Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Liobáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Liobáin

Má tá tú ag taisteal chun na Liobáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná taistil

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Liobáin nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Liobáin sula dtéann tú ann. Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid na hÉireann sa Liobáin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cabhair agus comhairle uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Consal Onórach na hÉireann in Beirut nó le hAmbasáid na hÉireann i gCaireo san Éigipt.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí nó Consalachtaí de thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl pholaitiúil

Tá an staid polaitiúil sa Liobáin leochaileach agus d’fhéadfadh sé dul in olcas go tapa. Tá eachtraí réigiúnacha freisin in ann corraíl phobail a spreagadh.

Má tá tú sa Liobáin, moltar duit a bheith thar a bheith cúramach agus machnamh a dhéanamh an gá duit fanacht ann, súil a choinneáil ar an gcomhairle taistil seo agus ar na meáin áitiúla le haghaidh nuashonruithe faoin staid polaitiúil.

Teannas réigiúnach

Tá teannas polaitiúil agus imní faoi shlándáil éirithe níos measa faoi láthair mar gheall ar an gcorraíl sa tSiria atá béal dorais agus an mór-réigiún. Rinne fórsaí míleata na Siria ionraí go leor isteach i gcríocha na Liobáine le gairid. Tharla léirsithe, foréigean seicteach agus fuadaíodh eachtrannaigh ar fud na tíre, go háirithe i gcathair Tripoli i dtuaisceart na tíre.

Sceimhlitheoireacht

Rinne míleataigh a bhfuil ceangal acu leis an al-Qaeda roinnt ionsaithe, go príomha i ndeisceart na tíre. Rinne roinnt grúpaí míleata ionsaithe ar Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) agus ar leasanna Rialtas na Liobáine, go háirithe Fórsaí Armtha na Liobáine (LAF), agus maraíodh daoine i gcuid acu.

Mianaigh talún

Is baol é ordanás nach bhfuil pléasctha, go háirithe sa Deisceart, agus ins an Bekaa Valley. Ná himigh de na príomhbhóithre, go háirithe in áiteanna faoin tuath, agus seiceáil le muintir na háite nó le d’ionadaí tionscnóra turas sula dtéann tú chuig réigiúin atá buailte.

Fuadach

Is féidir le náisiúnaigh coigríche a bheith ina dtargaidí d’fhuadach  ar fud na Liobáine, go háirithe i gcathair Tripoli sa tuaisceart agus Baalbek nó codanna eile den Bekaa Valley, áit a moltar go láidir duit fanacht ar na príomhbhóithre agus ins na bailte móra.

Coiriúlacht

Tá baol beag do thurasóirí ó mhionchoiriúlacht nó ó choiriúlacht foréigneach sa Liobáin, cé go bhfuil ardú ag teacht ar choiriúlacht feithiclí. Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Liobáin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Consal Onórach na hÉireann in Beirut nó le hAmbasáid na hÉireann i gCaireo má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Liobáin, ba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach mar go bhfuil ráta an-ard timpistí ann agus ní bhíonn caighdeán maith ar na bóithre i ngach áit. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat. Ní mór do chead tiomána idirnáisiúnta a bheith deimhnithe ag na húdaráis ar theacht chun na tíre duit
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Liobáine, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Seachain tiomáint lasmuigh de na príomhchathracha ins an oíche

Bóithre dúnta

D’fhéadfadh sé go mbeadh an bóthar chun an aerfoirt dúnta anois is arís mar gheall ar chúinsí éagsúla, lena n-áirítear caismirtí áitiúla seicteacha, corraíl shibhialta sa tSiria agus léirsithe in aghaidh bheartais an rialtais.

Innill díosail

Má tá tú ag tiomáint do charr féin sa Liobáin, bíodh a fhios agat go bhfuil cosc anois ar fheithiclí ina bhfuil innill díosail.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Cultúr Moslamach

Cé go bhféadfaí a cheapadh nach bhfuil an Liobáin chomh coimeádach leis na tíortha eile atá ag síneadh léi sa réigiún, moltar duit feisteas measúil a chaitheamh nuair a thugann tú cuairt ar shuíomhanna a bhfuil tábhacht reiligiúnach leo, agus ar áiteanna lasmuigh de na príomhchathracha.

Ramadan

Le linn mhí bheannaithe Ramadan, seachain ithe, ól agus caitheamh tobac go poiblí in áiteanna ar leith mar go bhféadfadh sé a bheith maslach.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Dlíthe áitiúla

Nuair atá tú sa Liobáin, tagann tú faoi scáth dhlíthe áitiúla, lena n-áirítear ceanna a shíleann tú a bheith géar de réir chaighdeán na hÉireann. Mar shampla, tá athrú suntasach idir na dlíthe a bhaineann le caomhnóireacht leanaí agus na ceanna atá i bhfeidhm in Éirinn, mar sin más tuismitheoir tú, ba chóir duit a bheith ar an eolas faoi do sheasamh dlíthiúil.

Má bhíonn ort déileáil le haon cheisteanna dlí sa Liobáin, go háirithe dlí an teaghlaigh, moltar go láidir duit comhairle ghairmiúil dlí a fháil.

Grianghrafadóireacht

Tá sé in aghaidh an dlí grianghraif nó físeáin a ghlacadh d’fhoirgnimh rialtais nó d’ionaid mhíleata, de phearsanra míleata agus trealamh míleata.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Tá an teocht in áiteanna ar leith sa Liobáin i rith mhíonna an tsamhraidh in áiteanna éagsúla in ann dul os cionn 40 céim Celsius agus ba chóir duit neart uisce a ól chun díhiodráitiúchán a sheachaint.

Crith talún

Is saincheantar gníomhach ó thaobh creathanna talún é an Liobáin. Má tá tú ag taisteal chun nó i do chónaí sa Liobáin, déan cinnte go bhfuil a fhios agat céard is ceart a dhéanamh i gcás creatha talún.

Tinte foraoise

Tá tinte foraoise agus sceacha coitianta i rith mhíonna an tsamhraidh sa Liobáin (go hiondúil Meitheamh go Meán Fómhair) go háirithe in áiteanna atá faoi fhoraoiseacha go leor. Lean tuairiscí áitiúla go mion d’fholáirimh do thinte foraoise agus seachain aon cheantair a bhféadfadh foláirimh faoi thinte a bheith in áit iontu.

Stoirmeacha gainimh

Tá stoirmeacha dusta agus gainimh coitianta chomh maith agus mar sin lean tuairiscí áitiúla go mion chun foláirimh a fháil.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Tá víosa de dhíth ar shaoránaigh na hÉireann le dul isteach sa Liobáin, agus bíonn sin le fáil do thurasóirí a thaistealaíonn ar ghnáthphas, de ghnáth. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi na riachtanais iontrála chun na Liobáine, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le hAmbasáid na Liobáine i Londain is gaire.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Taisteal réigiúnach

Má tá stampaí Iosrael ar do phas nó stampaí isteach/amach ó theorainneacha na hÉigipte agus na hIordáine le hIosrael, ní thabharfar cead duit dul isteach chun na Liobáine.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Liobáine.

Uisce

Go ginearálta, níl uisce ón sconna sábháilte le n-ól. Tá uisce buidéalaithe saor agus ar fáil go héasca.

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in Lebanon, please contact Embassy of Ireland Egypt.

If you are an Irish citizen and in need of emergency assistance outside of normal office hours, then you can contact us on the following emergency number: +20 1274443942

Alternatively, the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs can be contacted at +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
18 Hassan Sabry Street
Zamalek
Cairo
Egypt

Tel: +202 27287100
Fax: +202 27362863

Monday to Friday 09:30-12:30

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Georges H. Siam
Badaro 2000 Building 1st Floor
Badaro Street
Badaro-Beirut
Lebanon

Tel: + 961 139 5005
Fax: + 961 139 2005

Email: Email us