Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Buircíne Fasó, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Buircíne Fasó

Má tá tú ag taisteal go Buircíne Fasó, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Eolas Breise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanfaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Forbhreathnú

Stádas Slándála

Ná Taisteal

An Fógra Taistil is Déanaí

Molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha gan taisteal ar bith a dhéanamh chuig Buircíne Fasó

Tá an staid pholaitiúil agus slándála i Buircíne Fasó fós míshocair agus luaineach tar éis coup míleata i Meán Fómhair 2022. Tá acmhainn ann i gcónaí maidir le corraíl bhreise ar gearrfhógra.

Moltar do shaoránaigh na tíre a bheith airdeallach, turais neamhriachtanacha a sheachaint, coinneáil suas chun dáta le forbairtí áitiúla, léirsithe agus cruinnithe móra a sheachaint, agus cloí le cuirfiúnna nó srianta áitiúla ar bith. Ba cheart do shaoránaigh a bheith ullmhaithe an tír a fhágáil, más féidir, ar gearrfhógra.

Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha i mBuircíne Fasó nach bhfuil sé déanta acu cheana féin a gcuid sonraí féin a chlárú le hAmbasáid na hÉireann in Abuja, an Nigéir anseo.

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Tá Aerfort Idirnáisiúnta Ouagadougou agus Aerfort Bobo-Dioulasso ag feidhmiú le heitiltí tráchtála idirnáisiúnta teoranta. Seiceáil le do chomhlacht taistil don fhaisnéis is déanaí. Tá teorainneacha talún dúnta.

Ba cheart do shaoránaigh a bheith ar an eolas go bhfuil míshocracht pholaitiúil fós ann i Buircíne Fasó, go bhfuil cúrsaí teann ann agus go bhféadfadh sé athrú ar gearrfhógra. Molann an Roinn do shaoránaigh a bheith ríchúramach má tá siad sa tír, a fhanacht taobh istigh, a bheith ar an eolas maidir lena dtimpeallacht agus monatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla le haghaidh nuashonruithe. Tá acmhainn ann go dtiocfaidh meath ar chúrsaí slándála gan rabhadh.

Tá baol bunaidh ar sceimhlitheoireacht ann. Tá baol inchreidte ann go bhféadfadh grúpaí sceimhlitheoireachta atá lonnaithe laistigh agus lasmuigh den tír ionsaithe a dhéanamh, amhail lámhaigh, buamálacha agus fuadaigh. D’fhéadfadh ionsaithe a bheith gan idirdhealú, agus d’fhéadfaidís díriú ar áiteanna ina mbailíonn eachtrannaigh, amhail óstáin agus bialanna sa phríomhchathair. Ar an 26 Aibreán 2021, maraíodh saoránach Éireannach agus beirt shaoránach Spáinneacha i luíochán agus iad ag taisteal idir Fada-N’Gourma agus Pama. I Meitheamh 2021, maraíodh 160 duine in ionsaí ar Solhan in oirthuaisceart Bhuircíne Fasó. D’fhéadfadh tuilleadh ionsaithe tarlú.

Ba cheart do shaoránaigh a bheith cúramach agus slógaí agus cruinnithe móra polaitiúla a sheachaint, limistéir ina mbíonn léirsithe agus agóidí. D’fhéadfadh sluaite a bhailiú go tapa agus féadfaidh siad éirí foréigneach. I gcás go mbeidh corraíl ann, déan monatóireacht ar na meáin áitiúla agus lean treoracha agus fógraí ó na húdaráis áitiúla.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i mBuircíne Fasó ach scairt a chur ar:

  • Na Póilíní: 17
  • An tOtharcharr: 112

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ‘Eolas Roimh Thaisteal Duit’.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid Éireannach i mBuircíne Fasó, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atáimid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann sa Nigéir, áfach, má theastaíonn cúnamh uait.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
  • Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leat agus tú mar chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Sláinte

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas cuimsitheach taistil a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n‑áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaínithe

Fiosraigh faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ar a laghad ocht seachtaine roimh do thuras. Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit ar vacsaíní, ach is féidir leat eolas a fháil ar vacsaíní ó do dhochtúir ginearálta áitiúil nó ó Ionad Sláinte agus Taistil Idirnáisiúnta.

D’fhéadfadh fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) a bheith riachtanach le dul isteach i roinnt tíortha.

Cógas

Cinntigh go dtógfar a dhóthain cógais leat do do thuras ar fad agus do mhoill ar bith nach mbeifear ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Eolas Breise

Eolas Breise

Eolas Breise

Pasanna

Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chuig Buircíne Fasó agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, is féidir linn cabhair a thabhairt duit.

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  • Cáipéis taistil éigeandála a chur ar fáil duit le go mbeidh tú in ann dul abhaile;
  • Más gá, comhairle a thabhairt duit maidir le hiarratas a dhéanamh ar phas nua.

Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní chuirfimid doiciméid taistil ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní.

Déanaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh tapa agus is féidir linn ach seans go dtógfaidh sé tamall. Tá seans go rachaidh an áit ina bhfuil tú agus do chuid cúinsí i bhfeidhm ar an gcabhair is féidir linn a chur ar fáil. Féadfaidh castachtaí breise a bheith ann i bpróiseáil iarratais le haghaidh pas nua toisc nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht ag Éirinn i mBuircíne Fasó.

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire duit chun a fháil amach cad ba chóir duit a dhéanamh chun pas nua a fháil. Beidh siad in ann comhairle a thabhairt duit maidir leis na táillí a bhíonn i gceist.

Treoir an Aontais Eorpaigh ar Chosaint Chonsalach

Faoi Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Cosaint Chonsalach, d’fhéadfadh náisiúnaigh Éireannacha cabhair a iarraidh ó Ambasáid nó Consalacht d’aon bhallstát eile an Aontais i dtír nach bhfuil Ambasáid na hÉireann nó ionadaíocht bhuan ar Éirinn ann, lena n-áirítear Sead.

Embassy contact

Embassy Contact

Irish citizens who require urgent assistance while the Embassy is closed can contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs on +353 1 408 2000.

The Duty Officer will refer the matter to the nearest Embassy, located in Abuja.

Embassy of Ireland
11 Negro Crescent
Maitama District
Abuja
Nigeria

Tel: +234 9 462 1080
Fax: +234 9 4131805

Monday to Friday 9am to 4pm

Contact us