Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Angóla, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Angóla

Má tá tú ag taisteal go hAngóla, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Angóla nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Angóla sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann in Angóla, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Liospóin má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál fadhb atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shibhialta

Tá cúrsaí polaitíochta réasúnta cobhsaí in Angóla ach uaireanta is féidir le corraíl shibhialta briseadh amach.

Moltar gan taisteal go Cúigí Luanda Thuaidh agus Theas mura bhfuil sé riachtanach, áit a raibh gníomhaíocht póilíní chun mianadóirí diamant neamhdhleathacha a dhíbirt, agus gan taisteal intíre i gCúige Cabinda, áit a bhfuil gluaiseacht scarúnaíoch gníomhach.

Má tá tú ag taisteal sa tír, ba chóir duit léirsithe agus tionóil phoiblí a sheachaint, atá in ann éirí achrannach uaireanta. Bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le do theagmhálaí áitiúil, óstán nó do thionscnóir turas.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht in Angóla íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Mianaigh talún

Tá mianaigh neamphléasctha agus ordanáis fós ina nguaiseacha lasmuigh de Luanda, promhchathair Angóla. Ná himigh de phríomhbhealaí i gceantair thuaithe agus glac comhairle áitiúil maidir leis an scéal reatha ó na Náisiúin Aontaithe nó ó eagraíocht neamhrialtasach idirnáisiúnta (NGO) ar an talamh.  

Coiriúlacht

Is féidir fadhb a bheith le coiriúlacht go háirithe Luanda, príomhchathair Angóla agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
  • Bíodh a fhios agat go mbíonn gunnaí ag cuid mhór daoine

Coiriúlacht thromchúiseach

Sa phríomhchathair, Luanda, is féidir le foréigean coiriúil tarlú ag am ar bith, lena n-áirítear mugálacha, carranna á ngoid agus daoine iontu agus tulrobálacha armtha. Tá líon na mugálacha, go háirithe chun fóin phóca a ghoid, chomh maith le daoine armtha ag goid carranna agus daoine iontu ag dul i méid de réir dealraimh. Moltar gan a bheith ag siúl i Luanda tar éis thitim na hoíche.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú in Angóla, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Liospóin   má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint in Angóla, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá droch-bhóithre ann, taistilítear i gconbhuanna de ghnáth, agus is féidir leis a bheith deacair agus contúirteach taisteal lasmuigh de Luanda.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas iomlán tiomána Éireannach agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Angóla, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Taisteal sna réigiúin

Is féidir leis a bheith deacair agus contúirteach taisteal lasmuigh de Luanda. Tá bochtaineacht, eisiamh sóisialta agus galair go forleathan ann; tá infreastruchtúr scriosta agus tá líon mór mianach talún agus ordanás neamhphléasctha ar fud formhór na tíre. Má tá tú ag taisteal lasmuigh de Luanda, níor chóir duit ach taisteal i gcomhluadar daoine nó eagraíochtaí a bhfuil taithí acu déileáil leis na coinníollacha áitiúla.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal go hAngóla, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir 
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Angóla, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht de chuid Angóla i Londain.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat agus tú ag taisteal go hAngóla. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go hAngóla.

Maláire

Tá baol seasta ó mhaláire in Angóla. Cuir ceist ar do dhochtúir faoi chógas frith-mhaláire oiriúnach sula dtéann tú ag taisteal. Agus déan réamhchúram nuair a shroichfidh tú Angóla le muiscítí a sheachaint trí líontáin leapa agus éarthaigh a úsáid, agus trí bhróga dúnta, muinchillí agus brístí fada a chaitheamh.

Calar

Tá Calar coitianta in Angóla. Ba chóir duit uisce buidéalaithe nó uisce beirithe agus scagtha a ól agus níor chóir duit ach bia a ithe in áiteanna a ndéantar é a chócaráil go lánchúramach agus a ndéantar réamhchúraim shláinteachais bhúnasacha.

Uisce

Moltar duit gan ach uisce beirithe nó buidéalaithe a ól le linn do chuairte.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of emergency while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, 00 351 213308200, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox. This mailbox will be monitored regularly.

Alternatively, you can call the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs at 00353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Avenida da Liberdade 200, 4th Floor
1250-147 Lisboa
Portugal

Tel: Tel: +351 21 330 8200
Fax: +351 21 397 7363

Monday to Friday 09:30-12:30

Contact us