Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Má tá tú ag taisteal go hAontas na nÉimíríochtaí Arabacha, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach 

Taisteal chun Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (UAE)

Baineann prótacail taistil idirnáisiúnta Rialtas UAE agus Rialtas Dubai le saoránaigh, cónaitheoirí, cuairteoirí agus paisinéirí idirthurais. Má tá sé ar intinn agat taisteal chun UAE, ba cheart duit dul i gcomhairle leis na treoirlínte oifigiúla atá foilsithe agus na riachtanais a dhearbhú le d’aerlíne nó soláthróir taistil. Molaimid go láidir do gach paisinéir na riachtanais is déanaí a sheiceáil an athuair lena n-aerlíne roimh thaisteal. 

Tá eolas mionsonraithe ar fáil ar shuíomh gréasáin eolais Rialtas UAEAn t-eolas taistil is déanaí ó Etihad agus An t-eolas taistil is déanaí ó Emirates agus anseo do na daoine atá ag taisteal chun Ras Al Khaimah.

Ní chaithfidh paisinéirí atá ag teacht isteach chun UAE agus a bhfuil vacsaíniú iomlán acu, atá tagtha chucu féin ó COVID-19 nó atá faoi bhun 16 bliana d’aois tástáil PCR COVID-19 a dhéanamh roimh thaisteal.

  • Ní mór do phaisinéirí a bhfuil vacsaíniú iomlán acu Teastas bailí ar Vacsaíniú le cód QR soléite a chur ar fáil.
  • Ní mór do phaisinéirí atá tagtha chucu féin go hiomlán ó COVID-19 Teastas Téarnaimh a chur ar fáil, teastas atá dátaithe laistigh de 30 lá ón imeacht agus a bhfuil cód QR soléite ann.
  • Ní mór do phaisinéirí nach bhfuil vacsaín faighte acu toradh diúltach ar thástáil PCR a thaispeáint agus an tástáil a bheith déanta laistigh de 48 uair an chloig ón imeacht.

Do phaisinéirí atá ag taisteal trí UAE, beidh na rialacha le dul isteach chuig an gceann scríbe deireanach fós i bhfeidhm. Nuair atá tú ar do bhealach, níl aon ghá teastas thástáil PCR a thaispeáint mura bhfuil sé ag teastáil ón tír atá mar do cheann scríbe deireanach. Ba cheart duit seiceáil an athuair le d’aerlíne i gcónaí.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Cuireadh deireadh leis an gcuid is mó de srianta COVID-19 in UAE. Tá líon teoranta de bhearta sláinte poiblí fós i bhfeidhm ag Údaráis UAE.  

Tá rogha agat go hiondúil masc a chaitheamh in UAE, ach tá sé éigeantach masc a chaitheamh nuair atá tú ag dul isteach chuig saoráidí cúraim sláinte.

Beidh ar aon duine a bhfuil siomptóim orthu tástáil PCR a dhéanamh. Má tá toradh deimhneach ar an tástáil agat, beidh ort tréimhse féinleithlisithe suas go dtí 5 lá a dhéanamh. Beidh deireadh leis an tréimhse féinleithlisithe má fhaigheann tú dhá thoradh dhiúltacha ar thástálacha PCR atá déanta laistigh de thréimhse 24 uair an chloig.

Tá sé ráite ag Údaráis UAE go gcaithfear le haon sárú ar na treoracha agus nósanna imeachta atá i bhfeidhm, d’fhonn leathadh COVID-19 a laghdú, mar choir a ngabhann pionós léi de réir an dlí.

Tá UAE ceangailte le Córas Teastais Dhigitigh COVID-19 an AE agus is ionann teastais dhigiteacha vacsaíne UAE ar an aip Al Hosn agus na teastais vacsaíne san Eoraip. Ciallaíonn sé sin go mbeidh daoine, a bhfuil vacsaín faighte acu in UAE, in ann an aip Al Hosn a úsáid ar fud na hEorpa ar an mbealach céanna a n-úsáidtear Pas Digiteach an AE.

Víosa agus Ceadanna Iontrála UAE

Is féidir le daoine a bhfuil pas Éireannach acu víosa chuairte 30 lá a fháil ar theacht isteach chuig Dubai agus Abú Daibí. Tá eolas faoi na riachtanais taistil chuig Dubai ar fáil ar an suíomh gréasáin - Visit Dubai. Ní mór do Chuairteoirí chuig Abú Daibí an t-eolas ar threoirlínte Taistil Etihad agus treoirlínte maidir le taisteal chuig Abú Daibía leanúint.

Is féidir an t-eolas is déanaí maidir le víosaí UAE le linn COVID-19 a fháil ar an suíomh gréasáin - Seirbhísí agus Eolas UAE.

Ba cheart ceisteanna maidir le bailíocht nó deireadh ré na víosaí nó maidir le hathrú ar stádas na víosa (e.g. víosa chónaitheachta a athrú go víosa chuairte) a chur chuig inimirce UAE (ICA do víosaí a eisíodh in Abú Daibí agus Éimíríochtaí eile agus GDRFA do víosaí a eisíodh in Dubai). Is féidir leat glaoch a chur ar AMER ag 800 5111 nó +97143139999 in Dubai nó cuairt a thabhairt ar cheann de na hionaid AMER atá lonnaithe timpeall Dubai.  

Tá teannas réigiúnach leanúnach ann, agus, i gcás aon teagmhas, ba cheart duit súil a choimeád ar thuairiscí áitiúla nuachta agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint. 

Meastar go bhfuil bagairt ard sceimhlitheoireachta ann. Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha a bheith san airdeall le linn an ama seo.

Is tír Mhoslamach é UAE. Tá dlíthe agus nósanna UAE an-difriúil leis na dlíthe agus nósanna in Éirinn agus i dtíortha eile san Iarthar. Tá sé tábhachtach meas a bheith agat ar nósanna, dlíthe & reiligiúin áitiúla fad agus atá tú in UAE. D’fhéadfadh pionóis thromchúiseacha a bheith ann, lena n-áirítear pianbhreitheanna coimeádta, as rud éigin a d’fhéadfadh tarlú nach bhfuil mídhleathach in Éirinn a dhéanamh. Breathnaigh ar an rannán Dlíthe agus Nósanna Áitiúla.

Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le hAmbasáid na hÉireann in Abú Daibí má tá cúnamh nó comhairle uait.

Is é 999 an uimhir seirbhísí Éigeandála in UAE.

Eolas Tábhachtach

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil sé an-thromchúiseach in UAE má loictear ar aisíocaíochtaí iasachtaí nó billí. Is minic a chuirtear cás coiriúil i gcomhad agus bíonn cosc ar thaisteal mar thoradh air. Níl cead ag daoine aonair i gcúinsí mar sin taisteal taobh amuigh de UAE. Déan cinnte go bhfuil aon fhiach pearsanta íoctha ina iomláine sula bhfágfaidh tú UAE. 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá cúrsaí polaitíochta in UAE sách cobhsaí ach ba chóir duit léirsithe agus tionóil phoiblí a sheachaint, atá in ann éirí achrannach uaireanta.

Ba chóir duit fanacht amach ó láithreáin mhíleata freisin - d’fhéadfadh go mbeadh cosc ar  phictiúir a thógáil de shuiteálacha míleata nó slándála, agus de roinnt foirgneamh poiblí.

Sceimhlitheoireacht

Bíonn formhór na gcuairteanna ar an UAE saor ó thrioblóid. Ach ba chóir duit a bheith feasach ar an mbaol ó sceimhlitheoireacht tríd is tríd sa réigiún. D’fhéadfadh ionsaithe a bheith neamh-idirdhealaitheach, agus in aghaidh leasanna an Iarthair, mar a bhí in áiteanna eile sa réigiún.

Fuadach

Is targaidí poitéinsiúla fuadaigh iad náisiúnaigh eachtracha agus dá bhrí sin ba chóir duit a bheith cúramach agus tú ag taisteal in UAE:

  • Faigh comhairle ó do theagmhálacha áitiúla maidir le coinneáil sábháilte
  • Seachain taisteal san oíche, go háirithe idir cathracha
  • Seachain taisteal asat féin
  • Déan cinnte go bhfuil doirse uile an chairr faoi ghlas agus tú ag tiomáint
  • Athraigh na bealaí a thógann tú agus na hamanna a fhágann tú – seachain patrúin a d’fhéadfaí a rianú
  • Tabhair aird ghéar ar na meáin áitiúla do thuairiscí do ghníomhaíochtaí fuadaigh

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal san UAE ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat - fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.

Coir a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san UAE, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint san UAE, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá droch-chaighdeáin sábháilteachta bóithre ann, go háirithe lasmuigh de bhailte agus cathracha. Tarlaíonn timpistí go minic agus is minic gur droch-thiomáint, feithiclí nach ndéantar a chothabháil go maith agus drochshoilse is cúis leo.

Tá turais chuig an bhfásach in ann a bheith contúirteach mura n-úsáidtear feithiclí 4 x 4 atá feistithe i gceart. Ba chóir duit taisteal i gconbhua le carranna eile, bíodh soláthar uisce agus fón póca agat agus inis do phleananna taistil do chairde nó gaolta.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus is féidir leis na pionóis a bheith dian. Is dócha go mbeidh do chuid árachais neamhbhailí, rud a fhágfar fútsa íoc as éilimh aon pháirtithe eile
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta UAE, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Cultúr Moslamach

Is tír Mhoslamach é an UAE agus ba chóir duit a bheith measúil ar nósanna, ar thraidisiúin, ar dhlíthe agus ar reiligiúin áitiúla. Bíodh fios do ghnóthaí agat agus bí cúramach gan cultúir ná creidimh reiligiúnda eile a mhaslú, go háirithe le linn mí bheannaithe Ramadan agus féilte beannaithe eile, nó má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar áiteanna cráifeacha.

Caith éadaí coimeádacha, go háirithe in Éimíríochtaí Sharjah agus Ajman, áit a gcuirtear dlí Ioslamach i bhfeidhm go dian. Ba chóir go gclúdódh éadaí na guaillí agus na cosa agus níor chóir go mbeadh fo-éadaí le feiceáil.

Ní ghlactar le gean a léiriú go poiblí, agus gabhadh go leor daoine as a bheith ag pógadh go poiblí. Tá gnéas taobh amuigh den phósadh neamhdhleathach, chomh maith le haontíos céileachas agus iompraíocht homaighnéasach.

Meastar eascaine nó comharthaí míbhéasacha a bheith ina ngníomhartha gáirsiúla agus féadfar ciontóirí a ionchúiseamh.

Ní cheadaítear do Mhoslamaigh a bheith ag ithe, ag ól ná ag caitheamh tobac i rith an lae le linn Ramadan. Níor chóir duit a bheith ag ithe, ag ól ná ag caitheamh tobac go poiblí le linn an ama ionas nach maslófar aon duine.

Táirgí faoi chosc

Tá toirmeasc ar dhrugaí, táirgí muiceola agus ar leabhair agus ábhar pornagrafacha a thabhairt isteach san UAE. Tá físeáin, leabhair agus irisí faoi réir ag grinnscrúdú agus d'fhéadfaí cinsireacht a dhéanamh orthu.

Cionta coiriúla

Féachtar go tromchúiseach ar chalaois, lena n-áirítear seiceanna obtha agus gan billí a íoc, san UAE agus is minic go bhféadfar téarma príosúin agus/fíneáil a ghearradh mar thoradh orthu. De ghnáth ní thugtar bannaí do dhaoine nach cónaitheoirí iad san UAE a ghabhtar do choireanna a bhaineann le calaois. De ghnáth ní scaoilfear féichiúnaithe ciontaithe amach as príosún nó go n-íocfar nó go dtarscaoilfear an fiach.

Mná ag Taisteal

Ba chóir do mhná meas a léiriú lena gcuid éadaí, go háirithe in Éimíríochtaí Sharjah agus Ajman, áit a gcuirtear dlí Ioslamach i bhfeidhm go dian.

Homaighnéasachas

Tá gníomhaíocht homhaighnéasach neamhdhleathach san UAE.

Alcól

Féadfaidh cónaitheoirí ceadúnais deochanna meisciúla a fháil le halcól a ól i dtithe príobháideacha, agus díoltar deochanna meisciúla in óstáin agus clubanna ceadúnaithe. Is cion a ngabhann pionós leis ól go poiblí nó a bheith ar meisce go poiblí.

Drugaí neamhdhleathacha

Tá na pionóis a ghabhann le gáinneáil, smuigleáil drugaí nó le drugaí a bheith i do sheilbh dian. Féadfar pionóis an bháis nó príosún saoil a ghearradh ar gháinneáil drugaí. Má tá drugaí i láthair sa chorp fiú, is ionann sin agus seilbh, agus gabhann íosphionós de cheithre bliana leis sin.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal go UAE, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir 
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
  •  Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach‌

Aeráid

Tá an UAE te agus tirim don chuid is mó den bhliain. Ól neart uisce, ach ná dearmad gur cion atá ann a bheith ag ithe nó ag ól go poiblí idir éirí agus luí na gréine le linn Ramadan.

Stoirmeacha gainimh

Tarlaíonn corrstoirm ghainimh, ach ní bhíonn siad chomh dona sin de ghnáth is go gcuirfeadh siad isteach ar an saol ó lá go lá.

Tuilte

Tá báisteach throm uaireanta in ann a bheith mar chúis tulcaí i roinnt áiteanna den tír, go háirithe, sna sléibhte. Déan réamhchúram agus faigh eolas go háitiúil.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála UAE, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid UAE.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go UAE.

Drugaí ar oideas

D’fhéadfadh drugaí atá ar fáil thar an gcuntar nó ar oideas in Éirinn a bheith neamhdhleathach nó ina substaint rialaithe san UAE. Níl druga den sórt sin ceadaithe isteach san UAE gan cead roimh ré ó Aireacht Sláinte an UAE. Tá liosta de dhrugaí srianta agus rialaithe ar láithreán gréasáin na hAireachta Sláinte. Seiceáil ainm cineálach aon chógais le dochtúir nó cógaiseoir.

 

 

Embassy contact

Embassy Contact

If you need emergency assistance from the Embassy, then contact us immediately. Our telephone number is: +971 (0) 2 4958200.

If you require emergency assistance at the weekend or on a public holiday, you will be asked to leave a message on the answering machine. The answering machine is monitored regularly, and the Duty Officer at the Embassy will contact you as soon as possible. When you leave a message, remember to state your name, the nature of the problem, where you are now, and the details of how the Duty Officer can contact you (e.g. leave your mobile phone number, or the phone number of the hotel/hostel where you are staying). If necessary, contact the police also. Please note that the Duty Officer will deal with emergencies only

Embassy of Ireland, UAE
Atiq Bin Majid Al Muhairi Street
Al Bateen, P.O. Box 61581
Abu Dhabi
United Arab Emirates

Tel: +971 (0)2 4958200
Fax: +971 (0)2 6819233

Monday - Thursday 09:00-13:00

Friday 09:00-11:00

Contact us