Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Camarún, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Camarún

Má tá tú ag taisteal go Camarún, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Seachain Taisteal Neamhriachtanach

Foláireamh Taistil is Déanaí

Tugaimid comhairle in aghaidh aon taisteal neamhriachtanach chuig tuaisceart, oirthear agus iarthar na tíre. Tá cúrsaí slándála sna réigiúin sin an-chontúirteach, agus féadfar nach mbeimid in ann ach cabhair teoranta a chur ar fáil má thagann deacrachtaí romhat. 

Taisteal chun Camarún

Is gá do gach paisinéir atá 5 bliana d’aois agus níos sine fianaise a chur ar fáil (i bhfoirm PDF) de thástáil dhiúltach ar PCR COVID-19, tástáil a tógadh ar a laghad 72 uair a chloig roimh bhordáil d’eitilt chun Camarún.

Ní mór do gach taistealaí atá ag teacht isteach i gCamarún mearthástáil COVID-19 a dhéanamh ar theacht isteach dóibh in aerfoirt idirnáisiúnta Yaoaundé agus Douala. Tá na tástálacha seo éigeantach agus saor in aisce. Tabharfar na torthaí ar ais agus na paisinéirí san aerfort.

Ní mór do gach paisinéir atá ag fágáil chríocha an Chamarún toradh dhiúltach ar mhearthástáil PCR a thaispeáint san aerfort ón 72 uair a chloig deireanach. Moltar tástáil ina dtaispeántar cód QR.

Ba cheart duit cloí le bearta scagtha breise a chuireann na húdaráis i bhfeidhm. Coimeád cothrom le dáta le heolas ó do chomhlacht taistil, iompar, nó soláthraí lóistín ar an tionchar ar aon phleananna taistil atá ann faoi láthair. D’fhéadfadh rialacháin rialtais an Chamarún ar cheanglais iontrála a athrú ar gearrfhógra. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le húdaráis/le hambasáid an Chamarún le haghaidh eolas atá cothrom le dáta. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Aireachta Sláinte an Chamarún chun tuilleadh eolais a fháil: https://www.minsante.cm/site/?q=en

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sceimhlitheoireacht

Tá grúpaí sceimhlitheoireachta gníomhacha i dTuaisceart na tíre, agus riosca ard ionsaithe in áiteanna poiblí do shaoránaigh de chuid an Iarthair chomh maith le fuadaigh na saoránach céanna.

Cúrsaí Polaitiúla

Ón mbliain 2016, tá coinbhleacht ann idir fórsaí slándála agus scarúnaithe armtha sna réigiúin Siar ó Thuaidh agus Siar ó Dheas, réigiúin ina maraíodh nó ina athlonnaíodh go leor saoránach.

Réigiúin na teorann

Bíonn cásanna foréigneacha ann ar theorainn soir Chamarún go rialta, áit a bhfuil roinnt mhaith teifeach ann ó Phoblacht na hAfraice Láir.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaíní

Molann rialtas Phoblacht an Chamarún go mbíonn gach taistealaí chun Camarún vacsaínithe in aghaidh polaimiailítis.

Fiafraigh de do dhochtúir ar a laghad ocht seachtaine sula dtaistealóidh tú má theastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh an Chamarún.

Cógas

Cinntigh go dtugann tú do dhóthain cógas leat d’fhad an turais, agus cógais bhreise ar eagla go mbeadh moilleanna nach mbeifeá ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Muna bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála don tír seo, lena n-áirítear víosa agus aon eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le hAmbasáid nó Consalacht na tíre is cóngaraí.

D’fhéadfá cé chomh fada nár mór do do phas a bheith bailí a sheiceáil leo chomh maith.

Pasanna

Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chun Camarún agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, is féidir linn cabhair a thabhairt duit. Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní cuirfimid doiciméid taistil nua ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  • Cáipéis taistil éigeandála le go mbeidh tú in ann dul abhaile
  • Más gá, comhairle agus cabhair a thabhairt duit chun iarratas a dhéanamh ar phas nua

Déanaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh tapa agus is féidir linn ach seans go dtógfaidh sé tamall. Tá seans go rachaidh an áit ina bhfuil tú agus do chuid cúinsí i bhfeidhm ar an gcabhair is féidir linn a chur ar fáil. Féadfaidh castachtaí breise a bheith ann i bpróiseáil iarratais le haghaidh doiciméad taistil nua de thoradh nach bhfuil Ambasáid nó Consalacht ag Éirinn i gCamarún.

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid Éireannach Abuja sa Nigéir chun a fháil amach cad is gá duit a dhéanamh chun doiciméad taistil nua a fháil. pas.

 

Embassy contact

Embassy Contact

Irish citizens who require urgent assistance while the Embassy is closed can contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs on +353 1 408 2000.

The Duty Officer will refer the matter to the Embassy.

Embassy of Ireland
11 Negro Crescent
Maitama District
Abuja
Nigeria

Tel: +234 9 462 1080
Fax: + 234 9 4131805

Monday to Thursday 9am to 4pm, Friday 9am to 12pm

Contact us