Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Brúiné Darasalám, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Brúiné Darasalám

Má tá tú ag taisteal chun na Brúiné, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an mBrúiné nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin mBrúiné sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa Bhrúiné, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cúnamh uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Singeapór.  

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál fadhb atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shóisialta

Tá cúrsaí polaitíochta sách cobhsaí sa Bhrúiné ach briseann corráil shóisialta amach anois is arís. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú timpeall ort trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus trí fanacht i dteagmháil le dóstán nó le do thionscnóir turais. Seachain léirsithe agus sluaite mar uaireanta bíonn trioblóid acu. 

Sceimhlitheoireacht

Cé nach bhfuil baol ard ó sceimhlitheoireacht sa Bhrúiné, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal san Albáin ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Bhrúiné, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Singeapór má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Bhrúiné, bí cúramach agus déan an réamhchúram seo a leanas:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Brúiné, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Cultúr Moslamach

Léiríonn na dlíthe áitiúla gur tír Ioslamach í an Bhrúiné. Ba chóir duit go leor éadaí a chaitheamh agus meas a léiriú ar thraidisiúin, custaim, dlíthe agus creidimh áitiúla i gcónaí. Bí feasach faoin méid a dhéanann tú agus bí cúramach gan creidreamh ná cultúr na Brúiné a mhaslú, go háirithe i rith mhí bheannaithe Ramadan, nó más mian leat cuairt a thabhairt ar áiteanna reiligiúin.

Cultúr Áitiúil

Ná bí ag cáineadh a Shoilse an Sabhdán nó daoine eile de Theaghlach Ríoga Bhrúiné.

Céannacht phearsanta

Ní mór duit fianaise ar do chéannacht a thaispeáint má iarrann na póilíní sin. Coinnigh fótachóipeanna de na leathanaigh ábhartha de do phas agus do chárta iontrála ar fhaitíos go gcaillfí an ceann bunaidh, ar chóir a choimeád in áit slán.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada. D’fhéadfadh pionós an bháis leanúint as, fiú.

Alcól

Tá cosc ar alcól a dhíol i mBrúiné. Tá liosta de nithe eile a bhfuil cosc nó srian orthu ar láithreán gréasáin Chustam agus Mál Ríoga.

Cosc ar ar chaitheamh tobac

Tá cosc ar chaitheamh tobac i roinnt áiteanna poiblí, lena n-áirítear áiteanna siopadóireachta agus bia, bus-stadanna agus stáisiúin bus, agus foirgnimh rialtais.  

Táirgí faoi Chosc

Tá sé in aghaidh an dlí ábhar pornagrafach a bheith i do sheilbh.

Homaighnéasachas

Tá gníomhaíocht homaighnéasach neamhdhleathach.  Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí

 

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

An Aeráid

D’ainneoin go bhfuil sí suite i réigiún ina dtarlaíonn creathanna talún, súnámaithe, tíofúin, tuilte agus fíor-droch-aimsir, ní raibh tionchar ag aon tubaiste nádúrtha ar an mBrúiné le blianta beaga anuas.

Embassy contact

Embassy Contact

If you require emergency assistance from the Embassy, please contact us on +65 6238 7616.

If you call outside normal working hours with an emergency involving an Irish citizen, you will be given instructions to call another number to speak to a Duty Officer

Embassy of Ireland
Ireland House
541 Orchard Road
#08-00 Liat Towers
Singapore 238881

Tel: +65 6238 7616
Fax: +65 6238 7615

Monday to Friday 09:30 - 13:00 and 13:30 – 16:30

Contact us