Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSúdáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSúdáin

Má tá tú ag taisteal chun na Súdáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall chun an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Na Taisteal

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an tSúdáin nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin tSúdáin sula dtéann tú ann. Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

Mar gheall nach bhfuil aon Ambasáid ag Éire sa tSúdáin, táimid teoranta sa mhéid cúnaimh is féidir linn a thairiscint i gcás éigeandála. Ach, má theastaíonn cúnamh uait, is féidir leat dul i dteagmháil leis an gConsal Oinigh in Khartoum nó le hAmbasáid na hÉireann i gCaireo, san Éigipt.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht leis na sonraí seo a leanas:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le Ambasáidí nó le Consalachtaí thíortha AE eile chun cúnamh, comhairle agus tacaíocht consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn ag cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Faigh tuilleadh eolais faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaistealchun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá an cás slándála neamhchobhsaí go maith i roinnt réigiún sa tSúdáin. In 2012, d’fhógair an tUachtarán staid éigeandála i gcúig stát atá ar an teorainn leis an tSúdáin Theas, agus tugann sin cumhachtaí breise gabhála don rialtas. Tuairiscítear go bhfuil daoine á gcoinneáil go randamach i gcodanna éagsúla den tír, lena n-áirítear Khartoum agus d’fhéadfadh náisiúnaigh eachtracha a bheith thíos leis freisin.

Ba chóir duit gan taisteal chuig réigiún Abyei agus na ceantair máguaird, agus gan dul chuig na stáit Southern Kordofan agus Blue Nile, áiteanna a mbíonn foréigean ag briseadh amach go rialta.

Moltar duit freisin gan taisteal chuig codanna de Darfur, mar go bhfuil an áit sin fíor neamhchobhsaí agus gan dul chuig ceantair in Oirthear na Súdáine atá gar don teorainn leis an Eiritré.

Bí fíor-chúramach thart ar cheantair a d’fhéadfadh a bheith íogair don rialtas, lena n-áirítear ionaid mhíleata, ceantair ar an teorainn agus campaí do dhaoine a cuireadh as a n-áit féin.

Léirsithe

Le bliain anuas, bhí léirithe rialta ann, as a lean caismirtí foréigneacha go minic i Khartoum agus i gcathracha eile agus ionsaíodh go leor Ambasáidí. Tharla agóidí mar fhreagra ar phraghsanna a bheith ag ardú agus bearta déine, ar imeachtaí idirnáisiúnta áirithe, agus mar gur bhraith daoine gur tugadh masla d’Ioslam. Tharla dá bharr sin caismirtí foréigneacha idir fórsaí slándála agus lucht agóide.

Ba chóir duit gach agóid agus léirsiú a sheachaint agus níor chóir duit iarracht a dhéanamh grianghraif a ghlacadh de léirsithe. Má bhriseann léirsiú amach, fág an áit sin láithreach. Coinnigh súil ghéar ar na meáin áitiúla chun eolas nua a fháil ar an gcás.

Taisteal réigiúnach

Beidh ceadanna atá le fáil go háitiúil de dhíth ort chun dul ag taisteal chuig go leor áiteanna lasmuigh de Khartoum, Darfur san áireamh.

Tá an bealach trasna na teorainn ag Wadi Halfa idir an Éigipt agus an tSúdáin oscailte agus bíonn bád gaile go seachtainiúil idir Aswan High Dam agus Wadi Halfa agus téann traein ansin chuig Khartoum agus ar ais arís. Ná déan iarracht dul trasna aon teorainneacha talún eile, fiú más pointí trasnaithe oifigiúla iad nó nach ea.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol sceimhlitheoireachta i ngach réigiún den tSúdáin, Khartoum san áireamh.

Fuadach

Tá baol fuadaigh i ngach réigiún den tSúdáin, Khartoum san áireamh.

Mianaigh talún

Bíonn mianaigh talún ina gcontúirt mhór i gceantair faoin tuath agus i go leor réigiúin sa tír. Ná himigh ó na príomhbhealaí, go háirithe i gceantair faoin tuath, agus seiceáil i gcónaí le do theagmhálaí áitiúil sula dtéann tú ag taisteal chuig áiteanna atá buailte leo.

Coiriúlacht

Ní tharlaíonn an oiread sin coiriúlachta ar na sráideanna i Khartoum agus sna cathracha móra eile i dTuaisceart na Súdáine, seachas i Darfur, agus a tharlaíonn i gcodanna eile den Afraic.  Mar sin féin, ba chóir duit a bheith fíor chúramach, go háirithe tar éis thitim na hoíche.  Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Tóg roinnt fótachóipeanna de do phas leat ar fhaitíos go ngoidfí do phas nó go rachadh an pas ar iarraidh. Fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar chaiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
  • Ba chóir do mhná a bhíonn ag taisteal leo féin a bheith fíor chúramach

Coiriúlacht a chur in iúl

Má tharlaíonn aon choir duit agus tú sa tSúdáin, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i gCaireo nó ag an gConsalacht Oinigh i Khartoum má theastaíonn cúnamh uait.

Ag tiomáint

Má tá sé beartaithe agat tiomáint agus tú sa tSúdáin, ba chóir duit a bheith fíor chúramach. Bíonn coinníollacha tiomána an-chontúirteach agus tá drochbhóithre ann. Ní bí ag tiomáint san oíche agus ná bí ag tiomáint gan treoraí a bheith in éineacht leat. Má tá sé i gceist agat tiomáint, ba chóir duit cloígh leis na nithe seo a leanas:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • De réir dlí na Súdáine tá cosc ar an fón póca a úsáid agus tú ag tiomáint
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Súdáine, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Ag tiomáint san fhásach

Níor chóir duit tabhairt faoi thiomáint san fhásach sa tSúdáin mura bhfuil an trealamh iomlán agat agus taithí agat.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Iompar poiblí

Bí ar an eolas nach bhfuil feithiclí iompair phoiblí sábháilte i gcónaí agus roghnaigh modhanna eile iompair más féidir.

Taisteal aeir

Tá go leor aerlínte áitiúla i mbun feidhme sa tSúdáin. Ach bíonn imní tromchúiseacha maidir lena sábháilteacht agus a n-iontaofacht. Tá cosc ar go leor de na haerlínte seo a bheith ag taisteal in aerspás na hEorpa.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Cultúr áitiúil

Is tír choimeádach í an tSúdáin. Bíonn ar dhaoine gléasadh go cúthail, mná go háirithe.

Forfheidhmiú dlí

Agus tú sa tSúdáin, tá tú faoi réir dhlíthe áitiúla, lena n-áirítear dlíthe atá géar de réir caighdeáin na hÉireann. Feidhmíonn an tSúdáin dlí sharia Ioslamach, agus cuirtear sin i bhfeidhm go forleathan.

Ramadan

I rith Ramadan, ní cheadaítear do Mhoslamaigh ithe, ól ná bheith ag caitheamh toitíní ó éirí go luí na gréine. Chun nach maslóidh tú aon duine níor chóir duitse a bheith ag ithe, ag ól ná agus caitheamh toitíní go poiblí le linn an ama sin.

Alcól

Ní cheadaítear alcól sa tSúdáin.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionóis tromchúiseacha ar gháinneáil drugaí sa tSúdáin.

Grianghrafadóireacht

Teastóidh cead uait chun grianghraif a ghlacadh. Fiú agus cead agat, tá cosc iomlán grianghraif a ghlacadh in aerfoirt, de charranna míleata, de dhroichid, de stáisiúin draenála, de stáisiúin chraolacháin, d’fhóntais phoiblí, i gceantair bhochta nó de lucht déirce.

Iompar gnéis

Tá cleachtais homaighnéasach agus caidreamh lasmuigh den phósadh in aghaidh an dlí agus faoi réir pionóis tromchúiseacha faoin dlí Sharia Ioslamach.

Dlí teaghlaigh

Ba chóir do thuismitheoirí a bheith ar an eolas faoi dhlíthe áitiúla maidir le caomhnóireacht leanaí mar go bhfuil siad difriúil in iomlán de na dlíthe atá i bhfeidhm in Éirinn. Má bhíonn ort déileáil le hábhar dlí, go háirithe maidir le dlí teaghlaigh, moltar go láidir duit comhairle dlí ghairmiúil a lorg.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

An Aeráid

Ardaíonn an teocht i míonna an tsamhraidh in áiteanna áirithe os cionn 40 céim Celsius. Ól neart uisce le nach mbeidh tú díhiodráitithe.  Bíonn triomach sa tSúdáin freisin.

Tuile

Bíonn tuilte gan choinne uaireanta sa tSúdáin. Má tá sé i gceist agat taisteal ar an talamh chuig ceantair iargúlta i rith shéasúr na báistí ba chóir duit a bheith ar an eolas nach bhféadfaí dul chomh fada le ceantair áirithe ar na bóithre mar gheall ar thuilte.

Stoirmeacha Gainimh

Bíonn stoirmeacha gainimh forleathan sa tSúdáin freisin.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála don tSúdáin, lena n-áirítear víosa agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó téigh i dteagmháil le Ambasáid na Súdáine i Londain.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cé chomh fada agus a bhíonn ar do phas a bheith bailí.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóip de do phas a thabhairt leat agus tú ag taisteal chun na Súdáine agus ba chóir duit fótachóip de do phas a bheith ar iompar agat i gcónaí le linn do thréimhse ann.

Sláinte

Sula dtéann tú chun na Súdáine, ba chóir duit labhairt le dochtúir faoi na vacsaínithe a bheidh riachtanach.

Fiabhras Buí

Tá ráig den fhiabhras buí tar éis a bheith ar fud na Súdáine. Ba chóir do thurasóirí a bhfuil sé i gceist acu taisteal chun na Súdáine a chinntiú go bhfuil vacsaíniú faighte acu in aghaidh an fhiabhrais bhuí agus ba chóir dóibh deimhniú a thabhairt leo go bhfuil an vacsaíniú sin faighte acu.

Uisce

Níl uisce ón sconna sábháilte le hól de ghnáth. Tá uisce buidéil le fáil go fairsing.

Airgead

Ní ghlactar le cártaí creidmheasa agus seiceanna taistil de ghnáth sa tSúdáin. Ní féidir airgead tirim a fháil in aghaidh chártaí creidmheasa ag bainc agus ní ghlactar le cártaí creidmheasa ag óstáin chun billí a íoc.  Ní féidir seiceanna taistil a úsáid chun airgead tirim a fháil ach an oiread tríd an gcóras baincéireachta áitiúil sa tSúdáin. Cinntigh go bhfuil dóthain airgeadra crua agat, dollair na Stát Aontaithe is fearr, chun costais a íoc le linn do thréimhse sa tír.

 

Embassy contact

Embassy Contact

Ireland does not have an Embassy or Consulate in Sudan.

The Embassy of Ireland in Kenya is the main point of contact for consular assistance for Irish citizens in Sudan, and for general queries in relation to Sudan. You can find contact information below.

The Embassy of Ireland in the United Arab Emirates (Abu Dhabi Visa Office) is the main point of contact for queries in relation to Irish visa applications by Sudanese citizens or residents. The Abu Dhabi Visa Office team can be contacted using this link: https://www.dfa.ie/irish-embassy/uae/contact-us/visa-queries/


Contact us