Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Beinin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Beinin

Má tá tú ag taisteal go Beinin, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Foláireamh Taistil is Déanaí

Molaimid gan aon taisteal a dhéanamh chun Tuaisceart na tíre, lena n-áirítear páirceanna náisiúnta Pendjari agus an W. Tá cúrsaí slándála ag dul in olcas sa réigiún agus ní féidir ionsaí sceimhlitheoireachta a chur as an áireamh i mBeinin.

Molaimid go mbítear cúramach agus aon bhailiúcháin phoiblí nó aon léirsithe a sheachaint.

Taisteal chun Beinin

Is gá do na paisinéirí ar fad atá ag teacht isteach nó ag fágáil Aerfort Idirnáisiúnta Cotonou Cadjehoun cloí leis an méid seo a leanas:

  1. Tástáil COVID-19 éigeantach a dhéanamh ar a gcostas féin. Tá tástáil saor in aisce do leanaí atá faoi bhun cúig bliana d’aois.
  2. Foirm Sláinte a chur i gcrích ar líne

Tá na ceanglais oifigiúla maidir le teacht isteach agus fágáil Bheinin ar fáil anseo

Is rud an-teoranta teacht isteach nó agus fágáil ag trasbhealaí teorann agus tugtar údarás i gceangal le tíortha in aice láimhe. Tá bearta scagtha méadaithe ag Aerfort Idirnáisiúnta Cotonou Cadjehoun le haghaidh cuairteoirí atá ag teacht isteach i mBeinin. Tá bearta treisithe ann chun daoine a mheastar go bhfuil COVID-19 orthu a chur ar coraintín. Is rud éigeantach é coraintín in óstáin áirithe do gach paisinéir atá ag teacht isteach i mBeinin agus a bhfuil tástáil dhearfach déanta acu maidir le COVID-19. Ceanglófar ag náisiúnaigh choigríche a gcostas coraintín féin a chlúdach. Tá garda trom ar áiteanna coraintín ag fórsaí cosanta chun a chinntiú go gcloítear le rialacháin choraintín.

Comhairle Taistil Ghinearálta 

Tá údaráis Bheinin ag spreagadh na ndaoine a bhfuil aon eolas acu nó imní orthu faoi COVID-19 chun scairt a chur ar na huimhreacha seo a leanas:

  • +229 95 36 11 07
  •  +229 51 02 00 00
  • +229 51 04 00 00

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sceimhlitheoireacht

Méadaíonn an meath slándála i mBuircíne Fasó agus Mailí an riosca sceimhlitheoireachta sa réigiún iomlán. I mí Bealtaine 2019, fuadaíodh beirt turasóirí de chuid an iarthair ag grúpaí armtha i bPáirc Náisiúnta Pendjari.

Cúrsaí Polaitiúla

Tá cúrsaí fós míshocair tar éis agóidí foréigneacha maidir leis na toghcháin reachtacha a tharla i mí Aibreáin 2019. Molaimid go mbítear cúramach agus aon bhailiúcháin phoiblí nó aon léirsithe a sheachaint.

 

 

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaíní

Fiosraigh faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ar a laghad ocht seachtaine roimh do thuras. Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit ar vacsaíní, ach is féidir leat eolas a fháil ar vacsaíní ó do dhochtúir ginearálta áitiúil nó ó Ionad Sláinte agus Taistil Idirnáisiúnta.

D’fhéadfadh fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) a bheith riachtanach le dul isteach i roinnt tíortha.

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo.

Cógas

Cinntigh go dtugann tú do dhóthain cógas leat d’fhad an turais, agus cógais bhreise ar eagla go mbeadh moilleanna nach mbeifeá ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Muna bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála don tír seo, lena n-áirítear víosa agus aon eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le hAmbasáid nó Consalacht na tíre is cóngaraí.

D’fhéadfá cé chomh fada nár mór do do phas a bheith bailí a sheiceáil leo chomh maith.

Pasanna

Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chun Beinin agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, is féidir linn cabhair a thabhairt duit. Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní cuirfimid doiciméid taistil nua ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  • Cáipéis taistil éigeandála le go mbeidh tú in ann dul abhaile
  • Más gá, comhairle agus cabhair a thabhairt duit chun iarratas a dhéanamh ar phas nua

Déanaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh tapa agus is féidir linn ach seans go dtógfaidh sé tamall. Tá seans go rachaidh an áit ina bhfuil tú agus do chuid cúinsí i bhfeidhm ar an gcabhair is féidir linn a chur ar fáil. Féadfaidh castachtaí breise a bheith ann i bpróiseáil iarratais le haghaidh doiciméad taistil nua de thoradh nach bhfuil Ambasáid nó Consalacht ag Éirinn i mBeinin.

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid Éireannach Abuja sa Nigéir chun a fháil amach cad is gá duit a dhéanamh chun doiciméad taistil nua a fháil. pas.

 

Embassy contact

Embassy Contact

Irish citizens who require urgent assistance while the Embassy is closed can contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs on +353 1 408 2000.

The Duty Officer will refer the matter to the Embassy.

Embassy of Ireland
11 Negro Crescent
Maitama District
Abuja
Nigeria

Tel: +234 9 462 1080
Fax: + 234 9 4131805

Monday 09:00 to 16:00, Friday 09:00 to 12:00

Contact us