Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Phacastáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Phacastáin

Má tá tú ag taisteal chun na Pacastáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Seachain Taisteal Neamhriachtanach

Slándáil

Molaimid duit gan taisteal chuig:

  • réigiún Kashmir
  • an t-iar-FATA (Limistéir Threibhe atá Riaraithe go Cónaidhmeach)
  • ceantair Charsadda, Kohat, Tank, Bannu, Lakki, Dera Ismail Khan, Swat, Buner agus Lower Dir in Khyber-Pakhtunkhwa
  • cathair Peshawar agus ceantair ó dheas den chathair, lena n-áirítear taisteal ar bhóthar Peshawar go Chitral tríd an Phas Lowari
  • an Balúitseastáin thuaidh agus thiar
  • taisteal ar Mhórbhealaigh Karakoram idir Islamabad agus Gilgit

Taisteal chun na Pacastáine

Ní cheanglófar ar gach paisinéir atá 12 bliain d'aois agus ar féidir leo cruthúnas a chur ar fáil maidir le vacsaíniú chun taisteal chuig an bPacastáin fianaise a sholáthar maidir le tástáil dhiúltach COVID sula dtaistealaíonn siad. Beidh fianaise ar thástáil PCR diúltach a tógadh suas le 72 uair an chloig roimh theacht i dtír ag teastáil uaidh paisinéirí 12 bliana d'aois agus níos sine nach bhfuil cruthúnas vacsaínithe acu.

Ní theastaíonn cruthúnas ar vacsaíniú ó phaisinéirí faoi bhun 12 bhliain d'aois ná cruthúnas ar thástáil dhiúltach PCR. 

Tabhair faoi deara go bhfuil an chuid is mó de na teorainneacha talún leis an Afganastáin dúnta, agus trasnuithe ag leanúint ar aghaidh ag trasbhealach teorann Torkham dóibh siúd a bhfuil pas bailí agus víosa na Pacastáine acu. D'fhéadfadh trasnuithe teorann idir an Phacastáin agus an Afganastáin dúnadh ar ghearrfhógra.

Éilítear ar phaisinéirí a thagann go dtí an Phacastáin ‘Aip Pass Track’ a íoslódáil agus a gcuid sonraí a chlárú air roimh theach i dtír dóibh.​ Mura bhfuil an Aip íoslódáilte agat, iarrfar ort foirm dearbhaithe sláinte a chomhlánú.

Ní mór do shealbhóirí pasanna neamh-Phacastánacha atá 18 mbliana d'aois agus níos sine cruthúnas a sholáthar go bhfuil siad vacsaínithe go hiomlán chun eitiltí intíre a bhordáil.

Má tá tú sa Phacastáin, ba chóir duit monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí go rialta agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint. D’fhéadfadh cúrsaí athrú ar ghearrfhógra. Má tá imní ort faoi phleananna taistil amach anseo, déan teagmháil le d'aerlíne, le do thoil. Chun eolas taistil cothrom le dáta a fháil, féach na naisc seo a leanas d'aerfoirt idirnáisiúnta sa Phacastáin:

Aerfort Islamabad (IIAP) 

Aerfort Karachi (KHI)

Aerfort Lahore (LHE)

Comhairle Taistil Ghinearálta 

Tá tuilte móra agus sciorrthaí talún ann sa Phacastáin. Tá tionchar nach beag ag sin ar iompar, dáileadh cumhachta, rochtain ar bhia agus ar uisce, líonraí teileachumarsáide, seirbhísí éigeandála agus cúram leighis i go leor ceantair. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis Náisiúnta um Bainistíocht Tubaistí. Moltar do shaoránaigh Éireannacha sa Phacastáin fanacht amach ó cheantair atá buailte agus monatóireacht a dhéanamh ar thuairiscí nuachta agus aimsire áitiúla agus treoir na n-údarás áitiúil a leanúint.

Tá baol ard sceimhlitheoireachta ann sa Phacastáin, lena n-áirítear i gcathracha móra. Ba chóir do shaoránaigh Éireannacha sa Phacastáin a bheith airdeallach agus cúramach agus cruinnithe poiblí móra a sheachaint. Bíodh is go dtarlaíonn go leor léirsithe poiblí sa Phacastáin gan eachtra ar bith, d'fhéadfaí foréigean tarlú i gcónaí, agus ba chóir do thaistealaithe léirsithe den sórt sin a sheachaint chomh maith le sluaite móra más féidir. Ba chóir do thaistealaithe a bhfuil gá acu le taisteal riachtanach a dhéanamh chun na Pacastáine a láithreacht a chlárú ar shuíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha, ceantair teorann a sheachaint agus a dtréimhse lonnaithe a choinneáil chomh gearr agus is féidir. 

Ach amháin i gcás pointí trasnaithe oifigiúla teorann, ní cheadaítear d'eachtrannaigh taisteal laistigh de 10 míle ó theorainneacha idirnáisiúnta na Pacastáine agus ó Líne Rialaithe Kashmir, ná laistigh de 30 míle ó theorainn na hAfganastáine in Gilgit-Baltistan.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid ná Consalach Éireannach sa Phacastáin, tá muid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag an gConsalacht Onórach in Karachi nó ag Ambasáid na hÉireann in Ankara, áfach, má theastaíonn cabhair uait.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá cúrsaí slándála na Pacastáine neamhsheasmhach agus dainséarach.

Foréigean seicteach

Tá bagairt leanúnach ó fhoréigean (Shia-Sunni) seicteach go háirithe in Balouchistan agus in Cúige Imeallchríche an Iarthuaiscirt (North West Frontier Province) agus ba chóir duit a bheith cúramach i rith féilte Ioslamacha agus ar an Aoine i gcóngaracht na moscanna.

Réigiúin na Teorann

Tá foláireamh níos mó ag baint le taisteal gar de cheantair ar an teorainn, go speisialta na ceantair teorann atá i dtuaisceart na tíre, lena n-áirítear na Ceantair Threibhe atá Riartha go Feidearálach (Federally Administered Tribal Areas), Cúige Imeallchríche an Iarthuaiscirt (Northwest Frontier Province), tuaisceart agus iarthar Balouchistan agus an teorainn le Kashmir.  Tá baol níos mó ag baint le cathracha Peshawar, Quetta agus an Swat valley ó thuaidh de Islamabad. Moltar go láidir gan taisteal chuig na háiteanna seo.

Léirsithe

Seachain léirsithe polaitiúla agus grúpaí móra a chruinníonn le chéile do chuspóirí polaitiúla nó reiligiúnacha mar tá an baol ann go mbeidh foréigean ag na cruinnithe seo. Coinnigh tú féin ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú thart ort trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus fanacht i dteagmháil leis na daoine áitiúla, bainistíocht d’óstáin nó do thionscnóir turas.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol ard ó sceimhlitheoireacht sa Phacastáin. Chomh maith le patrún seanchaite d’ionsaithe sceimhlitheoireachta ar ionaid mhíleata agus Rialtais, tharla go leor ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha ar áiteanna poiblí agus gortaíodh agus maraíodh go leor daoine dá mbarr. Díríodh ar áiteanna ina dtéann náisiúnaigh ó thíortha de chuid an Iarthair - óstáin, bialanna, ionaid siopadóireachta agus Misin thaidhleoireachta.

Fuadach

Tá baol ard go bhfuadófar náisiúnaigh coigríche ar fud na Pacastáine i gcónaí. Ní dhéanann fuadaitheoirí idirdhealú idir náisiúntachtaí ná reiligiúin agus mar sin ba chóir duit na réamhchúraim bhunúsacha seo a leanúint:

  • Faigh comhairle ó dhaoine áitiúla faoin tslí le fanacht sábháilte
  • Seachain taisteal san oíche, go háirithe idir chathracha
  • Seachain taisteal asat féin
  • Nuair a bhíonn tú ag tiomáint, bí cinnte go bhfuil na doirse ar fad faoi ghlas
  • Athraigh thart na bealaí ar a dtiomáineann tú agus na hamanna a n-imíonn tú – seachain patrúin a d’fhéadfaí a leanúint
  • Tabhair aird mhaith ar na meáin áitiúla do thuairiscí ar ghníomhaíochtaí fuadaithe

Coiriúlacht

Tá ráta ard coiriúlachta sa Phacastáin, go speisialta i Karachi agus i bhformhór Baluchistan, an chuid de Sindh atá faoin tuath agus tá ráta ard aindleathachta in Cúige Imeallchríche an Iarthuaiscirt (North West Frontier Province), lena n-áirítear na Ceantair agus Gníomhaireachtaí Treibhe atá Riartha go Feidearálach. Ba chóir duit a bheith an-chúramach agus muiníneach faoi do chuid socruithe pearsanta slándála i rith do chuairte

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.

Coiriúlacht fhoréigneach

Tá coiriúlacht fhoréigneach, lena n-áirítear carr-sheacáil armtha, robáil, fuadach agus dúnmharú, coitianta sa Phacastáin, go speisialta i Karachi. Tairgeadh bia a raibh drugaí curtha ann do thaistealaithe agus ansin robáladh iad. Bí ar an eolas faoin mbaol a d’fhéadfadh a bheith ort agus déan réamhchúram ó thaobh slándáil phearsanta.  

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Phacastáin, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Chonsalacht Oinigh má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint sa Phacastáin, ba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach. Ní i gcónaí a bhíonn caighdeán tiomána maith ann, go speisialta san oíche, tá drochbhóithre ann agus tá baol ann ó charr-sheacáil. Déan réamhchúram ar leith ar aistir ar bhóithre fada agus nuair a bhíonn tú ag taisteal trasna na tíre.  

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead idirnáisiúnta tiomána agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Pacastáine, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Bain úsáid as bealaí ar a mbíonn go leor ag taisteal agus a bhfuil soilse go leor orthu nuair is féidir leat

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Cultúr Moslamach

Stát Ioslamach é an Phacastáin agus ba chóir duit meas a léiriú do reiligiúin, dlíthe, gnásanna agus traidisiúin áitiúla. Gléas tú féin go coimeádach; ba chóir d’fhir agus do mhná a gcuid guaillí agus a gcuid cosa a chlúdach agus iad amuigh go poiblí. Ba chóir do mhná a gcuid cloigne a chlúdach nuair a théann siad isteach in moscanna nó in áiteanna beannaithe eile, agus nuair a bhíonn siad ag taisteal chuig ceantair amuigh faoin tuath.

Ramadan

Bí airdeallach i gcónaí ar do ghíomhartha agus bí cúramach gan cultúir nó creidimh eile a mhaslú, go háirithe i rith mhí bheannaithe Ramadan nó féilte reiligiúnacha eile, nó má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar cheantair reiligiúnacha.

I rith Ramadan, ní ceadaítear do Mhoslamaigh ithe, ól ná tobac a chaitheamh i rith uaireanta an lae. Níor chóir duit ithe, ól ná tobac a chaitheamh go poiblí i rith an ama seo ionas nach maslófar iad. 

Homaighnéasachas

Tá homaighnéasachas in aghaidh an dlí agus moltar duit a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Cónaí le chéile

Tá sé in aghaidh an dlí do lánúin nach bhfuil pósta cónaí le chéile.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí fada príosúin. 

Táirgí coiscthe

Tá sé in aghaidh an dlí táirgí muiceola agus alcól a iompórtáil.

Grianghrafadóireacht

Moltar duit gan grianghraif a ghlacadh d’fhoirgnimh mhíleata, d’aerfoirt ná d’aon infreastruchtúr, lena n-áirítear droichid agus dambaí nó ó aerárthaí.

Faisnéis Bhreise

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Crith talún

Is saincheantar gníomhach creathanna talún é an Phacastáin agus bíonn creathanna talún ar mhéideanna éagsúla ar fud na tíre go minic. Má tá tú ag taisteal chun na Pacastáine nó i do chónaí ann, bí cinnte go bhfuil a fhios agat céard is ceart a dhéanamh i gcás creatha talún agus bí cinnte i gcónaí go leanfaidh tú treoracha na n-údarás i gcás éigeandála.

Tuilte

Bíonn séasúr na báistí sa chuid is mó den Phacastáin ó Iúil go Meán Fómhair. Nuair a bhíonn báisteach agus stoirmeacha monsún ann, is minic go mbíonn tuilte móra dainséaracha agus sciorradh talún dá mbarr, agus mar sin ba chóir duit monatóireacht ghrinn a dhéanamh ar réamhaisnéis na haimsire.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of an emergency while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, 00 90 312 4591000, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox. This mailbox will be monitored regularly. Please have an English speaker leave the initial message.

Embassy of Ireland
Ugur Mumcu Caddesi No.88
MNG Binasi
B Blok Kat 3
Gaziosmanpasa
Ankara 06700
Turkey

Tel: +90 312 459 1000
Fax: +90 312 446 8061

Monday to Friday 09:00-13:00 and 14:00-17:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Honorary Consul of Ireland Pakistan
Mr. Osman Asghar Khan
House number 91/1,
1st Lower Commercial Street,
Phase IV,
Defence Housing Authority
Karachi 75500

Tel: +92 21 35891181 - 82 - 83
Fax: +92 21 35821184

Email: Email us