Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSile, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSile

Má tá tú ag taisteal chun na Sile, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi 

Taisteal chun na Sile

Tá teorainn idirnáisiúnta na Sile oscailte roimh shaoránaigh eachtracha neamhchónaitheacha a chloíonn le roinnt riachtanais faoi phlean bainistithe COVID-19 reatha Rialtas na Sile – “#SeguimosCuidándonos Paso A Paso”.  

Faoin leibhéal airdill reatha, caithfidh cuairteoirí sa tSile na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Chun dul isteach sa tSile, caithfidh paisinéirí nach cónaithigh de chuid na Sile iad teastais vacsaínithe ón tír a ndearnadh vacsaíniú orthu agus cáipéis aitheantais a chur isteach. Caith daoine thar cionn 18 mbliana d’aois nach bhfuil vacsaínithe cruthúnas ar thástáil PCR dhiúltach a rinneadh laistigh de 48 uair an chloig ón uair a thosaíodar ag taisteal chuig Sile. 
  • Níl tástáil PCR dhiúltach de dhíth i gcás daoine vacsaínithe sula dtaistealaíonn siad.
  • Is féidir le gach páiste faoi bhun 18 mbliana d’aois dul isteach sa tSile, beag beann ar a stádas vacsaínithe.
  • Níl sé éigeantach árachas sláinte a bheith agat agus tú ag taisteal, mar sin féin moltar árachas a chlúdaíonn costais leighis a bhaineann le COVID a bheith agat agus tú ag taisteal.
  • Nuair a théann siad isteach sa tSile, d’fhéadfaí éileamh ar chuairteoirí tástáil PCR nó antaigine a dhéanamh go randamach.

Srianta COVID-19 sa tSile

  • Tá COVID-19 á thras-seoladh sa phobal sa tSile go fóill ach tá dáiríreacht na paindéime tar éis laghdú le himeacht ama de bharr leibhéil ard vacsaínithe agus imdhíonacht a gnóthaíodh i measc an phobail.
  • I mí Aibreáin 2022, rinne rialtas na Sile athstruchtúrú ar a Phlean “Céim ar Chéim” i dtaca leis an bpaindéim a bhainistiú. Tá an plean iomlán ar fáil anseo: “#SeguimosCuidándonos Paso A Paso”
  • Má thaistealaíonn tú chun na Sile is tábhachtach a chinntiú go gcloíonn tú leis na srianta sláinte poiblí ar fad.

Maisc

Caithfidh taistealaithe masc a chaitheamh i ngach ionad sláinte ar nós clinicí, ospidéil agus saotharlanna.

Moltar masc a chaitheamh ar iompar poiblí.

Má tá tú sa tSile ba cheart duit súil a choinneáil ar fhorbairtí go rialta agus comhairle ó na húdaráis áitiúla a leanúint. Féach ar na nascanna chuig suíomhanna gréasáin ábhartha thíos:

Paso a Paso (Ceim ar Chéim) Plean (i Spáinnis)

Aireacht Sláinte na Sile ar Twitter (i Spáinnis)

Comhairle Taistil Ghinearálta

Tá baol ann go mbeadh agóidíocht foréigneach i Santiago agus ba cheart duit a bheith ag súil le láithreacht slándála méadaithe. D’fhéadfadh tuilleadh léirsithe tarlú ar bheagán foláirimh nó gan aon fholáireamh, agus bheadh baol foréigin i Santiago, Valparaiso, Viña del Mar, Concepcion, Antofogasta & i mórchathracha eile. 

Molaimid go mbeifeá ar an airdeall agus go seachnófá aon léirsiú nó agóid agus go leanfá treoracha na n-údarás áitiúil. Faoi dhlí na Sile, d’fhéadfaí náisiúnaigh choigríche atá ar cuairt sa tSile nó atá ina gcónaí ann a dhíbirt má bhíonn baint acu le agóidí agus léirsithe. Coimeád súil ar na meáin áitiúla le haghaidh tuilleadh nuashonruithe. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an táb sábháilteacht agus slándáil.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa tSile ach glaoch a chur ar (133).

 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht sa tSile íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Mianaigh talún

Tá fadhb bheag ach fadhb shuntasach ag an tSile le mianaigh talún. Tarlaíonn timpistí mianach talún do bheostoc den chuid is mó agus líon beag daoine áitiúla a théann trasna teorainneacha ag pointí trasna neamhúdaraithe. Tá loig mhianach suite go príomha i gceantair theorann cóngarach do Pheiriú agus don Bholaive go mór ó thuaidh de Réigiúin na Sile I agus II, agus cóngarach don Airgintín ó dheas i Réigiún XII.

Cé go bhfuil formhór na log mianach marcáilte go soiléir, tá damáiste déanta do roinnt comharthaí agus sconsaí ag an aimsir nó ag loitiméirí agus d’fhéadfadh sé a bheith deacair iad a aithint, go háirithe i dtuaisceart na tíre. Tá loig mhianach leagtha suas go himeall príomhbhealaí i roinnt cásanna.

Ba chóir go mbeadh tú eolach chomh maith go bhfuil limistéir mhianadóireachta i sé cheantar fásaigh faoi chosaint rialtais i Réigiúin I, II agus XII. Cé nár gortaíodh ná nár maraíodh maoirseoirí fiadhúlra ná cuairteoirí riamh de bharr mianach talún, moltar duit seiceáil leis na húdaráis áitiúla sula dtéann tú chuig ceantair theorann i Réigiúin I, II agus XII, fan ar bhóithre atá marcáilte go soiléir agus lean gach comhartha foláirimh.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal sa tSile ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Tá peasghadaíocht, gadaíocht eile agus mugálacha ag éirí níos coitianta ar fud na Sile, go háirithe in áiteanna aithnidiúla ina gcruinníonn turasóirí agus ag stáisiúin bus. Níor chóir málaí taistil a fhágáil gan duine ina mbun agus ba chóir a bheith ar an airdeall go háirithe ag críochfoirt bhus, bialanna agus áiteanna eile ina gcruinníonn turasóirí. Moltar duit a bheith an-chúramach le do chuid giuirléidí, fan i ngrúpaí agus ná siúil leat féin san oíche.

Coir a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa tSile, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i mBuenos Aires má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa tSile, bí cúramach agus déan na réamhchúraim shimplí seo a leanas:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Sile, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada. Moltar duit gan aon bhaint a bheith agat le drugaí d’aon chineál. Féadfar pianbhreitheanna fada i bpríosún a ghearradh fiú as méid an-bheag a bheith i seilbh.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Aeráid

Is tír í an tSile a bhfuil difríochtaí móra aeráide ann. Mar gheall ar chruth fada agus caol na tíre, a théann ó Pheiriú ó thuaidh go dtí an an tAntartach ó dheas, beidh an aeráid an-éagsúil ag brath ar an gcuid den tír a bhfuil tú ann.

De ghnáth, amhail is faide ó thuaidh a rachaidh tú is teo agus is tirime an aeráid. Amhail is faide ó dheas a rachaidh tú, beidh an aeráid níos fuaire agus níos fliche. Bíonn sé ag báisteach níos minice i míonna an gheimhridh.

Tá an tSile sa leathsféar theas agus mar gheall air sin iad is seo a leanas na séasúir de ghnáth:

  • Samhradh: Nollaig - Feabhra
  • Fómhar: Márta - Bealtaine
  • Geimhreadh: Meitheamh - Lúnasa
  • Earrach:  Meán Fómhair - Samhain

Crith Talún

Tá an tSile i gcrios creathanna talún ardriosca. Tharla crith talún an-mhór in 2010, a bhain tuairim is 8.8 amach ar an scála Richter, 8 gciliméadar amach ó chósta theas-láir na Sile. Ba ghaire an t-eipealár do Curanipe, baile saoire a bhfuil tóir air i gcúige Maule, tuairim is 115 ciliméadar soir ó thuaidh ó dhara chathair na tíre, Concepción, agus 325 ciliméadar siar ó dheas ón bpríomhchathair, Santiago. Airítear iarchreathanna fós i gcrios Theas-Láir na tíre.

Tharla crith talún cumhachtach, ar mhéid 7.9, i dtuaisceart na Sile in 2005 inar maraíodh 11 duine agus gearradh amach cumhacht agus cumarsáid ar feadh roinnt laethanta.

Bolcán

Is féidir le brúchtadh bolcánach tarlú mar gheall go bhfuil an tSile i gcrios seismeach gníomhach. Tharla brúchtadh in 2008 leis an mBolcán Chalten i ndeisceart na Sile agus rinneadh na mílte duine a aslonnú. Meastar go bhfanann an bolcán gníomhach.

Is féidir le crith talún nó brúchtadh bolcánach tromchúiseach tarlú ag pointe ar bith; ach éilítear le rialacháin tógála go gcuirfí rioscaí seismeacha san áireamh. Tá eolas maith ar bhearta sábháilteachta agus cuireann eagraíochtaí náisiúnta agus údaráis áitiúla i bhfeidhm iad. Má tá tú ag taisteal chun na Sile nó i do chónaí ann, déan cinnte go bhfuil a fhios agat cad a dhéanfaidh tú i gcás go dtarlódh crith talún nó brúchtadh bolcánach.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na Sile, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid na Sile.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Sile.

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out of hours service for Irish citizens requiring emergency assistance outside of hours, on weekends and on public holidays. If you are in need of emergency assistance during these times, you should leave a message on the emergency message system by calling +56 2 3304 6600. The emergency message system is checked regularly outside of office hours and a member of the Embassy staff will contact you. as soon as possible.
When you leave a message, remember to state your name, the nature of the problem, where you are now, and the details of how the Duty Officer can contact you (e.g. leave your mobile phone number, or the phone number of the hotel/hostel where you are staying).

Alternatively, you may contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin on +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Apoquindo 2929
Piso 18
Las Condes
Santiago
Chile

Tel: Tel: +56 2 3304 6600
Monday to Friday 9.00-13.00

Contact us