Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Iordáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Iordáin

Má tá tú ag taisteal chun na hIordáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Foláireamh Taistil is Déanaí

Moltar go láidir d’aon saoránach Éireannach atá san Iordáin cheana féin gan taisteal chuig limistéar na dteorainneacha leis an tSiria agus leis an Iaráic; is iad sin na teorainneacha thuaidh agus thoir faoi seach.

Taisteal chun na hIordáine

Ní gá do chuairteoirí chun na hIordáine cruthúnas ar thástáil PCR dhiúltach a thaispeáint a thuilleadh. Sula dtagann tú chun na hIordáine, caithfidh tú do chuid sonraí a chlárú leis an  Visit Jordan Platform. Níl sé riachtanach tástáil PCR a dhéanamh a thuilleadh nuair a thagann tú isteach.

Má bhíonn tástáil dheimhneach agat agus tú san Iordáin, beidh ort coraintín a dhéanamh san áit ina bhfuil cónaí ort le haghaidh 5 lá. I ndiaidh na tréimhse 5 lá seo níl aon riachtanas tástáil PCR eile a dhéanamh. Ní chaithfear leithlisiú a dhéanamh i gcás daoine a bhí i dteagmháil le cás dearbhaithe.

Caithfidh paisinéirí árachas sláinte bailí a bheith acu dá dtréimhse fanachta beartaithe san Iordáin.

Sheol Aireacht Sláinte na Iordáine ríomh-ardán le haghaidh cónaitheoirí Iordánacha agus dóibh siúd ar víosaí cuairte ar mhaith leo clárú chun vacsaín COVID-19 a fháil. Tá cruthúnas maidir le vacsaíniú de dhíth chun dul isteach i spásanna poiblí ar nós mealanna, foirgnimh rialtais, agus óstáin.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Tá Dlí Cosanta in úsáid san Iordáin ó Mhárta na bliana 2020. Tugann dlí cosanta cumhacht neamhchoitianta don Rialtas bearta a chur i bhfeidhm chun slándáil na Ríochta a chosaint. Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha san Iordáin a bheith an‑chúramach agus treoracha na n‑údarás slándála a leanúint. Má tharlaíonn borradh ar líon na gcásanna COVID-19 sna seachtainí amach romhainn, d’fhéadfadh an rialtas cuirfiúnna cuimsitheacha a thabhairt isteach arís go mear agus gan foláireamh. 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá forbairtí réigiúnacha in ann corraíl a spreagadh i measc daoine sa Iordáin, cé nár tharla corraíl sa tír ar an scála atá in áiteanna eile sa réigiún. Moltar duit a bheith cúramach i ngach ceantar den Iordáin agus seachain taisteal chuig campaí dídeanaithe agus ceantair ar an teorainn leis an tSiria.

Léirsithe

D’fhéadfadh léirsithe tarlú fós fiú, agus d'fhéadfadh foréigean a bheith dá mbarr. Moltar duit léirsithe agus tionóil phoiblí a sheachaint agus bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le do theagmhálaí áitiúil, óstán nó do thionscnóir turas.

Sceimhlitheoireacht

Bíodh ar an eolas go bhfuil baol ó sceimhlitheoireacht sa Iordáin. Rinneadh trí ionsaí buamála ar óstáin in Amman in 2005 inar bhásaigh 67 duine agus inar gortaíodh 115.

Coiriúlacht

Bíonn formhór na dturas chun na hIordáine saor ó choiriúlacht ach ba chóir gnáth-réamhchúram a dhéanamh agus tú ag taisteal mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coir a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Iordáin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i gCaireo, san Éigipt má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Iordáin, ba chóir duit a bheith an-chúramach mar go dtarlaíonn go leor timpistí bóthair ann agus tá coinníollacha na mbóithre lasmuigh do Amman in ann a bheith go dona. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hIordáine, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Bí ar an eolas nach mór múchtóir dóiteáin agus triantán guaise a bheith i ngach carr

Póilíní tráchta

Bíonn póilíní i mbun seiceálacha slándála randamacha ar fheithiclí ar mhórbhealaí na hIordáine agus ba chóir duit ábhar céannachta a bheith ar iompar agat agus tú ag taisteal i gcarr le taispeáint ag seicphointí póilíní.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Cultúr Moslamach

Is sochaí choimeádach agus Mhoslamach den chuid is mó atá sa Iordáin agus ba chóir duit a bheith measúil ar nósanna, ar thraidisiúin, ar dhlíthe agus ar reiligiúin áitiúla. Caith éadaí coimeádacha lasmuigh d'ionaid shaoire (ba chóir do mhná a gcosa agus a nguaillí a chlúdach), bíodh fios do ghnóthaí agat agus bí cúramach gan cultúir ná creidimh reiligiúnda eile a mhaslú, go háirithe le linn mí bheannaithe Ramadan agus féilte beannaithe eile, nó má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar áiteanna beannaithe.

Ní cheadaítear do Mhoslamaigh a bheith ag ithe, ag ól ná ag caitheamh tobac i rith an lae le linn Ramadan. Níor chóir duit a bheith ag ithe, ag ól ná ag caitheamh tobac go poiblí le linn an ama ionas nach maslófar aon duine.

Feidhmiú an dlí

Fad is atá tú sa Iordáin, tá tú faoi réir ag dlíthe áitiúla, lena n-áirítear cinn atá dian i gcomparáid le hÉirinn. Ba chóir do thuismitheoirí go háirithe a bheith ar an eolas go bhfuil dlíthe áitiúla maidir le coimeád leanaí etc., éagsúil amach is amach ó na dlíthe sin atá i bhfeidhm in Éirinn.

Má tá baint agat le hábhair dlí áitiúla, go háirithe i ndáil le dlí teaghlaigh, moltar go láidir duit comhairle dlí ghairmiúil a fháil.

Homaighnéasachas

Tá homhaighnéasachas neamhdhleathach faoi dhlí na hIordáine. D’fhéadfaí lánúin homaighnéasach a ghabháil agus a chur i bpríosún as gean a léiriú go poiblí agus moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Tá an teocht in ann níos mó ná 40°C a bhaint amach i roinnt áiteanna sa samhradh. Ná déan dearmad neart uisce a ól le díhiodráitiú a sheachaint. Tá stoirmeacha gainimh agus dusta in ann tarlú, go háirithe i gceantair fásaigh.

Crith Talún

Tarlaíonn creatháin talún uaireanta sa Iordáin. D’fhéadfadh clocha titim agus sciorrthaí talún tarlú dá mbarr sin. Má tá tú ag taisteal chun na hIordáine nó i do chónaí ann, déan cinnte go bhfuil a fhios agat cad a dhéanfaidh tú i gcás go dtarlódh crith talún.

Tuilte

Sna gleannta (wadi), tá tuilte agus tulcaí in ann tarlú sa séasúr báistí, a mhaireann de ghnáth ó mí na Samhna go Márta.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Teastaíonn víosa ó shaoránaigh na hÉireann le dul chun na hIordáine. Déan teagmháil le Consal Oinigh na hIordáine i mBaile Átha Cliath le haghaidh riachtanais iontrála na hIordáine. Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na hIordáine.

Uisce

Níl uisce ón sconna sábháilte le hól de ghnáth. Tá uisce buidéalaithe saor agus ar fáil go héasca.

Taisteal sna réigiúin

Má tá tú ag taisteal idir an Iordáin agus Iosrael d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith agat nó d’fhéadfadh nach ligfí isteach i roinnt tíortha eile sa réigiún tú má tá fianaise de thaisteal go hIosrael ar do phas. Áirítear air sin stampaí isteach agus amach arna n-eisiúint ag áiteanna trasna na teorann sa Iordáin nó má tá greamáin ar do mhálaí taistil a léiríonn go raibh tú in Iosrael.

Embassy contact

Embassy Contact

In the case of an emergency outside of working hours, please call +962 799732370.

Embassy of Ireland in Jordan
Bashir Kheir Street 15
Abdoun
Amman

Tel: +962 6 590 3200

Contact us