Agus é seo á scríobh, téann pas lae ar chóras iompar poiblí Bheirlín in éag ag 3am, an lá i ndiaidh bailíochtaithe (.i. ní 24 uair an chloig i ndiaidh bailíochtaithe) agus téann pas 7 lá in éag ag meán oíche ar an seachtú lá i ndiaidh bailíochtaithe. Téann pas lae in éag ag 4am in Dresden, ag 6am in Hamburg agus ag deireadh na n-oibríochtaí nó ar an turas deireanach sa lá in Frankfurt. Fiafraigh d’oifig na dticéad cé hiad na rialacha atá i bhfeidhm. D’fhéadfaí fíneáil ar an láthair a ghearradh ar aon duine nach bhfuil ticéad bailí nó bailíochtaithe acu.

Agus ticéad iarnróid do Deutsche Bahn á chur in áirithe agat ar líne, iarrfar ort cárta aitheantais (pas, cárta pas, cárta creidmheasa, srl.) a ainmniú, a mbeidh ort é a chur ar fáil don chigire ticéad ar an traein le taispeáint gur tusa an duine atá ainmnithe ar an ticéad. Bí cinnte an cárta/doiciméad aitheantais céanna a thabhairt leat ar do thuras. Más do thraein nó am faoi leith é do thicéad, d’fhéadfaí nach gá é a bhailíochtú. Más ticéad oscailte atá agat déan cinnte é a bhailíochtú sula rachaidh tú ar bord na traenach ag ceann de na meaisíní dearga atá ar an ardán. Mura mbailíochtaíonn tú an ticéad, d’fhéadfaí fíneáil ar an láthair a ghearradh ort agus d’fhéadfaí go mbainfí den traein thú.

Siúl go neamhaireach

Tá sé mídhleathach dul trasna trasrianta coisithe na Gearmáine agus an solas dearg do choisithe air. D’fhéadfaí fíneáil a ghearradh ar chiontóirí agus d’fhéadfaí go mbeadh ort gach costas a íoc má tharlaíonn timpiste. Cé nach féidir leis an Ambasáid comhairle dlí a chur ar fáil má theastaíonn uait an fhíneáil a cheistiú, is féidir linn liosta de dhlíodóirí, ag a bhfuil Béarla, a sheoladh chugat, dá mbeifeá ag iarraidh an t-ábhar a phlé go príobháideach. 

 

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you are an Irish citizen and require urgent assistance while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, + 49 30 220 720, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox.

Embassy of Ireland
Botschaft von Irland
Jägerstraße 51
10117 Berlin
Germany

Tel: +49 30 220 720
Fax: +49 30 220 72299

Contact us

Consulate Contact

Signature OpernTurm
Bockenheimer Landstraβe 2-4
60306
Frankfurt am Main,
Germany
Website: www.dfa.ie/frankfurt

Tel: +49 (0)69 5095 48400

Contact us

Honorary Consulate Contact

Ms. Brigitte Wagner-Halswick
Honorary Consulate General of Ireland
Frankenforsterstraße 77
51427 Bergisch Gladbach
Germany

Tel: +49 2204 609 860
Fax: + 49 2204 609 861

Monday to Thursday 10:00-14:00

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Dr. Michael Fisser
Honorary Consulate General of Ireland
Böttgerstraße 9
20148 Hamburg
Germany

Tel: +49 40 4418 6113
Fax: +49 40 4418 6551

Monday to Friday 09:00-12:00

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Dr. phil. h.c. mult. Erich Lejeune
Honorary Consulate General of Ireland
Denninger Straße 15
81679 Munich
Germany

Tel: +49 89 2080 5990
Fax: +49 89 2080 5989

Monday to Thursday 09:00-12:00

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Dr. Wolfgang Häfele
Honorary Consul of Ireland
Meßstetter Str. 8
70567 Stuttgart
Germany

Tel: +49 711 351 607 10

Monday to Friday 09:30-12:30

Email: Email us