Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Tuirc, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Tuirc

Má tá tú ag taisteal chun na Tuirce, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chun na Tuirce

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na Tuirce ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint.

Má fhaigheann tú toradh deimhneach ar do thástáil le haghaidh COVID-19 agus tú sa Tuirc, caithfidh tú féinleithlisiú a dhéanamh ar feadh 7 lá. Críochnaíonn an leithlisiú go huathoibríoch tar éis 7 lá ach amháin má tá siomptóim ort fós. Is féidir tástáil a dhéanamh ar an gcúigiú lá, agus cuirtear deireadh leis an bhféinleithlisiú má thagann toradh diúltach ar ais. Ní gá do dhlúth-theagmhálaithe a bhfuil vacsaíniú iomlán acu féinleithlisiú a dhéanamh.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Ní gá do phaisinéirí maisc a chaitheamh ar iompar poiblí sa Tuirc a thuilleadh, ar aerlínte bunaithe sa tír san áireamh. Moltar do phaisinéirí idirthurais athbhreithniú a dhéanamh ar shrianta eitilte agus na riachtanais tástála PCR atá i bhfeidhm ag an gceann scríbe.

Tá bailíocht sé mhí ar phasanna ón dáta teachta go dtí an Tuirc ag teastáil. Ní féidir paschártaí a úsáid chun taisteal chun na Tuirce. Seiceáil do phas i bhfad sula dtaistealóidh tú mar go bhféadfaí nach dtabharfaí cead isteach duit. Ní féidir leis an Ambasáid eadráin a dhéanamh thar do cheann mura gcomhlíonann tú na riachtanais iontrála. Más gá do phas a athnuachan, úsáid ár gCóras Athnuachana Pas ar Líne. Féach an táb Eolas Breise le haghaidh riachtanais do víosaí agus ceadanna cónaithe do thurasóirí. Ba cheart go dtabharfadh déshaoránaigh (leanaí san áireamh) pas Éireannach bailí leo chun deacrachtaí a sheachaint agus iad ag taisteal ar ais go hÉirinn.

Má tá tú sa Tuirc, ba cheart duit súil a choinneáil ar fhorbairtí agus na meáin áitiúla go rialta. Ba cheart duit comhairle na n‑údarás a leanúint, na cinn a bhaineann le srianta amhail cuirfiúnna go háirithe. D’fhéadfadh cúrsaí athrú ar ghearrfhógra. 

Molaimid go láidir gan taisteal laistigh de 10 gciliméadar den teorainn idir an Tuirc agus an tSiria agus gan taisteal go cathair Diyarbakir. Molaimid nach dtaistealaítear chuig na ceantair eile i gcúigí Diyarbakir, Gaziantep, Hatay, Kilis, Mardin, Şanliurfa agus Sirnak, ach amháin chun críocha riachtanacha. Anuas air sin, molaimid nach dtaistealaítear chuig aon cheantair i gcúigí Siirt, Tunceli agus Hakkari, ach amháin chun críocha riachtanacha.

An chomhairle ghinearálta atá againn do shaoránaigh Éireannacha sa Tuirc, agus dóibh siúd a bhfuil sé ar intinn acu taisteal chuig an Tuirc, ná bheith thar a bheith cúramach i gcónaí. Ba cheart duit gach agóid agus léirsiú a sheachaint agus ná caith mórán ama in áiteanna plódaithe, go háirithe iad siúd ina mbíonn eachtrannaigh. Lean an chomhairle slándála áitiúil agus coinnigh súil ar an meáin áitiúla. Ba cheart duit plean slándála pearsanta a chur le chéile agus a athbhreithniú freisin.

Tabhair faoi deara chomh maith gur féidir le póilíní na Tuirce bearta áirithe a ghlacadh amhail deorghás a úsáid chun agóideoirí a cheansú. Bí cinnte go mbíonn fón póca luchtaithe agat i gcónaí. Bíodh ID / pas / víosa agat i gcónaí agus taispeáin d’oifigigh slándála é má iarrtar ort (agus coinnigh cóip de leat chomh maith).

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa Tuirc ach scairt a chur ar 112. 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal  chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear.
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl pholaitiúil

Tá cúrsaí polaitiúla sa Tuirc sách socair ach coinnigh tú féin ar an eolas i gcónaí faoina bhfuil ar siúl thart timpeall ort trí shúil a choinneáil ar na meáin áitiúla agus  fanacht i dteagmháil le d’óstán nó le do thionscnóir turais.

Moltar go láidir do dhaoine gan taisteal chuig an limistéar teorann idir an Tuirc agus an tSiria i bhfianaise na corraíola atá sa réigiún i láthair na huaire.

Tá arm na Tuirce i mbun oibríochtaí feadh theorainn na Tuirce/na hIaráice agus moltar go láidir duit gan taisteal ar chor ar bith chuig cúigí teorann Hakkari, Siirt agus Sirnak.

Seachain léirsithe agus cruinnithe poiblí. Uaireanta féadfaidh siad a bheith achrannach. Glacfaidh na póilíní bearta ar nós úsáid deorgháis chun agóideoirí a smachtú. Fan amach ó láithreáin mhíleata – féadfaidh go mbeidh cosc ar ghrianghraif a ghlacadh d’ionaid mhíleata nó slándála agus d’fhoirgnimh phoiblí áirithe nó d’áiteanna taobh leo.

Sceimhlitheoireacht

Tá bagairt sách ard ón sceimhlitheoireacht ann i gcónaí sa Tuirc. In oirdheisceart na tíre is mó atá an fhadhb, ach le déanaí bhí ionsaithe buama i mórchathracha na Tuirce, lena n-áirítear Iostanbúl, Izmir agus Ankara. Cé gur in aghaidh fórsaí slándála áitiúla a bhí na hionsaithe is déanaí dírithe, agus ní ar thurasóirí, is amhlaidh a bhí ionsaithe fánacha i gceantair thurasóireachta agus i gcodanna eile den tír san am a caitheadh.

Is de chineál fánach neamh-idirdhealaitheach iad na hionsaithe sceimhlitheoireachta agus ní féidir iad a thuar roimh ré. Moltar duit a bheith cúramach, go háirithe in áiteanna poiblí a bhíonn á dtaithí ag eachtrannaigh.

Coiriúlacht

Is annamh a bhíonn coireanna foréigneacha á ndéanamh in aghaidh turasóirí sa Tuirc ach is minic a dhéantar robáil agus peasghadaíocht i mórcheantair thurasóireachta Iostanbúl. Bhí roinnt cásanna gadaíochta ann as árasáin i roinnt de na hionaid saoire feadh an chósta. Tabhair aird ar an gcomhairle  ón ionadaí tionscnóra áitiúil agat. Agus cibé áit a mbeidh tú, déan réamhchúram ciallmhar. 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Tuirc, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Agus féadfaidh tú dul i dteagmháil linn ag Ambasáid na hÉireann nó na Consail Oinigh má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Tuirc ba chóir duit a bheith an-chúramach.  Tá na caighdeáin sábháilteachta bóthair íseal, go háirithe lasmuigh de na cathracha agus na bailte móra. Tarlaíonn timpistí go minic agus is é is cúis leo go minic, drochthiomáint, feithiclí nach gcoinnítear caoi orthu agus drochshoilsiú. Más mian leat tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas cuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Tuirce, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí agus coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Tacsaithe

In Iostanbúl, seachain tacsaithe a fháil ar thaobh na sráide agus ná húsáid ach tacsaithe a bheith ordaithe ag d’óstán nó na cinn sin a ordaítear díreach ó bhoth tacsaí.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Cultúr Moslamach

Tír Ioslamach í an Tuirc agus ba chóir duit a bheith measúil ar thraidisiúin, nósanna, dlíthe agus creidimh áitiúla. Go hiondúil is ionann an gnás feistis sa Tuirc agus san Eoraip. Ba chóir duit a bheith gléasta go modhúil má thugann tú cuairt ar mhosc nó ar scrín chreidimh (bríste nó gúna fada agus ba chóir do mhná scaif a chaitheamh)

Ba cóir duit cead a iarraidh sula nglacann tú grianghraf daoine.

Drugaí neamhdhleathacha

Tá diandlíthe ag an Tuirc in aghaidh drugaí neamhdhleathacha  a úsáid nó a shealbhú nó ar gháinneáil orthu. Sa chás go gciontófaí tú in aon cheann de na cionta sin, féadfaidh tú a bheith ag súil le fíneáil throm agus téarma príosúin suas go 15 bliana. Coinníonn an Ambasáid liosta dlíodóirí a bhfuil Béarla acu, ach ní féidir léi a bheith páirteach i gcásanna dlí.

Sláinte

Sláinte

Sláinte

Má theastaíonn cóireáil phráinneach sláinte uait le linn d’fhanachta, ba cheart duit glaoch a chur ar 112 chun teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sláinte

Turasóireacht Leighis, Fiaclóireachta agus Cosmaide

Téann go leor daoine Éireannacha go dtí an Tuirc gach bliain le haghaidh seirbhísí liachta, gnáthaimh máinliachta, fiaclóireachta agus cosmaidí. Ba chóir go mbeadh taistealaithe ar an eolas go bhfuil baol ag baint le gach obráid. Ba chóir do dhaoine iad féin a chur ar an eolas maidir leis na contúirtí agus na tairbhí a bhaineann le haon obráid, agus moltar dóibh a gcuid pleananna a phlé go cúramach lena ndochtúir, fiaclóir agus nó speisialtóir ospidéil roimh dóibh dul ar aghaidh le haon ghnáthamh thar lear. Ba chóir do dhaoine taighde a dhéanamh ar aon chóir leighis a bheidh ag teastáil i ndiaidh na hobráide nó próiseas a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil. Moltar dóibh a thuiscint go mb’fhéidir go mbeidh deacrachtaí cumarsáide acu in áit nach é an Béarla an chéad teanga. Tá sé riachtanach go mbeadh árachas taistil cuí acu.

Tuigeann an Roinn Gnóthaí Eachtracha go raibh roinnt castachtaí ag daoine áirithe agus cóir á cur orthu sa Tuirc, agus cailleadh roinnt daoine i ndiaidh a ngnáthaimh leighis. Moltar d’Éireannaigh atá ag smaoineamh ar chóir leighis a fháil sa Tuirc taighde neamhspleách a dhéanamh maidir le cáilíochtaí aon soláthraithe seirbhíse agus moltar dóibh a chinntiú go bhfuil an t-ionad creidiúnaithe le hÚdaráis na Tuirce. Tá liosta ionaid chreidiúnaithe ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Seirbhísí Sláinte. Ba chóir do dhaoine a thabhairt faoi deara nach n-áirítear tíortha lasmuigh den AE, mar shampla an Tuirc, i dTreoir Trasteorann agus Scéim Cóireála thar lear de chuid an AE.

Árachas Taistil

Ní féidir leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha íoc as aisdúichiú éigeandála leighis, aisdúichiú coirp nó costais a bhaineann le héigeandáil phearsanta agus tú thar lear.  D’fhéadfadh sé go mbeadh na costais seo clúdaithe má cheannaíonn tú árachas cuí taistil, ach ní féidir le hAmbasáid na hÉireann in Ankara idirghabháil a dhéanamh i gcás aon easaontas le comhlachtaí árachais a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

Is féidir leat agus le do theaghlach go leor airgid a shábháil má théann cúrsaí in aimhréidh nuair a cheannaítear árachas taistil cuimsitheach. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an chóir leighis a theastaíonn uait, nuair a theastóidh sé uait. Is féidir billí ospidéil méadú go dtí na mílte euro go han‑ghasta, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ag baint le haslonnú leighis go hÉirinn.

Ní hionann na polasaithe ar fad, agus d’fhéadfadh an ceann is saoire a bheith saor ar chúis faoi leith. Déan cinnte go gclúdaíonn do pholasaí na gníomhaíochtaí ar fad a bhfuil sé ar intinn agat iad a dhéanamh ar do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú an polasaí a chuireann an clúdach íosta leighis de €1 milliún ar fáil.

Tá córas sláinte na Tuirce dea-fhorbartha agus go maith ag comhoibriú le comhlachtaí árachais, go háirithe i gceantair a dtéann go leor turasóirí chucu.

Meabhairshláinte

Tabhair faoi deara go bhfuil an caighdeán cúraim meabhairshláinte sa Tuirc difriúil leis an gcaighdeán atá ar fáil in Éirinn. Is féidir leis bheith deacair rochtain a fháil ar shaoráidí leighis cuí a bhfuil gairmithe cúraim meabhairshláinte ag a bhfuil Béarla. Ba cheart fadhbanna meabhairshláinte atá ann cheana a chur in iúl agus árachas taistil á cheannach. Mura ndéantar sin, d’fhéadfaí nach gclúdódh an polasaí cóireáil nó costais ospidéil.

Faigh comhairle ó do dhochtúir sula dtaistealóidh tú. Déan cinnte go bhfuil go leor cógais agat do do thuras, chomh maith le hoideas cothrom le dáta nó litir ó do dhochtúir. Tabhair faoi deara gur féidir leis an teas agus aimsir the tionchar a imirt ar an meabhairshláinte agus éifeachtach cógais áirithe.

Má bhíonn tú imníoch maidir le do mheabhairshláinte (nó meabhairshláinte carad / duine den teaghlach) agus tú sa Tuirc, déan teagmháil leis an Ambasáid (+90 312 4591000) nó an fhoireann um Chabhair Chonsalachta i mBaile Átha Cliath (+353 1 408 2000). Is féidir linn tú a threorú chuig saoráidí áitiúla leighis agus is féidir linn cabhrú leat teagmháil a dhéanamh le cairde / nó do mhuintir sa Tuirc nó in Éirinn. Tabhair faoi deara nach féidir leis an Ambasáid comhairle leighis nó airgead a chur ar fáil chun filleadh abhaile.  

Costais éigeandála

Déan do pholasaí árachais a sheiceáil le féachaint céard a chlúdaítear ann:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n‑áirítear aslonnú le haerárthach othar, nó nósanna imeachta éigeandála eile, agus aon chostas a bhaineann le fanacht níos faide gan choinne.
  • Do thuras iomlán, ó thús go deireadh. Cuimhnigh ar pholasaí bliantúil ilturas má dhéanann tú níos mó ná turas amháin in aghaidh na bliana.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24 uair an chloig.
  • Clúdach dliteanais phearsanta (ar eagla go dtabharfar cás i d’éadan as gortú nó damáiste a dhéanamh do réadmhaoin).
  • Giuirléidí caillte nó goidte.
  • Cealú agus giorrú.
  • Aon ghníomhaíochtaí breise a bhfuil sé ar intinn agat iad a dhéanamh agus nach gcuirtear san áireamh sna polasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce amhail scairdsciáil nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Uisce

Bhí fadhbanna sa Tuirc maidir le caighdeán an uisce agus moltar do chuairteoirí uisce buidéalaithe a úsáid nuair is féidir.

 

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Eolas breise

Má tá imní ort maidir le pleananna taistil agus na bearta sábháilteachta COVID-19 atá i bhfeidhm, déan teagmháil leis an aerlíne.  Féach anseo le haghaidh fógraí ó aerlínte a sholáthraíonn bealaí idir Éire-An Tuirc maidir le srianta / cur isteach de bharr an Choróinvíris (COVID-19):  

Aer Lingus

Ryanair

Sunway Express

Turkish Airlines

Chun eolas atá cothrom le dáta maidir leis na bealaí eitilte idirnáisiúnta atá ag feidhmiú, féach na naisc seo a leanas d’aerfoirt sa Tuirc:

Aerfort Ankara (ESB)

Aerfort Antalya (AYT)

Aerfort Bodrum (BJV)

Aerfort Dalaman (DLM)

Aerfort Izmir (ADB)

Aerfort Iostanbúl (IST)

Istanbul Sabiha Gokcen (SAW)

Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat. Ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Níl aon riachtanas víosa ann do shaoránaigh Éireannacha atá ag teacht chuig an Tuirc chun críocha turasóireachta (suas le 90 lá i dtréimhse 180 lá).  Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha eile atá ag taisteal chun na Tuirce chun críocha eile, teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na Tuirce in aice leo sula rachaidh siad chun na riachtanais víosa a shoiléiriú. Tá sonraí teagmhála d’Ambasáid na Tuirce i mBaile Átha Cliath ar fáil ag anseo

Tá bailíocht sé mhí ar phasanna ón dáta teachta chun na Tuirce ag teastáil. Seiceáil do phas i bhfad sula dtaistealóidh tú agus más gá é a athnuachan, úsáid ár gCóras Athnuachana Pas ar Líne.

Cead cónaithe

Más mian leat staidéar nó obair a dhéanamh, nó fanacht níos faide ná 90 lá sa Tuirc beidh ort cur isteach ar an víosa agus/nó cead cónaithe chuí ó údaráis na Tuirce. Tá ceadanna cónaithe do shaoránaigh Éireannacha saor in aisce ach ní mór duit íoc as an leabhrán don chead cónaithe. Ba cheart iarratais agus fiosrúchán le haghaidh tuilleadh eolais a sheoladh chuig do chraobh áitiúil d’Ard-Stiúrthóireacht um Bainistíocht ar Imirce. Níl ceadanna cónaithe saor in aisce do gach saoránach eachtrach. Mar sin de, b’fhéidir go mbeadh ort a chur in a luí gurb amhlaidh an scéal agus iarratas á dhéanamh agat ar chead.

Do thréimhse víosa a shárú

D’fhéadfadh fíneálacha móra agus/nó cosc ar theacht isteach chuig an Tuirc go ceann cúig bliana bheith mar thoradh ar do víosa a shárú, ag brath ar fhad an tsáraithe, agus beidh ort iarratas a dhéanamh ar víosa ón Ambasáid nó Consalacht de chuid na Tuirce is gaire duit sula rachaidh tú ar ais chuig an Tuirc. Cuirfear cosc uathoibríoch ort teacht isteach chuig an Tuirc go ceann cúig bliana mura n-íocfaidh tú an fhíneáil sula bhfágfaidh tún Tuirc.

Baineann riachtanais víosa do shaoránaigh Éireannacha le húdaráis inimirce na Tuirce agus ní féidir le hAmbasáid na hÉireann eadráin a dhéanamh i gcásanna faoi leith a bhaineann le víosaí agus sáraithe.

Ag Taisteal le páistí

Má bhíonn tú ag fágáil na Tuirce le páiste atá ina dhénáisiúnach Éireannach-Turcach, d’fhéadfaí go n-iarrfaí ort fianaise a thaispeáint d’údaráis inimirce na Tuirce gur thug an tuismitheoir Turcach cead don pháiste taisteal.

Réadmhaoin a cheannach

Má tá sé ar intinn agat réadmhaoin a cheannach sa Tuirc, molaimid go láidir duit dul i gcomhairle le comhairleoir neamhspleách dlí ó thús an phróisis. Tá na próisis maidir le réadmhaoin a cheannach sa Tuirc i bhfad níos difriúla leis na cinn in Éirinn agus moltar d’infheisteoirí taighde a dhéanamh ar an ábhar sula ndéanfaidh siad aon chomhaontú.

Chun comhairle ghinearálta a fháil maidir le réadmhaoin a cheannach sa Tuirc, seiceáil Treoir Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Tuirce d’Eachtrannaigh.

 

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of an emergency while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, 00 90 312 4591000, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox. This mailbox will be monitored regularly. Please have an English speaker leave the initial message.

Embassy of Ireland
Ugur Mumcu Caddesi No.88
MNG Binasi
B Blok Kat 3
Gaziosmanpasa
Ankara 06700
Türkiye

Tel: +90 312 459 1000
Fax: +90 312 446 8061

Monday to Friday 09:00-13:00 and 14:00-17:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Mehmet Seçkin Arkan
Honorary Consul of Ireland
Elmali Mah.Subasi Cad. 13. Sk.
Balcilar Is Mrk.No:10/5
07040 Muratpasa
Antalya
Türkiye

Tel: +90 242 247 8945
Fax: +90 242 243 0613

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Mr Bulent Akgerman
Honorary Consul of Ireland
Sheit Fethi Bey cad. No.55k.
18 Heris Tower Pasaport 35210
Izmir
Türkiye

Tel: + 90 232 402 5353
Fax: + 90 232 445 9696

Email: Email us