Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Ceanada, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Ceanada

Má tá tú ag taisteal go Ceanada, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chuig Ceanada

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chuig Ceanada ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint, ná Foirm Aimsithe Paisinéirí a chomhlánú.

Ag Fágáil Ceanada

Ní theastaíonn cruthúnas maidir le vacsaíniú COVID-19 a thuilleadh agus tú ag dul ar bord traenach nó eitleáin i gCeanada.

Má tá tú i gCeanada ba cheart duit súil a choinneáil ar fhorbairtí go rialta agus comhairle ó na húdaráis áitiúla a leanúint. Féach ar na suíomhanna gréasáin ábhartha thíos.

Sonraí Teagmhála na nÚdarás Sláinte Phoiblí

Comhairle Taistil Ghnóthaí Domhanda Cheanada

Sláinte Ceanada

Comhairle Taistil Ghinearálta 

Cuirimid an tábhacht a bhaineann le cloí le téarmaí agus coinníollacha do víosa Ceanadach i gcuimhne do chuairteoirí Éireannacha. Beidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin.

FÓGRA TÁBHACHTACH: RIACHTANAS LE hAGHAIDH NÁISIÚNAIGH CHOIGRÍCHE ATÁ DÍOLMHAITHE Ó VÍOSA ATÁ AG TAISTEAL CHUIG CEANADA

Tugadh riachtanas iontrála maidir le Cead Taistil Leictreonach (eTA) isteach i gCeanada le haghaidh Náisiúnaigh Choigríche atá díolmhaithe ó víosa atá ag eitilt chuig Ceanada nó atá ag taisteal trí Cheanada. Is gá do phaisinéirí nach bhfuil víosa de dhíth orthu chun eitilt chuig Ceanada cur isteach ar eTA.  Áirítear paisinéirí a thaistealaíonn ar phas Éireannach leis seo.

Is próiseas simplí neamhchostasach ($7 Ceanadach) atá i gceist le cur isteach ar eTA agus glacann sé cúpla nóiméad lena dhéanamh. Le cur isteach air, caithfidh paisinéirí pas bailí, cárta creidmheasa, agus seoladh ríomhphoist a bheith acu. Bíonn eTA ceangailte go leictreonach le pas paisinéara agus nuair a fhaomhtar é bíonn sé bailí ar feadh 5 bliana nó go dtí go n-éagfaidh an pas.

Ba chóir do phaisinéirí a thagann chuig an aerfort gan eTA a bheith ag súil le moill ar a gcuid taistil, agus seans nach ligfear dóibh dul ar bord a n-eitilt. Dá bhrí sin, ba cheart do phaisinéirí cur isteach ar eTA sula gcuirfidh siad a n-eitilt in áirithint.

Chun teacht ar níos mó eolais nó chun cur isteach ar eTA, tabhair cuairt ar an nasc seo a leanas: https://www.canada.ca/en/immigration-refugees-citizenship/services/visit-canada/eta/apply.html

Tabhair faoi deara:

  • Bí airdeallach ar shuíomhanna gréasáin sceamála a deir go bpróiseálann siad eTAnna. Is é an suíomh gréasáin a bhfuil nasc chuige thuas an t-aon fhíorcheann.
  • De bharr go bpróiseáiltear eTAnna ar chóras iata ar líne, ní bheidh an Ambasáid inniúil idirghabháil a dhéanamh má bhíonn aon mhoill nó earráid le d’iarratas eTA. Tá an fhreagracht ar shaoránaigh a n-iarratais a líonadh go cuí agus go leor ama a thabhairt dóibh féin cur isteach ar eTA sula dtaistealaíonn siad.

Déshaoránaigh Éireannacha-Ceanadacha, tabhair aird ar leith air seo:

Ní féidir le déshaoránaigh, a bhfuil saoránacht Cheanadach agus saoránacht ó thír ar nós Éireann atá díolmhaithe ó víosaí cur isteach ar eTA de bharr gur bunaíodh eTA ar mhaithe le cuairteoirí eachtracha a scagadh i dtaobh cead dul isteach i gCeanada.

Má déshaoránach Éireannach-Ceanadach tú ní féidir leat cur isteach ar eTA le do phas Éireannach agus caithfidh tú dul isteach i gCeanada ar phas Ceanadach bailí. Seans go ndiúltófaí duit dul ar bord má dhéanann tú iarracht taisteal agus do phas Éireannach á úsáid agat. 

Chun ullmhú i gcomhair na n-athruithe seo, moltar go láidir do dhéshaoránaigh iarratas a dhéanamh ar phas Ceanadach. Seachnóidh sé seo moill agus iad ag taisteal agus cabhróidh sé a chinntiú go gcaitear le déshaoránaigh Cheanadacha de réir na rialacha a bhaineann le Saoránaigh Cheanadacha. 

Tabhair faoi deara:  Toisc go nglacann sé roinnt ama pas Ceanadach a fháil, molann IRCC do shaoránaigh Cheanadacha, lena n-áirítear déshaoránaigh, athbhreithniú a dhéanamh ar na cáipéisí seo nó iad a fháil a luaithe agus gur féidir leo agus sula dtagann deireadh leis an tréimhse thrócaire. Faigh tuilleadh eolais maidir le cáipéisí taistil le haghaidh déshaoránaigh Cheanadacha atá ag eitilt chuig Ceanada.  

Saoránaigh Éireannacha a bhfuil buanchónaí orthu i gCeanada tabhair aird ar leith air seo:

Níl daoine a bhfuil buanchónaí orthu i gCeanada incháilithe cur isteach ar eTA. Caithfidh daoine a bhfuil gnáthchónaí orthu i gCeanada cárta buanchónaitheora (PR) nó Cáipéis Taistil Buanchónaitheora (PRTD) a iompar leo agus é a thaispeáint agus iad ad dul ar bord eitilte chuig Ceanada nó agus iad ag taisteal chuig Ceanada ar aon iompróir tráchtála eile.

Má théann do chárta buanchónaitheora in éag, chiallaíonn sé gur chaill tú stádas buanchónaitheora, mar sin féin is ort féin atá an fhreagracht cur isteach ar chárta buanchónaitheora nua nuair a théann do chárta reatha in éag. Más gá duit do chárta buanchónaitheora a athnuachan nó ceann nua a fháil, bí cinnte réamhphleanáil a dhéanamh agusseiceáil na tréimhsí próiseála.

Má chónaigh tú lasmuigh de Cheanada ar feadh tamaill mhaith de bhlianta agus nach bhfuil tú cinnte an buanchónaitheoir de chuid Ceanada atá ionat fós, féach “Cén fhad a chaithfidh mé fanacht i gCeanada chun mo stádas buanchónaitheora a choimeád“ chun athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí maidir le riachtanais chónaitheachta.  

Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin.

Tugtar eolas úsáideach inár dtreoirlínte um chúnamh éigeandála.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht i gCeanada íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal i gCeanada ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Mar atá in aon tír, níl coireanna mar mhugáil, goid málaí agus peasghadaíocht neamhchoitianta i gcathracha agus i mbailte i gCeanada. Mar sin féin, bíonn formhór na gcuairteanna ar Cheanada saor ó thrioblóid.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i gCeanada, cuir in iúl do na póilíní láithreach é agus faigh tuairisc ó na póilíní.  Teastóidh sé sin uait má tá dhéanann tú iarratas ar phas athsholáthair nó éileamh árachais. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann in Ottawa má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i gCeanada, bí eolach go mbíonn carranna ar thaobh na láimhe deise den bhóthar, ach seachas sin tá coinníollacha sábháilteachta bóthair mórán mar a chéile le hÉirinn.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Cheanada, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Stoirmeacha toirní

Tarlaíonn stoirmeacha toirní samhraidh sách minic sa chuid is mó de Cheanada, agus éiríonn roinnt díobh an-chontúirteach agus d’fhéadfaidís daoine a mharú.

Tornádónna

Is ó Bhealtaine go Meán Fómhair na míonna is mó ina dtarlaíonn tornádónna, agus is é an buaicshéasúr mí an Mheithimh agus tús Iúil i ndeisceart Ontario, Alberta, oirdheisceart Quebec, agus stráice a théann ó dheisceart Saskatchewan agus Manitoba go Thunder Bay. Is criosanna tornádónna freisin iad codanna intíre British Columbia agus iarthar New Brunswick. Éist le feasacháin aimsire áitiúla, go háirithe má tá tú ag campáil nó ag taisteal in RV (feithicil áineasa).

Dóiteáin foraoise

Ba chóir duit a bheith eolach go bhféadfaidh dóiteáin foraoise briseadh amach ag am ar bith, gan aird ar shéasúr. Tabhair aird ar fholáirimh áitiúla agus déan monatóireacht ar fheasacháin nuachta do na mionsonraí is déanaí maidir le dóiteáin a bhriseann amach go háitiúil.

Embassy contact

Embassy Contact

If you need urgent assistance outside of working hours Monday to Friday, you can contact the Embassy on +1 613 769 0014.

Embassy of Ireland
Suite 1105 (11th Floor)
130 Albert Street
Ottawa
Ontario K1P 5G4
Canada

Tel: +1 613 233 6281

Monday to Friday 10am to 12pm and 2pm to 4pm.

Contact us

Consulate Contact

Please note, the Consulate General is currently open to the public by appointment only. Phone lines are open 9.30am to 12.30pm, Monday to Friday.

Consulate General of Ireland, Toronto
Spaces at The Permanent,
320 Bay Street,
Toronto, Ontario M5H4A6,
Canada
Ph: +1 437 290 6315

Tel: +1 437 290 6315

Consulate Contact

Consulate General of Ireland, Vancouver
1300-1095 West Pender Street
Vancouver, B.C.
V6E 2M6
Canada

Tel: +1 236 521 7300

Contact us

Honorary Consulate Contact

Alberta (south of Red Deer)

Honorary Consul (Community, Cultural and Consular)
Deirdre Halferty
215 Glamorgan Place SW
Calgary,
Alberta
T3E 5B9

Tel: +1 403 813 5337

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Mr. Mark Dobbin
Honorary Consul of Ireland
95 Water Street, 2nd Floor
P.O. Box 5383, Stn. C
St. John's, NL A1C 5W2
Canada

Tel: +1 709 738 6280

Email: Email us

Honorary Consulate Contact

Mr. Brian Doherty,
Honorary Consul of Ireland,
5136 Prince St.,
Halifax,
Nova Scotia
Canada B3J 1L4

Tel: 902 800 2064

Email: Email us