Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do an Mholdóiv, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Mholdóiv

Má tá tú ag taisteal chun na Moldóive, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt chun na Moldóive nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Mholdóiv sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa Mholdóiv, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i mBúcairist sa Rómáin má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Níl an Tras-dnístria (oirthuaisceart na Moldóive) faoi smacht rialtas na Moldóive agus tá an réigiún ag iarraidh stádas féinrialaithe a bhaint amach. Tá teannas a bhí idir rialtas na Moldóive agus an Tras-dnístria roimhe seo maolaithe beagán ach ba chóir duit a bheith cúramach má bhíonn tú ag taisteal sa réigiún sin. TáT Is dócha go mbeadh cúnamh consalachta AE teoranta i gcás deacrachtaí le húdaráis na Tras-dnístria.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht sa Mholdóiv íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Déan réamhchúram ciallmhar agus tú ag taisteal sa Mholdóiv chun tú a chosaint ó choiriúlacht:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
  • Bíodh tóirse beag ar iompar agat tar éis thitim na hoíche mar go bhfuil drochsholas ar na sráideanna

Mionghadaíocht

Bí ar an airdeall maidir leis an riosca a bhaineann le coiriúlacht sráide agus mionghadaíocht, go háirithe i Císineá, agus coinnigh súil amach do pheasghadaithe agus lucht goidte málaí in áiteanna a mbíonn sluaite.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Mholdóiv, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i mBúcairist má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Mholdóiv, ba chóir duit a bheith an-chúramach mar go bhfuil coinníollacha bóthair agus soilse an-dona go minic. Seachain a bheith ag tiomáint tar éis thitim na hoíche lasmuigh de Chísineá. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat agus bíodh do chuid doiciméid bhunaidh árachais agus chairr ar iompar agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Moldóive, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Bí ag faire amach do dhaoine, d’ainmhithe agus d’fheithiclí malla ar an mbóthar

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Céannacht phearsanta

Bíonn póilíní i mbun seiceálacha go minic agus ba chóir cóip de do phas a bheith ar iompar agat i gcónaí.

Drugaí neamhdhleathacha

Tá polasaí neamhfhulaingthe sa Mholdóiv maidir le haon drugaí a sholáthar nó a bheith i do sheilbh. Cuirtear é sin i bhfeidhm go dian.

Grianghrafadóireacht

Tá na húdaráis i réigiún na Tras-dnístria den Mholdóiv in ann a bheith míchompordach le cuairteoirí ag tógáil grianghraf in áiteanna sa réigiún. Moltar duit a bheith cúramach má bhíonn tú ag tógáil grianghraf de na foirgnimh/séadchomharthaí is normálta fiú, agus moltar go láidir duit gan grianghraf a thógáil d'aon bhaill foirne/ionad míleata nó síochánaíochta, a bhféadfadh deacrachtaí leanúint as.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Crith Talún

Tá creathanna talún sách coitianta sa Mholdóiv mar go bhfuil an tír suite i limistéar seismeach gníomhach agus tarlaíonn creatháin talún bheaga a thaifeadtar i rith na bliana nach mbíonn aon tionchar ag baint leo. Tharla an mórchrith talún deiridh i 1986, inar maraíodh daoine agus rinneadh damáiste mór d'fhoirgnimh. Má tá tú ag taisteal chun na Moldóive nó i do chónaí ann, déan cinnte go bhfuil a fhios agat cad a dhéanfaidh tú i gcás go dtarlódh crith talún.

Embassy contact

Embassy Contact

In case of a genuine consular emergency while the Embassy is closed, please leave a message with name, location and telephone number at +4021 310 2131 and the Duty Officer will call you back.

Alternatively, the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin can be contacted at +353-1-408-2000.

Embassy of Ireland
50-52 Buzesti St
3rd Floor, Sector 1
Bucharest
Romania

Tel: +40 21 3102131
Fax: +40 21 3102181

Monday to Friday 09:30 to 12:30; 14:00 to 17:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Dr. Suzanne O'Connell

Skytower
Office 1A, 5th Floor
Vlaicu Pircalab Str. 63
Chisinau, MD-2012
Republic of Moldova

Tel: + 373-22-80-7145

Email: Email us