Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Ghréig, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Ghréig

Má tá tú ag taisteal chun na Gréige, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Foláireamh Taistil is Déanaí

Ba cheart do shaoránaigh an riosca a bhaineann le tástáil dheimhneach COVID-19 thar lear san áireamh agus moltar árachas taistil cuimsitheach a fháil a chuimsíonn clúdach COVID-19. Roimh imeacht agus le linn taistil, moltar do shaoránaigh monatóireacht a dhéanamh ar ár gComhairle Taistil, sinn a leanúint ar Twitter, agus clárú leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire dóibh.

Taisteal chun na Gréige

Ní gá do thaistealaithe atá ag dul chun na Gréige ó Éirinn fianaise de vacsaíniú COVID-19, de théarnamh ó COVID-19 ná tástáil dhiúltach a thaispeáint agus ní gá dóibh Foirm Aimsithe Paisinéirí (PLF) a chomhlánú.

Má fhaigheann tú toradh deimhneach ar do thástáil le haghaidh COVID-19 agus tú sa Ghréig, caithfidh tú a féinleithlisiú a dhéanamh ar feadh 5 lá tar éis duit toradh deimhneach a fháil ar thástáil COVID-19. Féadann tú deireadh a chur le féinleithlisiú tar éis 5 lá mura bhfuil siomptóim ort fós, seachas seo ba chóir duit leanúint leis an bhféinleithlisiú.

Ní mór do gach cuairteoir cloí le gach prótacal sláinte COVID-19 atá i bhfeidhm ag Rialtas na Gréige gan eisceacht ar bith. Ní féidir leis an Ambasáid idirghabháil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta éigeantacha féinleithlisithe ná eisceacht a iarraidh ar do shon. Féadann tú dul i dteagmháil leis an Ardrúnaíocht um Chosaint Shibhialta go díreach ar +30 213-15100 nó trí ríomhphost ag generalsecretary@civilprotection.gr.

Spásanna agus Iompar Poiblí

Ní gá do chuairteoirí chun na Gréige maisc aghaidhe a chaitheamh a thuilleadh taobh istigh ná taobh amuigh agus ní gá dóibh cruthúnas ar vacsaíniú a thaispeáint chun dul isteach chuig siopaí, bialanna agus áiteanna a mheallann a lán turasóirí (seachas cógaslanna).

Ní chuirtear i bhfeidhm a thuilleadh an sainordú maidir le maisc ar eitleáin (eitiltí intíre agus idirnáisiúnta), traenacha idirchathracha agus busanna (KTEL). Tá ceanglas dlí ar dhaoine masc a chaitheamh más ag taisteal ar iompar poiblí agus i dtacsaithe atá siad, áfach.

Tá tuilleadh comhairle agus eolais maidir le COVID‑19 le fáil ar na naisc seo a leanas:

Aireacht Sláinte na Gréige

Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Gréige

Aireacht um Chosaint Shibhialta na Gréige

Prótacail do theacht isteach chun na Gréige

Ambasáid na hÉireann sa Ghréig 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Corraíl Shóisialta

Tá an cás polaitiúil sa Ghréig réasúnta socair ach féadfaidh taomanna corraíola sóisialta tarlú ó am go chéile. Is gnáthrud iad stailceanna agus léirsithe sa Ghréig, rudaí a fhéadfaidh tionchar a bheith acu ar phleananna taistil cuairteoirí ann.

Má bhíonn léirsiú ar bun is fearr ceantair i lár na hAithne a sheachaint, go háirithe ceantair timpeall ar Chearnóg Syntagma (Cearnóg an Bhunreachta), áit ina bhfuil Foirgneamh na Parlaiminte agus ina gcríochnaíonn formhór léirsithe.

Coinnigh tú féin ar an eolas maidir lena bhfuil ag tarlú timpeall ort i gcónaí trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus trí theagmháil rialta a dhéanamh le d’óstán nó leis an té a d’eagraigh do thuras.

Coireacht

Tá leibhéal coireachta réasúnta íseal sa Ghréig i gcoitinne ach bíonn peasghadaíocht comónta i lár na hAithne. Déan réamhchúraim chiallmhara i gcónaí:

  • Bíodh a fhios agat go dtarraingíonn séasúr na dturasóirí méadú i líon na gcásanna gadaíochta pasanna, sparán, málaí láimhe srl. – go háirithe in áiteanna agus ag imeachtaí ina mbailíonn sluaite. Ba cheart rudaí luachmhara a fhágáil faoi choimeád sábháilte ag d’óstán nó ag d’árasán.
  • Bí aireach agus úsáid á baint agat as iompar poiblí go háirithe. San Aithin, molaimid do chuairteoirí cúram breise a dhéanamh dá gcuid giuirléidí pearsanta agus iad ag baint úsáid as busanna nó as an meitreo; go háirithe agus iad ag taisteal chuig an aerfort nó chuig calafort Piraeus, nó agus iad ag taisteal ó na háiteanna sin. Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat lena cheile - fág airgead tirim spáráilte agus rudaí luachmhara in áit shábháilte. Cuimhnigh ar do mhála droma a chaitheamh chun tosaigh ort, agus ná fág rudaí luachmhara i bpócaí a bhfuil rochtain orthu.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat mura bhfuil géarghá leis. Fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile, agus cuimhnigh ar phictiúr de cháipéisí tábhachtacha a choimeád ar do ghuthán nó i do chuid ríomhphost.

Ní minic a tharlaíonn ionsaithe pearsanta, lena n-áirítear ionsaithe gnéasacha agus éigniú, sa Ghréig. Mar sin féin, tá leibhéal ard ionsaithe gnéis agus éignithe ar roinnt Oileán de chuid na Gréige. Molaimid nach nglacfá le deochanna ó strainséirí agus gan deochanna a fhágáil gan súil a choimeád orthu agus tú i mbeáir nó i gclubanna oíche. Molaimid chomh maith go seachnófá a bheith ag siúl leat féin in áiteanna ar leithlis san oíche.

Coireanna a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sa Ghréig, déan é a thuairisciú do na póilíní áitiúla láithreach. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann san Aithin má bhíonn cabhair de dhíth ort.

Creathanna Talún

Tá an Ghréig suite i limistéar atá gníomhach go seismeach agus bíonn creathanna talún ann go rialta, ach, mar sin féin, ní bhíonn creathanna talún dáiríre ann chomh rialta. Leagann an t-eolas seo a leanas ó Aireacht Turasóireachta na Gréige amach an méid gur chóir a dhéanamh i gcás creatha talún.

Má bhíonn tú istigh i bhfoirgneamh

  • Ná bíodh anbhá ort
  • Téigh ar foscadh faoi phíosa troscáin láidir (bord, deasc srl.), téigh ar do ghlúine agus beir greim ar chos an bhoird nó na deisce
  • Mura bhfuil píosa troscáin láidir ann, téigh ar do ghlúine i lár an tseomra, coinnigh chomh híseal agus gur féidir leat agus clúdaigh do cheann le do lámha. Fan amach ó dhromchlaí móra gloine amhail fuinneoga, nó troscáin agus rudaí eile a d’fhéadfadh tú a ghortú.
  • Ná déan iarracht an foirgneamh a fhágáil.
  • Ná téigh amach ar bhalcóin, más ann dó

Má bhíonn tú i bhfoirgneamh ard

  • Fan amach ó fhuinneoga gloine agus ó bhallaí seachtracha

Má bhíonn tú i meal siopadóireachta nó i siopa tráchtála mór

  • Ná bíodh anbhá ort
  • Fan díreach san áit ina bhfuil tú go dtí go dtagann deireadh leis an gcrith
  • Ná síobtar tú leis na sluaite a bhíonn ag rith i dtreo na slite amach toisc gur mór an baol go seasfaí ort.

Má bhíonn tú amuigh

  • Imigh ó áiteanna atá díreach faoi fhoirgnimh agus ó áiteanna ina bhfuil cáblaí gutháin nó aibhléise.
  • Má bhíonn mála láimhe agat, cuir thar do cheann é chun tú féin a chosaint.

Má bhíonn tú i gcarr

  • Téigh chuig spás oscailte agus stop an carr in áit nach gcuireann sé isteach ar ghluaiseacht feithiclí eile
  • Fan amach ó tholláin agus ó dhroichid

Dóiteáin Foraoise

Tarlaíonn dóiteáin foraoise go rialta sa Ghréig i gcaitheamh na míonna níos teo. Bíodh agus nach mbíonn tionchar ag formhór na ndóiteán seo ar cheantair chónaitheacha, ba cheart aird a thabhairt ar rabhaidh riosca agus a bheith ar an airdeall má bhítear ag taisteal i gceantair faoi fhoraois i gcaitheamh an tsamhraidh. Má bhíonn dóiteán foraoise gar don áit ina bhfuil tú ag fanacht, ba cheart duit a choimeád suas chun dáta le tuairiscí na meán áitiúil agus comhairle údarás na Gréige a leanúint. Féach anseo le haghaidh eolas agus comhairle oifigiúil maidir le dóiteáin foraoise sa Ghréig.

Tiomáint

Má bhíonn sé i gceist agat tiomáint sa Ghréig, ba cheart cúram ar leith a ghlacadh de bharr leibhéal ard timpistí tráchta ar na bóithre agus de bharr nósanna tiomána éagsúla.

Feithicil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar theideal urrúis. Má ligeann tú do dhuine fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Gluaisrothair, scútair, móipéidí agus cuadrothair

Gach bliain, ceanglaítear gluaisrothair, scútair, móipéidí agus cuadrothair le neart timpistí dáiríre sa Ghréig, agus is minic a bhíonn gortuithe fíordháiríre nó marfacha ann mar thoradh orthu.

Mura gcaitheann tú clogad nó mura mbíonn an ceadúnas tiomána atá de dhíth agat d’fhéadfaí neamhbhailiú a dhéanamh ar do chuid árachais má bhíonn timpiste agat. Éilíonn dlí na Gréige go gcaithfeá clogad ar scútar, ar mhóipéid nó ar chuadrothar. De réir dlí na Gréige bíonn clogad lán-aghaidhe de dhíth ar thiománaithe cuadrothair (nó gnáthchlogad agus spéaclaí cosanta).

Ba cheart a sheiceáil go gcumhdaíonn do chuid árachais taistil tú le haghaidh na gníomhaíochta atá i gceist. Is gá árachas bóthair agus ceadúnas gluaisrothair a bheith agat chomh maith.

Coisithe

Ba cheart do choisithe a bheith ar an airdeall chomh maith agus fios a bheith acu go mbeidh an trácht ag teacht óna mhalairt treo i gcomparáid le hÉirinn. Ba cheart dóibh cúram ar leith a ghlacadh agus trasrianta coisithe á n-úsáid acu ag gabhálacha; seans nach stopfadh feithiclí nuair a léiríonn an comhartha go bhféadfaidh coisithe an bóthar a thrasnú.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Drugaí mídhleathacha

Bíonn pionóis ghéara ag dul le húsáid drugaí mídhleathacha (is cuma cén druga atá i gceist), lena n-áirítear fíneálacha agus tréimhsí fada príosúnachta.

Alcól

Ba cheart do chuairteoirí a bheith feasach go ndíoltar biotáillí alcólacha i dtomhais i bhfad níos mó i mbeáir agus i mbialanna sa Ghréig ná mar a dhíoltar in Éirinn.

Iompar Poiblí

Is gnáthrud é ardchaighdeán iompar poiblí sa Ghréig. Bíodh agus go ndéantar caoinfhulaingt níos mó in ionaid saoire, gearrann cúirteanna na Gréige fíneálacha géara nó tréimhsí príosúnachta ar dhaoine a mbíonn iompar mígheanasach ar bun acu go poiblí.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Víreas na Níle Thiar 

Bhí méadú ar líon na dtuairiscí maidir le Víreas na Níle Thiar sa Ghréig sa bhliain 2018. Víreas é Víreas na Níle Thiar a iompraíonn muiscítí ar féidir le tinneas dáiríre a bheith mar thoradh air. Ní bhíonn siomptóim ag formhór na ndaoine a tholgann an víreas (c. 80%). Bíodh agus nach raibh mórchásanna ar bith go dtí seo sa bhliain 2019, is fearr greim ó mhuiscítí a sheachaint – bain úsáid as éarthach feithidí, caith éadaí fada tráth éirí agus luí na gréine, agus déan iarracht muiscítí a choimeád amach as seomraí codlata. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais ar an suíomh idirlín An tIonad Eorpach um Chosc agus Smacht Galar.

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Níl víosa teacht isteach ó dhaoine a bhfuil pas bailí Éireannach acu le dul isteach sa Ghréig.

Molaimid go dtugann tú roinnt fótachóipeanna de do phas leat, toisc go gcabhróidh sé i gcás go gcaillfear nó go ngoidfear do phas. Chomh maith leis sin, molaimid go mbeireann tú aitheantas fótagrafach nó cóip de do phas leat i gcónaí.

Árachas Taistil

Ní féidir linn íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó as costais mar thoradh ar éigeandáil phearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil ábhartha, cumhdófar na costais seo, ar choinníoll nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha briste agat.

Trí árachas taistil cuimsitheach a cheannach, is féidir go leor airgid a shábháil duit féin agus do theaghlach má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an aire leighis a theastaíonn uait, nuair a theastaíonn uait é. Is féidir le billí ospidéil a bheith ina mílte euro tar éis carntha, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ar aslonnú leighis ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gcumhdaíonn do pholasaí na gníomhaíochtaí ar fad atá beartaithe agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú polasaí a fhorálann íoschumhdach leighis de €1 mhilliún.

Costais éigeandála

Ba cheart go gcumhdódh do pholasaí:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n-áirítear aslonnú in aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fanachta níos faide nach raibh aon súil leis.
  • Do thuras ar fad, ó imeacht go dtí filleadh. Smaoinigh ar pholasaí ilbhliantúil turais má tá níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat sa bhliain.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24-uair an chloig.
  • Cumhdach dliteanais phearsanta (i gcás go ndéanfar tú a agairt mar gheall ar ghortú nó damáiste a dhéanamh do mhaoin).
  • Sealúchais a cailleadh agus a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá beartaithe agat atá eisiata ó pholasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce ar nós scairdsciála nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Bíodh a fhios agat nach gcumhdóidh formhór na bpolasaithe árachais teagmhais a bhaineann le deoch nó drugaí.

An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Mar chónaitheoir Éireannach tá tú i dteideal cúram sláinte a fháil tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó an Eilvéis má éiríonn tú tinn nó gortaithe agus tú ar fhanacht sealadach ann. Cinntigh go bhfaigheann nó go ndéanann tú athnuachan ar do CEAS (an t-ainm nua ar an E111) sula n-imíonn tú, agus cuimhnigh go bhfuil ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Déan iarratas ar do CEAS agus faigh tuilleadh eolais.

Ní hionann an CEAS agus árachas taistil ceart arna sholáthar ag árachóir creidiúnach. Ní chumhdaíonn sé aisdúichiú leighis, cóireáil leighis leanúnach nó cóireáil de chineál neamhphráinneach. Chomh maith leis sin, b’fhéidir nach nglacfaidh roinnt ospidéal príobháideach leis an CEAS, mar sin ba chóir duit seiceáil le riarthóir an ospidéil roimhe ré.

Vacsaínithe

Ní bhíonn vacsaín de dhíth ar shaoránaigh Éireannacha agus iad ag taisteal chun na Gréige.

Saoráidí leighis

Ba cheart do shaoránaigh a bheith feasach nach mbíonn an leibhéal cúraim altranais a chuirtear ar fáil i dtromlach na n-ospidéal poiblí sa Ghréig, go háirithe ar na hoileáin, chomh hard leis an leibhéal cúraim a chuirtear ar fáil in Éirinn. Déileálann altraí le fadhbanna sláinte amháin agus ní chuireann siad cabhair ar fáil i dtaca le glanadh agus beathú.

I sochaí na Gréige is ar an gclann a thiteann an fhreagracht gach cúram neamhriachtanach a dhéanamh don othar de gnáth, nó, nuair is, ar chúntóir altranais a íoctar go príobháideach. Ba cheart do shaoránaigh a chinntiú go ndéanfaidh a gcumhdach árachas sláinte foráil le haghaidh cúram altranais príobháideach má bhíonn sé de dhíth.

 

Embassy contact

Embassy Contact

Where emergency consular assistance is required for Irish citizens outside of opening hours, please leave a message at: +30 210 7232771.

This mailbox is monitored regularly.

Embassy of Ireland
7 Leoforas Vasileos
Konstantinou
106 74 Athens
Greece

Tel: +30 210 723 2771
Fax: +30 210 729 3383

Monday to Friday 09:00 - 13:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Ioannis Xenikakis
Honorary Consul of Ireland
Xenikakis S.A.
Leoforos Knosou 278
71409 Heraklion
Crete
Greece

Tel: +30 2810 215 060
Fax: + 30 2810 326 200

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Mr. Skevos Mougros
Honorary Consul of Ireland
111 Amerikis Street
85100 Rhodes
Greece

Tel: +30 22410 75655
Fax: +30 22410 22354

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Mr. Theodoros Mavroudis
Honorary Consul of Ireland
5 Aristotelous Square
54624 Thessaloniki
Greece

Tel: +30 2310 465177
Fax: + 30 2310 477293

Contact us

Honorary Consulate Contact

Ms. Anastasia Lychnou
Honorary Consul of Ireland
5, Rizospaston Voulefton Ioniou Voulis
491 00 Corfu

Tel: +30 2661023921

Email: Email us