Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Nua-Shéalainn, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Nua-Shéalainn

Má tá tú ag taisteal chun na Nua-Shéalainne, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Nua-Shéalainn nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Nua Shéalainn sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid de chuid na hÉireann sa Nua-Shéalainn, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála.

Má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gConsal Oinigh i gcathair Auckland nó le hAmbasáid na hÉireann i gCanberra san Astráil.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat 
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le Ambasáidí nó le Consalachtaí de thíortha eile AE, chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Coiriúlacht

Déan na réamhchúraim chéanna maidir le do ghiuirléidí agus do nithe pearsanta sa Nua-Shéalainn agus a dhéanfá sa mbaile. Bí aireach faoi mhionghadaíocht in áit ar bith agus déan réamhchúraim chiallmhara i gcónaí:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir. 
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Bíonn ceantair i gcathracha móra ar chóir a sheachaint i gcónaí, go háirithe go mall san oíche. Bí ciallmhar agus faigh eolas áitiúil faoi na háiteanna is sábháilte don siamsaíocht

Mionghadaíocht

Bí an-chúramach le do shealúchas pearsanta agus do dhoiciméid taistil in áiteanna a bhfuil an-tarraingt ag turasóirí orthu mar shampla Auckland, Rotorua agus Queenstown. Tarlaíonn gadaíocht ó ionaid chóiríochta nó ó fheithiclí gan aon duine ina bhfeighil.

Tá comhairle chuimsitheach maidir le sábháilteacht ag Tourism New Zealand ar a láithreán gréasáin.

Pasanna goidte/caillte

Má chailltear nó má ghoidtear do phas agus tú sa Nua-Shéalainn cuir in iúl do na póilíní é a luaithe agus is féidir agus don Chonsalacht ar an gcéad lá oibre eile. Féadfaidh an Chonsalacht pasanna nua Éireannacha a eisiúint ar chomhlánú iarratais nua, arna fhianú go cuí, leis na doiciméid tacaíochta go léir agus an táille. Tógann an próiseas seo thart ar shé seachtaine de ghnáth.

Teastaíonn teastas breithe chun athsholáthar a dhéanamh ar phas atá caillte nó goidte agus moltar duit cóip de do theastas breithe, deimhnithe ag na Gardaí, a bheith leat agus tú ag taisteal, nó ar a laghad a chinntiú go mbeadh teacht ag duine éigin sa mbaile go héasca air sa chás go mbeadh ort iarratas a dhéanamh ar phas nua sa Nua-Shéalainn.

Tá socruithe éigeandála ar fáil dóibh siúd ar ghá dóibh taisteal ach ní eiseoidh an Chonsalacht doiciméid taistil éigeandála chun críocha eile seachas taisteal práinneach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Nua-Shéalainn, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i gCanberra má bhíonn cúnamh uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint sa Nua-Shéalainn, glac an cúram céanna agus a dhéanfá agus tú ag tiomáint sa mbaile. Tá caighdeán na mbóithre sa Nua-Shéalainn an-mhaith ar an iomlán, ach d’fhéadfadh nach mbeadh caoi mhaith ar bhóithre trí cheantair iargúlta mar pháirceanna sciála nó Páirceanna Náisiúnta. 

Más mian leat tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat.
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort má bheirtear ort 
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Nua-Shéalainne, teorainneacha luais mar shampla
  • Ceanglaíonn an dlí ort crios sábhála a chaitheamh. Caith i gcónaí é
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Nuair a pháirceálann tú ar bhóthar cinntigh go bhfuil aghaidh ag an ngluaisteán i dtreo na tráchta

Doiciméadú gluaisteáin 

Tá sé éigeantach do cheadúnas tiomána a iompar agus tú ag tiomáint agus gearrtar fíneáil láithreach mura bhfuil sé seo á dhéanamh. Seiceáil polasaí árachais carr ar bith a thiomáineann tú, go háirithe má tá sé ar iasacht ó chara.

Tuirse tiománaí

Is mórmharfóir í tuirse tiomána ar bhóithre na Nua-Shéalainne agus moltar duit sosanna rialta a ghlacadh agus ciantiomáint ar siúl agat. Tá sé tábhachtach freisin ródacmhainneacht d’fheithicle a sheiceáil, go háirithe sula dtosaíonn tú ar thaisteal fadscríbe i gceantair iargúlta.

Alcól

Mar a tharlaíonn maidir le tiomáint in Éirinn, ba chóir duit ómós a bheith agat do rialacha an bhóthair lena n-áirítear an dlí maidir le tiomáint faoi thionchar an óil.  Bíodh ciall agat agus seachain tosca dainséaracha mar bheith i do phaisinéir le tiománaí atá faoi thionchar an óil agus/nó drugaí.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Gníomhaíochtaí eachtraíochta

Téann cuid mhaith taistealaithe chun na Nua-Shéalainna le páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eachtraíochta. Tá sé tábhachtach go gcuireann tú tú féin ar an eolas go hiomlán faoi na rioscaí atá i gceist agus bí cinnte go gcomhlíonann tionscnóirí turais agus gníomhaíochta caighdeáin sábháilteachta. Ná tóg páirt sna gníomhaíochtaí seo mura mbíonn tú clúdaithe ag leibhéal leordhóthanach árachais taistil.

Snámh

Cinntigh go bhfuil gardaí tarrthála ar patról agus déan snámh idir na bratacha ar thránna na Nua-Shéalainne i gcónaí. Is cuma cé chomh mealltach is a bhreathnaíonn trá iargúlta gan mhaoirsiú, ná téigh ag snámh ann.  Bíonn sruthanna ‘cuilitheála’ contúirteacha ag cuid mhór tránna. Seiceáil na comharthaí i gcónaí roimh dhul ag snámh. Ná snámh tar éis alcól a ól nó drugaí a thógáil agus seachain an snámh i d’aonair.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Céannacht phearsanta

Moltar d’aon duine atá sa Nua-Shéalainn ar an scéim saoire oibre bliana cur isteach ar chárta HANZ 18+. Is doiciméad fianaise aoise fótagrafach ceadaithe é faoin Acht maidir le Licéar a Dhíol. Tá sé níos éasca an cárta HANZ 18+ a iompar ná pas agus is féidir é a athsholáthar níos éasca agus ar chostas níos lú má chailltear nó má ghoidtear é.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionóis throma ar úsáid dhrugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus tréimhsí fhada príosúin. 

Alcól

Is féidir le dearcthaí i leith alcóil athrú ó shochaí amháin go eile agus tá an Nua-Shéalainn níos coimeádaí go ginearálta maidir leis seo ná mar a shamhlaítear go minic.  Tá roinnt cuairteoirí Éireannacha tar éis oíche a chaitheamh i gcillín sa Nua-Shéalainn tar éis gur gabhadh iad agus iad faoi thionchar an óil.

Cé go ndéileáiltear le mídhiscréidí beaga go tapa sna cúirteanna, agus gur fíneáil a bheidh i gceist de ghnáth, chuirfeadh sé iontas ar dhuine cé chomh héasca is atá sé ciontú coiriúil a fháil agus beidh tionchar diúltach aige seo ar do chumas fanacht sa Nua-Shéalainn, teacht isteach ann in athuair sa todhchaí, nó víosa a fháil do thíortha eile.

Bí aireach faoin mbaol go ndéanfaí deochanna a spíceáil agus déan na gnáth-réamhchúraim.

Ar deireadh, cuimhnigh go bhfuil Póilíní na Nua-Shéalainne dian agus nach nglacfaidh siad le caint dhímheasúil, gan trácht ar theagmháil fhisiciúil, ó ragairneálaithe atá ar meisce.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Crith talún

Luíonn an Nua-Shéalainn feadh ceantair atá gníomhach go seismeach agus tá sí tugtha mar sin do chreathanna talún agus do ghníomhaíocht bholcánach. Seiceáil le do thoil le Coimisiún Creathanna Talún na Nua-Shéalainne le comhairle a fháil faoin méid ar chóir duit a dhéanamh i gcrith talún.

Rinneadh damáiste fairsing do Christchurch i sraith creathanna talún agus tá codanna móra den chathair le leagan agus le tabhairt ar shiúl. Cé go bhfuil formhór na bhfoirgneamh ceangailte arís leis an uisce, le séarachas agus leis an gcumhacht d’fhéadfadh go mbeidh briseadh ar sheirbhísí. Ná téigh isteach i bhfoirgneamh damáistithe nó i gceantair fhálaithe. Seiceáil le Údarás Téarnaimh Creathanna Talún le heolas cothrom le dáta ar cheantair shrianaithe a fháil.

Adhaimsir

Moltar duit agus tú ag taisteal go dtí ceantair iargúlta nó tríothu, tosca aimsire a sheiceáil sula bhfágann tú agus trealamh agus éadaí a bheadh oiriúnach d’adhaimsir a phacáil.

Agus tú ag taisteal trí cheantair iargúlta cinntigh go gcuireann tú in iúl d’oibreoirí na páirce (nó do dhuine éigin eile) cá bhfuil tú ag dul agus cén fhad ar dóigh leat a bheith ar shiúl. Seiceáil le Roinn Caomhnóireachta na Nua-Shéalainne le tuilleadh eolais a fháil faoi thaitneamh a bhaint as na Páirceanna Náisiúnta agus leis an tSeirbhís Meitéareolaíochta le réamhfhaisnéisí aimsire agus rabhaidh cothrom le dáta a fháil.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní gá do shealbhóirí pasanna Éireannacha víosa a fháil le dul isteach sa Nua-Shéalainn agus, ar shroicheadh dóibh, d’fhéadfaí go mbronnfaí cead cuairteora suas le 90 lá orthu. Beidh ort iad seo a leanas a sholáthar:

  • ticéid taistil nó fianaise faoi shocruithe taistil amach, agus
  • fianaise faoi airgead don chothabháil

Pasanna

Ní cheanglaíonn dlí na Nua-Shéalainne ort do phas a iompar leat, agus le cailliúint nó goid a sheachaint, moltar duit gan é seo a dhéanamh mura mbíonn géarghá leis. Is smaoineamh maith é roinnt fótachóipeanna de do phas a dhéanamh agus iad a thógáil leat le linn do chuairte.

Bithshlándáil

Tá nósanna imeachta an-diana bithshlándála ag an Nua-Shéalainn ag aerfoirt agus ag calafoirt chun cosc a chur le tabhairt isteach lotnaidí agus galair ainmhithe agus plandaí. Ar theacht ann duit tabharfar ‘Cárta Rochtana Paisinéara’ duit a mbeidh ort a chomhlánú sula dtéann tú isteach sa Nua-Shéalainn. Is doiciméad dlíthiúil é seo. Má bhriseann tú an dlí trí dhearbhuithe bréige nó míchearta a thabhairt d’fhéadfaí fíneálacha nó tréimhse príosúin a ghearradh ort.

Féadfaidh daoine a mhainníonn earraí a bhfuil baol bithshlándála leo a dhearbhú fíneáil láithreach de $400 a fháil, nó d’fhéadfadh go ngearrfaí fíneáil suas le $100,000 orthu agus/nó go mbeadh aghaidh á thabhairt acu ar chúig bliana sa phríosún.

Áirítear ar earraí riosca bia, plandaí agus táirgí plandaí, ainmhithe beo, táirgí ainmhithe, táirgí salainn agus fionnuisce agus earraí bainteach le trealamh uisce, spóirt agus campála. Tá liosta iomlán d’earraí riosca nach mór a dhearbhú ar an gCárta Rochtana Paisinéara nó ó láithreán gréasáin MAF Biosecurity. Má bhíonn aon earraí riosca agat nach mian leat a choinneáil, cuir isteach sna boscaí maithiúnais iad atá ar fáil sna ceantair rochtana ag aerfoirt nó dearbhaigh iad ar an gCárta Rochtana Paisinéara. Is iad na boscaí seo an seans deireanach a bhíonn agat de ghnáth earraí riosca a chaitheamh uait sula dtéann tú isteach i gceantar Bithshlándála MAF.

Ar shroicheadh duit d’fhéadfadh go bhfeicfeá Madraí Brathadóra Bithshlándála MAF atá oilte go speisialta le hearraí riosca a aimsiú. Is féidir go gcuirfí do mhálaí trí mheaisín x-ghathuithe freisin. Má aimsítear aon earraí féadfaidh foireann Bithshlándála do mhálaí a oscailt chun iad a scrúdú. Cinntigh go ndearbhaíonn tú nó go gcaitheann tú uait aon earraí neamhcheadaithe roimh an próiseas bithshlándála.

Téigh i dteagmháil le do thoil leis an Ambasáid nó an Chonsalacht is cóngaraí de chuid na Nua-Shéalainne le tuilleadh comhairle agus eolais a fháil.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir go maith roimh thaisteal duit féachaint an mbeadh gá le haon vacsaíniú don Nua-Shéalainn.

Embassy contact

Embassy Contact

Contact our Embassy in Wellington, New Zealand or the Honorary Consulate in Auckland for assistance.

Physical Address

Level 10, Technology One House
86 Victoria Street
Wellington 6011
New Zealand

Postal Address

Embassy of Ireland, Wellington
PO Box 11498
Manners Street
Wellington 6142
New Zealand.

Tel: + 64 4 4712252

Contact us

Honorary Consulate Contact

Physical address

Honorary Consulate General of Ireland
Level One
5 High Street
Auckland
New Zealand

Postal address

Honorary Consulate General of Ireland
PO Box 279
Auckland 1140
New Zealand

Tel: +64 9 9197450

Contact us